An Ghníomhaireacht agus a Coistí

Ar an 22 Nollaig 2014, athbhunaíodh GBCN mar Ghníomhaireacht le Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile ag tuairisciú don Aire Airgeadais, le freagracht uileghabhálach as gach ceann d’fheidhmeanna GBCN (seachas GNBS agus CBSÉ a bhfuil a mboird féin ar leith acu). Roimhe seo, ní raibh struchtúr boird ag GBCN agus thuairiscigh an Príomhfheidhmeannach go díreach don Aire Airgeadais maidir le roinnt feidhmeanna fad is a ghníomhaigh GBCN mar an feidhmeannas do bhoird reachtúla ar leith i ndáil le feidhmeanna eile.

Ceapann an tAire Airgeadais seisear comhaltaí, lena n-áirítear an Cathaoirleach. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN agus Ard-Rúnaithe na Roinne Airgeadais agus na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe ina gcomhaltaí den Ghníomhaireacht de bhrí oifige. Tuairiscíonn an Ghníomhaireacht don Aire Airgeadais.

Is cúig bliana an téarma oifige atá ag comhalta ceaptha, seachas na chéad chomhaltaí ceaptha a gceaptar beirt acu ar feadh trí bliana agus a gceaptar beirt eile acu ar feadh ceithre bliana. Cinneann an tAire leibhéal an luacha saothair do chomhaltaí ceaptha. Ní fhaigheann na comhaltaí de bhrí oifige aon luach saothair breise as a gcomhaltacht sa Ghníomhaireacht.

Cheap an tAire seisear comhaltaí Boird an 22 Nollaig 2014: Willie Walsh (Cathaoirleach) (cúig bliana), Maeve Carton (trí bliana), Brendan McDonagh (trí bliana), Martin Murphy (ceithre bliana), Mary Walsh (cúig bliana) agus Susan Webb (ceithre bliana). Is triúr comhaltaí de bhrí oifige den Ghníomhaireacht iad Conor O’Kelly, Príomhfheidhmeannach (le héifeacht ón 5 Eanáir 2015 tar éis do John Corrigan dul ar scor), Derek Moran (Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais) agus Robert Watt (Ard-Rúnaí na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe).

Tháinig an Ghníomhaireacht le chéile 10 n-uaire in 2015.

Bhunaigh an Ghníomhaireacht ceithre choiste:

  • An Coiste Iniúchóireachta
  • An Coiste Infheistíochta.
  • An Coiste Riosca.
  • An Coiste Luach Saothair.

Ghlac an Bord freisin leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (an Cód), arna oiriúnú i líon teoranta cásanna le himthosca na Gníomhaireachta a léiriú. Nuair is gá, tá sé ag cur socruithe i bhfeidhm lena chinntiú go gcomhlíontar an Cód, agus déanfaidh sé athbhreithniú ar a bheartais agus ar a nósanna imeachta ar bhonn tréimhsiúil lena chinntiú go leanfar ag comhlíonadh an Chóid.

Tá cóid chleachtais ghnó i bhfeidhm do chomhaltaí agus d’fhostaithe na Gníomhaireachta. Táthar ag súil go gcinnteoidh comhaltaí agus fostaithe na Gníomhaireachta go bhfuil a ngníomhaíochtaí go léir á rialú ag na caighdeáin eiticiúla atá léirithe sa chód ábhartha.

Tá Beartas i bhfeidhm ag GBCN maidir le Tuairisciú “Éagóra Ábhartha” agus Nochtuithe Cosanta trínar féidir le fostaithe, faoi rún, ábhair imní a ardú faoi mhírialtachtaí féideartha i dtuairisciú airgeadais nó i nithe eile.

Is comhlacht forordaithe poiblí GBCN chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001. Chomh maith leis sin tá ceanglais shonracha ann maidir le nochtadh leasa faoin Acht um Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 (arna leasú) agus an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit. Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag GBCN chun cuidiú le Stiúrthóirí a n-oibleagáidí maidir le nochtadh leasa a chomhlíonadh.

