Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 11 Meán Fómhair 2025
8 Meán Fómhair 2025 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 11 Meán Fómhair 2025.
Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
Bannaí a bheidh á gceantáil: |
2.6% Banna Státchiste 2034 agus 3% Banna Státchiste 2043 |
Méid an cheant: |
€1,000 milliún go €1,500 milliún |
Osclófar an ceant: |
8.00am |
Dúnfar an ceant: |
10.00am |
Dáta Íocaíochta: |
15 Meán Fómhair 2025 |
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain, an 15 Meán Fómhair 2025.