Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2037 ag ceant
20 Márta 2025 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar cheant €1 bhilliún de bhannaí tagarmhairc Rialtas na hÉireann, 2.6% Banna Státchiste 2034 agus 1.7% Banna Státchiste 2037.
Is iad seo a leanas na sonraí:
Banna  | 
 Aibíocht  | 
 Méid (milliún)  | 
 Toradh  | 
 Tairiscintí a fuarthas (milliún)  | 
 Clúdach  | 
 
2.6% Banna Státchiste 2034  | 
 18 Deireadh Fómhair 2034  | 
 550  | 
 3.038%  | 
 1,221  | 
 2.22  | 
 
1.7% Banna Státchiste 2037  | 
 18 Bealtaine 2037  | 
 450  | 
 3.213%  | 
 1,057  | 
 2.35  | 
 
I ndiaidh cheant an lae inniu, tá €4.0 bhilliún de bhannaí tagarmhairc eisithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in 2025.