Faigheann an Ghníomhaireacht tacaíocht ina cuid feidhmeanna ó Rúnaí na Gníomhaireachta a chomhordaíonn freisin feidhmiú choistí éagsúla na Gníomhaireachta. Faigheann gach ceann de na coistí tacaíocht ó Rúnaí na Gníomhaireachta nó ó Rúnaí Cúnta na Gníomhaireachta.

An Coiste Iniúchóireachta

Cuidíonn an Coiste Iniúchóireachta leis an nGníomhaireacht i maoirseacht cháilíocht agus shlánaíocht na ráiteas airgeadais agus in athbhreithniú agus i maoirseacht éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, an phróisis iniúchóireachta inmheánaí agus na feidhme comhlíontachta. Athbhreithníonn sé agus breithníonn sé aschuir ón iniúchóir reachtúil, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Maoirsíonn sé chomh maith feidhmiú an Bheartais um Thuairisciú “Éagóir Ábhartha” agus Nochtuithe Cosanta.

Tá triúr comhaltaí ar an gCoiste, ceaptha ag an nGníomhaireacht:

  • Martin Murphy, Cathaoirleach.
  • Maeve Carton.
  • Susan Webb.

Tháinig an Coiste le chéile cúig huaire in 2015.

Tinreamh ag Cruinnithe na Gníomhaireachta agus Cruinnithe Coiste in 2015
Gníomhaireacht Coiste
Infheistíochta
An Coiste
Iniúchóireachta
An Coiste Riosca

Coiste Luach
Saothair
Comhaltaí na Gníomhaireachta:
Willie Walsh 9 2
Maeve Carton 9 5
Brendan McDonagh 10 11 2
Derek Moran 8
Martin Murphy 10 5 4 2
Conor O’Kelly 10
Mary Walsh 10 4
Robert Watt 10 3 1
Susan Webb 9 10 4
Comhaltaí Seachtracha:
John Herlihy 9
Richard Leonard 10
Julie Sinnamon 8

Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an choiste in 2015:

Tuairisciú airgeadais

D’athbhreithnigh an Coiste na ráitis airgeadais sular cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta iad. Díríodh san athbhreithniú ar athruithe i mbeartas agus i gcleachtas cuntasaíochta agus i leanúnachas in GBCN, mór-réimsí breithiúnais, na modhanna a úsáideadh le cuntas a dhéanamh ar idirbhearta suntasacha nuair is féidir cuir chuige éagsúla a bheith ann, agus soiléire agus iomláine a nochtuithe.

Rialuithe Inmheánacha

D’athbhreithnigh an Coiste leorgacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na ráiteas a bhí le cur san áireamh sna Ráitis Airgeadais maidir le rialuithe inmheánacha. Tuairiscíodh torthaí an Choiste don Ghníomhaireacht.

Comhlíontacht

Fuair an Coiste tuairiscí rialta ón gCeannasaí Comhlíontachta. D’athbhreithnigh sé agus mhol sé don Ghníomhaireacht an Beartas Frithchalaoise agus an Beartas um Thuairisciú “Éagóra Ábhartha” agus Nochtuithe Cosanta.

Iniúchadh Inmheánach

D’athbhreithnigh agus d’fhaomh an Coiste an chairt iniúchóireachta inmheánaí. Fuair sé tuairiscí rialta ón gCeannasaí Iniúchóireachta Inmheánaí. D’athbhreithnigh sé na príomhthátail ó thoradh athbhreithnithe iniúchóireachta inmheánaí aonair faoi phlean iniúchóireachta inmheánaí 2015 agus rinne sé monatóireacht ar fheidhmiú na moltaí maidir le hiniúchadh inmheánach. D’fhaomh sé plean iniúchóireachta inmheánaí 2016 (bhí plean iniúchóireachta inmheánaí 2015 curtha i bhfeidhm faoi sheanstruchtúir rialachais GBCN).

Iniúchadh Reachtúil

Rinne an Coiste athbhreithniú ar an bplean iniúchta sheachtraigh roimh an iniúchadh agus tháinig sé le chéile leis an iniúchóir seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí ar an iniúchadh ar na ráitis airgeadais. D’athbhreithnigh an Coiste freisin freagairtí lucht na bainistíochta ar thátail agus mholtaí na n-iniúchóirí agus rinne sé monatóireacht, ar bhonn leanúnach, ar chur i bhfeidhm mholtaí an iniúchóra ag an lucht bainistíochta.

