Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

11 Márta 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 14 Márta 2019. Tairgfidh GBCN €500 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta dhá mhí dhéag acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 14 Márta 2019:

  • Méid an Cheant: €500 milliún
  • Tréimhse Aibíochta: 16 Márta 2020
  • Cód ISIN: IE00BH3SQ903
  • Osclófar an ceant ag: 09:00 a.m.
  • Dúnfar an ceant ag: 10 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 18 Márta 2019

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 14 Márta 2019 ag 4 p.m.

Nuacht
6 Deireadh Fómhair 2025

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Deireadh Fómhair 2025

níos mó
1 Deireadh Fómhair 2025

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 4, 2025

níos mó
26 Meán Fómhair 2025

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2025

níos mó
11 Meán Fómhair 2025

Díolann Éire luach €1.5 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2043 ag ceant

níos mó
8 Meán Fómhair 2025

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 11 Meán Fómhair 2025

níos mó
29 Iúil 2025

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2025

níos mó