Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

17 Feabhra 2020 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 20 Feabhra 2020. Tairgfidh GBCN €500 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta séú mhí acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 20 Feabhra 2020:

  • Méid an Cheant: €500 milliún
  • Tréimhse Aibíochta: 24 Lúnasa 2020
  • Cód ISIN: IE00BKFVC451
  • Osclófar an ceant ag: 09:00 a.m.
  • Dúnfar an ceant ag: 10:00 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 24 Feabhra 2020

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 20 Feabhra 2020 ag 4 p.m.

Nuacht
3 September 2026

Díolann Éire luach €1.25 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2032 agus 2035 ag ceant

níos mó
31 August 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 3 Meán Fómhair 2026

níos mó
21 July 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2026

níos mó
6 July 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Iúil 2026

níos mó
1 July 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2026

níos mó
11 May 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Bealtaine 2026

níos mó