Le linn na bliana tháinig an Coiste le chéile go haonarach agus leis an iniúchóir reachtúil, Ceannasaí Iniúchóireachta Inmheánaí agus KPMG (an ghnólacht sheachtrach a ceapadh le hobair iniúchóireachta inmheánaí a dhéanamh) gan lucht na bainistíochta i láthair.

Coiste Infheistíochta

Is coiste reachtúil é an Coiste Infheistíochta a bhfuil foráil dó san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú).

Cuidíonn an Coiste leis an nGníomhaireacht maidir le rialáil agus bainistíocht Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn trí chinntí a dhéanamh maidir le fáil agus diúscairt sócmhainní taobh istigh de pharaiméadair a fhéadfaidh a bheith leagtha síos ag an nGníomhaireacht, ag cur comhairle ar an nGníomhaireacht maidir le straitéis infheistíochta an Chiste agus ag déanamh maoirseachta ar an straitéis infheistíochta. Tá cinntí infheistíochta suas le €150m tarmligthe don Choiste. Cuirtear infheistíochtaí molta níos mó ná €150m ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht le moladh ón gCoiste.

Éilítear ar an gCoiste beirt chomhaltaí ceaptha den Ghníomhaireacht agus líon nach mó ná cúigear nach baill den Ghníomhaireacht iad a bhfuil saineolas ábhartha suntasach faighte acu agus atá ceaptha ag an nGníomhaireacht le cead an Aire Airgeadais (comhaltaí seachtracha) a bheith ann. Tá socraithe ag an nGníomhaireacht gur chóir triúr comhaltaí seachtracha a bheith ar an gCoiste. Is iad comhaltaí an Choiste:

  • Brendan McDonagh, Cathaoirleach (comhalta Gníomhaireachta).
  • Susan Webb (comhalta Gníomhaireachta).
  • Richard Leonard (comhalta seachtrach). Stiúrthóir Bainistíochta Grant Thornton Financial Counselling Ltd agus ball den National Grant Thornton Management Team.
  • Julie Sinnamon (comhalta seachtrach). POF Fiontraíocht Éireann.

Tá folúntas amháin ar an gCoiste. D’éirigh John Herlihy (comhalta seachtrach) as an gCoiste le héifeacht ón 1 Bealtaine 2016.

Tháinig an Coiste le chéile 11 n-uair in 2015.

Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an choiste in 2015:

Straitéis Infheistíochta

Ba é an chéad fhócas a bhí ag an gCoiste machnamh ar dhréacht den Straitéis Infheistíochta agus den Phlean Gnó i gcomhthéacs shainordú infheistíochta bonnlíne dhúbailte CISÉ maidir le tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus fostaíocht chomh maith le toradh infheistíochta a ghiniúint. D’athbhreithnigh sé an dréacht den Straitéis agus an Plean Gnó agus mhol sé don Ghníomhaireacht glacadh leis an Straitéis agus an Plean Gnó.

Chomh maith leis sin d’athbhreithnigh an Coiste agus rinne sé moltaí don Ghníomhaireacht maidir leis an gCiste a aistriú ó phunann dhomhanda den chuid is mhó go punann Éireannach, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm agus mar a tharraingítear anuas deiseanna infheistíochta in Éirinn.

Athbhreithniú ar Mholtaí Infheistíochta

D’athbhreithnigh an Coiste moltaí mionsonraithe infheistíochta ó lucht na bainistíochta agus d’fhaomh sé nó rinne sé moltaí don Ghníomhaireacht de réir mar ba chuí. Rinne sé monatóireacht ghníomhach, freisin, ar an sruth infheistíochta chun aiseolas tráthúil a chur ar fáil do lucht na bainistíochta ar dheiseanna féideartha infheistíochta.

Monatóireacht agus Athbhreithniú Punainne

Fuair an Coiste tuairiscí rialta ó lucht na bainistíochta ar fheidhmíocht, sannadh sócmhainní agus tionchar geilleagrach an Chiste.

