Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2043 ag ceant
21 Márta 2024 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar cheant €1 bhilliún de bhannaí tagarmhairc Rialtas na hÉireann, 2.6% Banna Státchiste 2034 agus 3.0% Banna Státchiste 2043.
Is iad seo a leanas na sonraí:
Banna  | 
 Aibíocht  | 
 Méid (milliún)  | 
 Toradh  | 
 Tairiscintí a fuarthas (milliún)  | 
 Clúdach  | 
 
2.6% Banna Státchiste 2034  | 
 18 Deireadh Fómhair 2034  | 
 500  | 
 2.749%  | 
 1,148  | 
 2.30  | 
 
3.0% Banna Státchiste 2043  | 
 18 Deireadh Fómhair 2043  | 
 500  | 
 2.949%  | 
 760  | 
 1.52  | 
 
I ndiaidh cheant an lae inniu, tá €4.0 bhilliún de bhannaí tagarmhairc eisithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in 2024.