Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 8 Meitheamh 2023
6 Meitheamh 2023 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 8 Meitheamh 2023. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
Bannaí a bheidh á gceantáil:  | 1.3% Banna Státchiste 2033 agus 1.5% Banna Státchiste 2050 | 
Méid an cheant:  | €1,000 milliún go €1,250 milliún  | 
Osclófar an ceant:  | 8.00am  | 
Dúnfar an ceant:  | 10.00am  | 
Dáta Íocaíochta:  | 
 12 Meitheamh 2023  | 
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain , an 12 Meitheamh 2023.