Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Bealtaine 2024
7 Bealtaine 2024 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 9 Bealtaine 2024. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.
Is iad seo a leanas sonraí an cheant:
Bannaí a bheidh á gceantáil:  | 
 2.6% Banna Státchiste 2034 agus 0.55% Banna Státchiste 2041  | 
 
Méid an cheant:  | 
 €1,000 milliún  | 
 
Osclófar an ceant:  | 
 8.00am  | 
 
Dúnfar an ceant:  | 
 10.00am  | 
 
Dáta Íocaíochta:  | 
 13 Bealtaine 2023  | 
 
Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.
Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain, an 13 Bealtaine 2024.