Díolann Éire luach €1.5 billiún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2026, 2031 agus 2035 ag ceant
08 Iúil 2021 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar cheant €1.5 billiún de bhannaí tagarmhairc Rialtas na hÉireann, 1.0% Banna Státchiste 2026, 0% Banna Státchiste 2031 agus 0.4% Banna Státchiste 2035.
Is iad seo a leanas na sonraí:
Banna  | 
 Aibíocht  | 
 Méid  | 
 Toradh  | 
 Tairiscintí a fuarthas  | 
 Clúdach  | 
 
1.0% Banna Státchiste 2026  | 
 15 Bealtaine 2026  | 
 450 milliún  | 
 -0.494%  | 
 1,146 milliún  | 
 2.55  | 
 
0% Banna Státchiste 2031  | 
 18 Deireadh Fómhair 2031  | 
 500 milliún  | 
 0.040%  | 
 1,147 milliún  | 
 2.29  | 
 
| 0.4% Banna Státchiste 2035 | 15 Bealtaine 2035 | 550 milliún | 0.267 | 874 milliún | 1.59  | 
I ndiaidh cheant an lae inniu, tá €14.75 billiún de bhannaí tagarmhairc eisithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in 2021.