Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 10 Bealtaine 2018

8 Bealtaine 2018 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 10 Bealtaine 2018. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

  • Bannaí a bheidh á gceantáil: 0.0% Banna Státchiste 2022 agus 0.9% Banna Státchiste 2028
  • Méid an cheant: €1,000 milliún
  • Osclófar an ceant: 8:00a.m.
  • Dúnfar an ceant: 10:00 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 14 Bealtaine 2018

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10:00 a.m. Dé Luan, 14 Bealtaine 2018.