Comhlachtaí ainmnithe RÉnua

Seo thíos roinnt eolais faoi na comhlachtaí ainmnithe a mbíonn RÉnua ag déileáil leo.

  • Aerloingseoireacht Éireann
    • Cuireann AirNav Ireland seirbhísí aerloingseoireachta ar fáil ar fud na hÉireann agus an Atlantaigh Thuaidh. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Seirbhísí bainistíochta aerthráchta a sholáthar in aerspás atá faoi smacht na hÉireann agus ag príomhaerfoirt an Stáit.
      • Cumarsáid ghutha ardmhinicíochta a sholáthar d'aerárthaí a eitlíonn thar an aigéan Atlantach thoir thuaidh.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh AirNav Ireland.

  • An Post
    • Cuireann An Post seirbhísí poist, dáileacháin agus airgeadais ar fáil. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Poist agus Beartáin: Oibríocht sheirbhísí náisiúnta poist na hÉireann, lena n-áirítear seirbhís poist uilíoch, lena mbaineann soláthar seirbhís poist gach lae oibre do gach teaghlach/áitreabh sa Stát chomh maith le seirbhísiú a dhéanamh ar an bhfás leanúnach sa ríomhthráchtáil.
      • Miondíol: Freagrach as líonra miondíola náisiúnta na n-oifigí poist, lena n-áirítear seirbhísí leas sóisialta agus coigiltis agus táirgí seirbhísí airgeadais eile a sholáthar.
      • Eile: Feidhmíonn sé freisin trí chomhlachtaí fochuideachta agus comhfhiontair éagsúla (m.sh., An Post Insurance, Air Business).

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín An Post.

  • Bord na Móna
    • Bunaíodh Bord na Móna ar dtús chun tailte portaigh a bhainistiú agus a fhorbairt thar ceann an Stáit, ach tá sé ag aistriú anois ina chomhlacht réitigh aeráide. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Fuinneamh In-athnuaite: Forbraíonn agus oibríonn punann sócmhainní fuinneamh in-athnuaite an Ghrúpa.
      • Talamh agus Gnáthóga: An banc talún 80k heicteár a bhainistiú, scéim gníomhaithe aeráide an phortaigh a sheachadadh agus áiseanna poiblí Bhord na Móna a oibriú agus a fhorbairt.
      • Athchúrsáil: Seirbhís bailithe dramhaíl neamhghuaiseach tí agus tráchtála a chur ar fáil.
      • Gnó Nua: Réitigh aeráide a sheachadadh trí chomhpháirtíochtaí le tríú páirtithe.
      • Táirgí Tomhaltóirí: An t-aistriú ó mhóin a thabhairt chun críche trí tháirgí inbhuanaithe téimh bhaile a fhorbairt.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Bhord na Móna.

  • Bus Átha Cliath (BÁC)
    • Tá BÁC ar cheann de thrí fhochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann (CIÉ). Is iad seo a leanas príomhghníomhaíochtaí BÁC:

      • Seirbhísí bus a sholáthar do chathair Bhaile Átha Cliath agus do na ceantair máguaird.
      • Seirbhísí bus Oibleagáide Seirbhís Phoiblí (OSP) a oibriú i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath faoi chonradh seirbhísí leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI).

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín BÁC.

  • Bus Éireann (BÉ)
    • Tá BÉ ar cheann de thrí fhochuideachta de chuid CIÉ a sholáthraíonn seirbhísí iompair bus ar fud na hÉireann.

      I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Seirbhísí bus OSP cathrach, baile, áitiúla agus comaitéireachta, faoi chonradh leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
      • Seirbhísí iompair scoile, thar ceann na Roinne Oideachais.
      • Seirbhísí tráchtála, lena n-áirítear bealaí bus Expressway agus fruiliú bus coimhdeach.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín BÉ.

