Díolann Éire luach €750 milliún de Bhillí Státchiste ag ceant
16 Meán Fómhair 2021 - Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar ceant Bhillí Státchiste na hÉireann inar díoladh an spriocmhéid, €750 milliún.
B’fhiú €1.83 billiún iomlán na dtairiscintí a fuarthas, figiúr a bhí 2.4 uair níos mó ná an méid a bhí á thairiscint. Tá tréimhse aibíochta 5 mhí ag na Billí Státchiste agus díoladh iad ar thoradh -0.64%.
Aibíocht  | Méid  | Toradh  | Clúdach  | 
21 Feabhra 2022  | €750 milliún  | -0.64%  | 2.4  |