Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Iúil 2026

6 Iúil 2026 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 9 Iúil 2026.

Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant. Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

Bannaí a bheidh á gceantáil:

3.1% Banna Státchiste 2036 agus 3.15% Banna Státchiste 2055

Méid an cheant:

€1,000 milliún go €1,250 milliún

Osclófar an ceant:

8.00am

Dúnfar an ceant:

10.00am

Dáta Íocaíochta:

13 Iúil 2026

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10am Dé Luain, an 13 Iúil 2026.

Nuacht
3 September 2026

Díolann Éire luach €1.25 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2032 agus 2035 ag ceant

níos mó
31 August 2026

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 3 Meán Fómhair 2026

níos mó
21 July 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Iúil 2026

níos mó
1 July 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 3, 2026

níos mó
11 May 2026

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Bealtaine 2026

níos mó
1 April 2026

Sceideal Ceantanna GBCN do Ráithe 2, 2026

níos mó