Saoráil Faisnéise

Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar an 14 Deireadh Fómhair 2014. Foráiltear san Acht sin go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine:

– ceart rochtana ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí Saorála Faisnéise (mar a shainmhínítear san Acht um Shaoráil Faisnéise iad);

– an ceart go gceartófaí nó go dtabharfaí cothrom le dáta faisnéis phearsanta maidir leo atá i seilbh comhlacht saorála faisnéise má bhíonn an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach; agus

– an ceart go dtabharfaí cúiseanna dóibh le cinntí a ghlac comhlachtaí saorála faisnéise agus a théann i bhfeidhm orthu.

Bhí feidhm leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do GBCN ón 14 Aibreán 2015. Ón dáta sin amach is féidir leis an bpobal rochtain ar na taifid seo a leanas atá i seilbh GBCN a lorg:

– taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta maidir leo cuma cén uair a cruthaíodh an taifead; agus

– taifid eile a cruthaíodh ar an 21 Aibreán 2008 nó ina dhiaidh sin

Is féidir teacht ar an Acht um Shaoráil Faisnéise ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Má tá tuilleadh eolais maidir le Saoráil Faisnéise uait i mBéarla, cliceáil anseo le do thoil.

D’fhonn d’iarratas a phróiseáil b’fhéidir go n-iarrfar ort roinnt faisnéise pearsanta a sholáthar don aonad um Shaoráil Faisnéise sa Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta de réir mar a cheanglaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise. Déanfaidh an t-aonad um Shaoráil Faisnéise an fhaisnéis seo a bhainistiú de réir Ráiteas Cosanta Sonraí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta agus is féidir leat tuilleadh faisnéise ina leith seo a fháil anseo.

.....

Teagmháil

Iarrataí Saorála Faisnéise

An tAonad Saorála Faisnéise,
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8
Guthán: 01 238 5050
Ríomhphost: foi@ntma.ie

Iarrataí maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

An tAonad um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol,
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8
Guthán: 01 238 5050
Ríomhphost: aie@ntma.ie

Ceisteanna ó na meáin

Is é Gordon MRM a reáchtálann preasoifig GBCN.

Más iriseoir thú agus má tá ceist agat faoi GBCN (lena n-áirítear an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus NewERA), seol ríomhphost chuig foireann na preasoifige ag ntma@gordonmrm.ie

Ceisteanna ginearálta

Má tá ceist ghinearálta agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn ag:

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8
Guthán: +353 1 238 4000
Ríomhphost: info@ntma.ie

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta
Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8
Guthán: +353 1 238 4000
Ríomhphost: info@ndfa.ie

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
Duga an Státchiste, Cé an Phoirt Thuaidh
Baile Átha Cliath 1, D01 A9T8
Guthán: +353 1 238 4900
Ríomhphost: stateclaims@ntma.ie