Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

7 Nollaig 2020 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 10 Nollaig 2020. Tairgfidh GBCN €750 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta dhá mhí dhéag acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 10 Nollaig 2020:

  • Méid an Cheant: €750 milliún
  • Tréimhse Aibíochta: 21 Meitheamh 2021
  • Cód ISIN: IE00BMQ5JK58
  • Osclófar an ceant ag: 09:00am
  • Dúnfar an ceant ag: 10:00am
  • Dáta Íocaíochta: 14 Nollaig 2020

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe. Liostófar Billí ar Stocmhalartán na hÉireann agus beidh Príomhdhéileálaithe faoi réir gnáthoibleagáidí tuairiscithe chuig an Malartán.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 10 Nollaig 2020 ag 4pm.

Nuacht
3 September 2026

Díolann Éire luach €1.25 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2032 agus 2035 ag ceant

níos mó
31 August 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 3 Meán Fómhair 2026

níos mó
21 July 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2026

níos mó
6 July 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Iúil 2026

níos mó
1 July 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2026

níos mó
11 May 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Bealtaine 2026

níos mó