Díolann Éire luach €750 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
15 Iúil 2021 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €750 milliún.
B’fhiú €1.6 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 2.1 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta 5 mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.62%.
| 
  Aibíocht  | 
 
  Méid  | 
 
  Toradh  | 
 
  Clúdach  | 
 
| 
  20 Nollaig 2021  | 
 
  €750 milliún  | 
 
  -0.62%  | 
 
  2.1  |