Rochtain ar Eolas

Tá oibleagáidí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (An “tAcht um SF”) Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Eolas faoin Timpeallacht) 2007 agus an reachtaíocht ar Chosaint Sonraí, an Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 ag an Ghníomhaireacht Bhainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN).

Sa chuid seo, gheobhaidh tú eolas a bhaineann leis an reachtaíocht thuas, cosúil le conas a oibríonn é agus conas a bhaineann sé leis an GBCN, chomh maith le sonraí ar conas teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht má tharlaíonn sé go mbeidh iarratas le déanamh agat de bhun na reachtaíochta thuas.

Tá Scéim Fhoilsitheoireachta ar Shaoráil Faisnéise sa chuid seo,le haidhmeanna eolas atá ar fáil go poiblí a rochtain ar bhealach níos eascaí trí limistéar ainmnithe a chur ar fáil, de 6 páirt difriúla, le sonraí faoin eagraíocht. Laistigh den scéim seo gheobhaidh tú réimse leathan sonraí faoin GBCN agus is féidir le seo a bheith úsáideach do bhaill den phobail atá ag lorg eolais ar an GBCN gan iarratas a dhéanamh faoin Acht um SF.