Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

17 Bealtaine 2021 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, an 20 Bealtaine 2021. Tairgfidh GBCN €750 milliún de Bhillí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta cúig mí acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar an 20 Bealtaine:

Méid an Cheant: €750 milliún

Aibíocht: 25 Deireadh Fómhair 2021

Cód ISIN: IE00BMQ5JP04

Osclófar an ceant ag: 9.00am

Dúnfar an ceant ag: 10.00am

Dáta Íocaíochta: 24 Bealtaine 2021

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe. Liostófar Billí ar Stocmhalartán na hÉireann agus beidh Príomhdhéileálaithe faoi réir gnáthoibleagáidí tuairiscithe chuig an Malartán.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin, an 20 Bealtaine ag 4pm.

Nuacht
15 September 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2026

níos mó
3 September 2026

Díolann Éire luach €1.25 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2032 agus 2035 ag ceant

níos mó
31 August 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 3 Meán Fómhair 2026

níos mó
21 July 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2026

níos mó
6 July 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Iúil 2026

níos mó
1 July 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2026

níos mó