Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

12 Aibreán 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 15 Aibreán 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta sé mhí dhéag acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 15 Aibreán 2021:

Méid an Cheant: €750 milliún

Tréimhse Aibíochta: 25 Deireadh Fómhair

Cód ISIN: IE00BMQ5JP04

Osclófar an ceant ag: 09:00a.m.

Dúnfar an ceant ag: 10:00a.m.

Dáta Íocaíochta: 19 Aibréan 2021

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 15 Aibréan ag 4:00p.m.

Nuacht
15 September 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2026

níos mó
3 September 2026

Díolann Éire luach €1.25 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2032 agus 2035 ag ceant

níos mó
31 August 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 3 Meán Fómhair 2026

níos mó
21 July 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2026

níos mó
6 July 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Iúil 2026

níos mó
1 July 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2026

níos mó