  • CIÉ
    • Is é CIÉ an príomhsholáthraí seirbhísí iompair poiblí bus agus iarnróid agus seirbhísí lastais iarnróid in Éirinn trína thrí fhochuideachta oibriúcháin: BÁC, BÉ agus Iarnród Éireann (IÉ). Cuireann CIÉ treoir straitéiseach agus comhordú ar fáil don ghrúpa foriomlán. Is le CIÉ freisin Turais Idirnáisiúnta CIÉ a chuireann chun cinn agus a dhíolann laethanta saoire turas cóiste na hÉireann.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín CIÉ.

  • Coillte
    • Bainistíonn Coillte foraoisí an Stáit trí thrí phríomhghnó. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Foraois Coillte: Bainistíonn sé an oibríocht foraoiseachta lárnach atá freagrach as an 440,000 heicteár atá faoi bhainistíocht lena n-áirítear plandú, fás, cosaint, baint agus soláthar taitneamhachtaí áineasa.
      • Medite Smartply: Déantúsaíocht táirgí adhmaid inbhuanaithe, ag onnmhairiú chuig níos mó ná 30 tír eile ar fud an domhain.
      • Réitigh Talún: Soláthraíonn sé réitigh talún tráchtála a bharrfheabhsaíonn úsáid talún agus a thacaíonn le seachadadh bheartais an Rialtais i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite agus bonneagar.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Coillte.

  • daa
    • Is grúpa miondíola aerfoirt agus taistil é daa. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Aerfoirt: is leis agus oibríonn sé an dá aerfort is mó in Éirinn, i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.
      • Miondíol: gníomhaíochtaí miondíola aerfoirt in Éirinn agus in 14 thír eile.
      • Eile: infheistíochtaí i dtrí aerfort Eorpacha (Aerfort Düsseldorf sa Ghearmáin, Aerfort Larnaka agus Aerfort Pafos, sa Chipir araon) agus soláthraíonn sé seirbhísí comhairleacha agus bainistíochta aerfoirt do chliaint ar fud an domhain.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an DAA.

  • Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath
    • Rangaítear Calafort Bhaile Átha Cliath mar chalafort Leibhéal 1 de réir an Bheartais Náisiúnta Calafoirt 2013 agus mar chalafort lárnach/cuimsitheach i nGréasán Tras-Eorpach Iompair an AE.

      Is iad na príomhfheidhmeanna giniúna ioncaim atá aige dleachtanna calafoirt a shocrú agus a bhailiú agus tailte agus bonneagar calafoirt a léasú d'oibreoirí na hearnála príobháidí.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath.

  • EirGrid
    • Is é EirGrid oibreoir agus forbróir líonra tarchurtha leictreachais na hÉireann. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Oibreoir Córais Tarchurtha (OCT): Déanann OCT EirGrid an eangach tarchurtha leictreachais ardvoltais in Éirinn a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú (arna rialú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais). Déanann OCT SONI an eangach tharchurtha leictreachas ardvoltais i dTuaisceart Éireann a fhorbairt, a bhainistiú agus a oibriú (arna rialú ag Rialtóir Fóntais Thuaisceart Éireann).
      • Oibríocht an Mhargaidh Leictreachais: Oibríonn sé an margadh mórdhíola leictreachais aonair ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann (arna rialú ag an gCoiste MLA). Soláthraíonn sé margaí ceant agus ionlae lá roimh ré don MLA.
      • Idirnasc Leictreachais: Is leis agus oibríonn sé an nasc leictreachas ardvoltais idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, an t-idirnascaire Thoir-Thiar (INTT). Bainistiú ar cheadúnas cábla snáthoptaice tráchtála a tógadh mar chuid den tionscadal INTT. Tuilleadh deiseanna idirnaisc a fhorbairt, amhail an tIdirnascaire Ceilteach go dtí an Fhrainc, agus idirnaisc arna bhforbairt/arna n-oibriú ag tríú páirtithe a chumasú.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín EirGrid.

