Díolann Éire luach €750 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
20 Bealtaine 2021 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €750 milliún.
B’fhiú €1.56 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 2.1 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta cúig mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.605%
| Aibíocht | Méid | Toradh | Clúdach | 
| 25 Deireadh Fómhair 2021 | €750 milliún | -0.605% | 2.1 |