RÉnua

RÉnua

Cuireann an tÚdarás um Gheilleagar agus Téarnamh Nua (NewERA) comhairle airgeadais agus tráchtála ar fáil d’Airí agus do Ranna Rialtais maidir lena scaireanna i gcuideachtaí Stáit i raon earnálacha. Tá na cuideachtaí sin sannta do NewERA faoin reachtaíocht nó cuireann NewERA comhairle ar na hAirí agus ar Ranna Rialtais ábhartha trí chomhaontú.

Is iad seo a leanas na cuideachtaí atá sannta do NewERA: AirNav Ireland, An Post, Bord na Móna, CIÉ (lena n-áirítear Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus Iarnród Éireann), Coillte, daa, Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath, EirGrid, Ervia (lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann), ESB, Údarás Eitlíochta na hÉireann, An Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA), Cuideachta Chalafort Chorcaí, Calafort Phort Láirge, RTÉ, Cuideachta Phort na Sionainne & Fhainge, Grúpa Aerfort na Sionainne, TG4, Uisce Éireann agus Vhi (tugtar na “Comhlachtaí Ainmnithe” ar an ngrúpa cuideachtaí seo go léir).

Ar iarratas ó Aire Rialtais, soláthraíonn NewERA seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála freisin maidir le comhlachtaí nó sócmhainní Stáit eile. Ina theannta sin, féadfaidh NewERA oibriú le Páirtithe Leasmhara ábhartha chun tograí a fhorbairt le haghaidh infheistíochta in earnálacha áirithe, chun tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus le fostaíocht.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar ghníomhaíochtaí NewERA, féach ar chuid NewERA i dTuarascáil Bhliantúil GBCN 2022.

Is féidir athbhreithniú airgeadais bliantúil NewERA ar na cuideachtaí faoi úinéireacht an Stáit a fháil anseo.

Tá Andrew O'Flanagan, Stiúrthóir NewERA agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais i gceannas ar NewERA. Tá Andrew ina bhall freisin d'Fhoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin GBCN. Tá thart ar 30 ball foirne ar fhoireann NewERA, a bhfuil meascán de shaineolas cuntasaíochta, achtúireachta, tráchtála, geilleagair agus airgeadais acu.

NewERA designated bodies

níos mó

Useful Links

níos mó

Contact NewERA

níos mó