  • Ervia (lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann)
    • Is é Ervia máthairchomhlacht Líonraí Gáis Éireann. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Líonraí Gáis Éireann: Úinéireacht, oibriú agus cothabháil an ghréasáin tarchurtha agus dáilte gás nádúrtha in Éirinn, arna rialú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais.
      • LGÉ (RA): Oibriú agus páirtúinéireacht na bpíblínte idirnascaire gáis idir Éirinn agus Albain agus úinéireacht agus oibriú dhá phíblíne tharchurtha gáis i dTuaisceart Éireann. Arna rialú ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais, ag Rialtóir Fóntais Thuaisceart Éireann agus ag Oifig na Margaí Gáis agus Leictreachais sa Ríocht Aontaithe.
      • Aurora Telecom: Úinéireacht agus oibriú teileachumarsáid snáithín dorcha.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Ervia agus ar shuíomh idirlín Líonraí Gáis Éireann.

  • ESB
    • Is fóntais éagsúlaithe, comhtháite go hingearach é BSL a oibríonn ar fud an mhargaidh leictreachais ar fad le giniúint, tarchur, dáileadh agus soláthar custaiméirí. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Líonraí: Úinéir an ghréasáin tarchurtha agus úinéir agus oibreoir an ghréasáin dáileacháin ar oileán na hÉireann.
      • Giniúint agus Trádáil: Úinéir agus oibreoir acmhainn ghiniúna cumhacht shuiteáilte de 5.5GW ar fud an Mhargaidh Leictreachais Aonair agus na Breataine Móire, ar giniúint in-athnuaite 1.0GW de sin.
      • Réitigh Chustaiméirí: Soláthar fuinnimh agus tairiscintí seirbhíse a fhorbairt, a mhargú, a dhíol agus a sheirbhísiú trí bhrandaí uile BSL a bhíonn ag déileáil le custaiméirí (Leictreachas Éireann, Smart Energy Services, r-chártaí BSL, Teileachumarsáid BSL agus Fuinneamh BSL) sa Mhargadh Leictreachais Aonair agus sa Bhreatain Mhór.
      • Eile: Seirbhísí innealtóireachta agus comhairleoireachta idirnáisiúnta agus snáithín SIRO a sholáthar.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín ESB.

  • Iarnród Éireann (IÉ)
    • Tá IÉ ar cheann de thrí fhochuideachta de chuid CIÉ. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a sholáthar ar fud a líonraí DART (Mearthuras Limistéar Bhaile Átha Cliath), líonraí comaitéireachta agus idirchathracha
      • Seirbhísí iarnróid lastais a sholáthar do chustaiméirí bulclasta agus seolta lasta.
      • Europort Ros Láir a oibriú, a chuireann seirbhísí paisinéirí agus lasta ar fáil.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín IÉ.

  • Údarás Eitlíochta na hÉireann
    • Is é Údarás Eitlíochta na hÉireann (ÚEÉ) an rialtóir eitlíochta Stáit aonair d'Éirinn. Tá sé freagrach as rialáil agus as maoirseacht a dhéanamh ar leasanna sábháilteachta, slándála agus tomhaltóirí don eitlíocht shibhialta in Éirinn.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an ÚEÉ.

  • An Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA)
  • Calafort Chorcaí
    • Rangaítear Calafort Chorcaí mar chalafort Leibhéal 1 de réir an Bheartais Náisiúnta Calafoirt 2013 agus meastar gur calafort lárnach/cuimsitheach é i Líonra Tras-Eorpach Iompair an AE. Is iad na príomhfheidhmeanna giniúna ioncaim dleachtanna calafoirt a shocrú agus a bhailiú, oibríochtaí críochfoirt, léasú talamh calafoirt, bonneagar agus forstruchtúr d'oibreoirí na hearnála príobháidí.

      Gineann an Calafort ioncam freisin ó tháillí seirbhíse, cíosanna ar spás trádstórais, táillí tarraingthe soithí, táillí stórála agus gníomhaíochtaí eile.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhlacht Chalafort Chorcaí.

  • Calafort Phort Láirge:
    • Rangaítear Calafort Phort Láirge mar chalafort Leibhéal 2 de réir an Bheartais Náisiúnta Calafoirt 2013 agus mar chalafort lárnach/cuimsitheach i Líonra Tras-Eorpach Iompair an AE. Is iad na príomhfheidhmeanna giniúna ioncaim dleachtanna calafoirt a shocrú agus a bhailiú, oibríochtaí críochfoirt, léasú talamh calafoirt, bonneagar agus forstruchtúr d'oibreoirí na hearnála príobháidí.

      Gineann an Calafort ioncam ó tháillí seirbhíse, cíosanna ar spás trádstórais, táillí tarraingthe soithí, táillí stórála, páirceáil do charranna agus gníomhaíochtaí eile.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chalafort Phort Láirge.

  • RTÉ
    • Is é Raidió Teilifís Éireann ("RTÉ") eagraíocht náisiúnta meáin chumarsáide seirbhís phoiblí na hÉireann. Faoin Acht Craolacháin 2009, maoinítear RTÉ trí ioncam ó tháillí ceadúnais agus ioncam tráchtála ó fhógraíocht agus ó ghníomhaíochtaí tráchtála eile. Cuireann RTÉ punann chuimsitheach seirbhísí ar fáil chun a dhualgais seirbhís phoiblí a chomhlíonadh trí fhreastal ar réimse leathan leasanna, bíodh siad cultúrtha, dírithe ar ghlúin ar leith, go réigiúnach nó go hidirnáisiúnta.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín RTÉ.

  • Cuideachta Chalafort na Sionainne agus Fhainge
    • Rangaítear Cuideachta Chalafort na Sionainne agus Fhainge mar chalafort Leibhéal 1 de réir an Bheartais Náisiúnta Calafoirt2013 agus mar chalafort lárnach/cuimsitheach i Líonra Tras-Eorpach Iompair an AE.

      Is iad na príomhfheidhmeanna giniúna ioncaim gníomhaíocht ag a chríochfoirt faoi úinéireacht dhíreach ag Faing, Duganna Luimnigh agus an tSionainn, agus ó ghníomhaíocht ag trí chríochfort faoi úinéireacht phríobháideach ar Inbhear na Sionainne.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Chalafort na Sionainne agus Fhainge.

  • Grúpa Aerfort na Sionainne
    • Is gnó aerfoirt agus maoin tráchtála é Grúpa Aerfort na Sionainne. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Aerfort: Is leis agus oibríonn sé Aerfort na Sionainne.
      • Maoin: Is leis agus oibríonn sé réimse páirceanna gnó agus tionsclaíocha i gceantar na Sionainne agus ar fud lár-iarthar na hÉireann.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Ghrúpa Aerfort na Sionainne.

  • TG4
    • Is é TG4 (Teilifís na Gaeilge) an cainéal teilifíse Gaeilge. Is craoltóir seirbhís phoiblí í atá maoinithe go príomha trí mhaoiniú ón Státchiste.

      Faigheann TG4 ioncam freisin ó aer-ama tráchtála a dhíol agus ó urraíocht clár. Tá feidhmeanna agus dualgais TG4 leagtha amach san Acht Craolacháin 2009.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín TG4.

  • Uisce Éireann
    • Fóntas uisce náisiúnta na hÉireann atá freagrach as gach seirbhís uisce poiblí a sheachadadh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, lena n-áirítear uisce óil a sholáthar agus fuíolluisce a bhailiú, a chóireáil agus a dhiúscairt.

      Soláthraíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais maoirseacht eacnamaíoch neamhspleách ar Uisce Éireann agus tá sé faoi réir cheanglais na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil freisin.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Uisce Éireann.

  • Vhi
    • Is é Vhi an soláthraí árachais sláinte phríobháideach is mó in Éirinn. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí tá:

      • Árachas: polasaithe árachais liacht phríobháideach a fhrithghealladh agus a dháileadh.
      • Cúram Sláinte: dáileadh polasaithe árachais liacht phríobháideach agus polasaithe árachais eile atá frithgheallta ag tríú páirtithe.
      • Sláinte agus Folláine: seirbhísí leighis, sláinte agus folláine a fhorbairt agus a sholáthar do chustaiméirí ghrúpa Vhi.

      Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín Vhi.