An Coiste Riosca

Cuidíonn an Coiste Riosca leis an nGníomhaireacht maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear an fonn riosca a shocrú, monatóireacht ar mar atáthar ag cloí le rialachas rioscaí agus a chinntiú go sainaithnítear, go measúnaítear, go mbainistítear agus go dtuairiscítear rioscaí go cuí. Chomh maith leis sin, déanann sé maoirseacht ar an bhfeidhm bainistíocht riosca. Socraíonn sé caighdeáin chun tuairisciú cruinn agus tráthúil a dhéanamh ar rioscaí géarchéimnitheacha agus athbhreithníonn sé tuairiscí ar aon sáruithe ar theorainneacha riosca agus ar leorgacht aon ghnímh mholta.

Tá triúr comhaltaí ar an gCoiste, ceaptha ag an nGníomhaireacht:

  • Mary Walsh, Cathaoirleach.
  • Martin Murphy (Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta freisin).
  • Robert Watt.

Tháinig an Coiste le chéile ceithre huaire in 2015.

Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an choiste in 2015:

Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca

D’athbhreithnigh an Coiste agus mhol sé don Ghníomhaireacht an Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca a leagann amach an caighdeán le haghaidh bainistíochta riosca ar fud an fhiontair.

D’athbhreithnigh an Coiste roinnt beartas sonrach riosca dá bhforáiltear dóibh sa Bheartas agus Creat um Bainistíocht Riosca: an Beartas um Bainistíocht Riosca Margaidh, an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta, an Beartas um Bainistíochta Riosca Creidmheasa an Chontrapháirtí, an Beartas um Bainistíocht Leanúnachais agus an Rialachas agus Creat um Urrús TF.

An Fonn Riosca

D’athbhreithnigh an Coiste agus mhol sé don Ghníomhaireacht an Creat um Fonn Riosca. Sainaithníonn sé seo an fonn riosca do gach ceann de phríomhchatagóirí riosca GBCN.

Athbhreithniú ar Chlár Riosca

D’athbhreithnigh an Coiste cláir riosca ó aonaid ghnó GBCN, ag breithniú na bpríomhrioscaí a sainaithníodh agus na bpríomhrialuithe atá i bhfeidhm leis na rioscaí seo a mhaolú. D’athbhreithnigh sé freisin na príomhrioscaí atá roimh GBCN.

Tuairisciú Riosca

Mhaoirsigh an Coiste forbairt deais rioscaí mar uirlis tuairiscithe agus fuair sé tuairiscí rialta ón bPríomh- Oifigeach Riosca.

D’oibrigh an Coiste go dlúth leis an gCoiste Iniúchóireachta agus fuair sé nuashonruithe rialta ó Chathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta (atá ina chomhalta freisin den Choiste Riosca) ar nithe a bhaineann le riosca a pléadh ag an gCoiste Iniúchóireachta.

Le linn na bliana bhuail an Coiste leis an bPríomh-Oifigeach Riosca gan lucht na bainistíochta i láthair.

Coiste Luach Saothair

Cuidíonn an Coiste Luach Saothair leis an nGníomhaireacht trí athbhreithniú agus faomhadh bheartas foriomlán luach saothair GBCN, athbhreithniú agus faomhadh aon scéimeanna pá a bhaineann le feidhmíocht arna n-oibriú ag GBCN agus faomhadh na n-íocaíochtaí bliantúla iomlána le déanamh faoi aon scéim mar seo. Déanann sé moltaí freisin don Ghníomhaireacht maidir le luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh.

Tá ceathrar comhaltaí ar an gCoiste Riosca, ceaptha ag an nGníomhaireacht:

  • Brendan McDonagh, Cathaoirleach.
  • Martin Murphy.
  • Willie Walsh.
  • Robert Watt.

Tháinig an Coiste le chéile faoi dhó in 2015.

Le linn 2015 d’athbhreithnigh agus d’fhaomh an Coiste príomhphrionsabail luach saothair GBCN agus in 2016 d’fhaomh sé Beartas Luach Saothair foirmiúil le paraiméadair a shainmhíniú a bhféadfadh an Príomhfheidhmeannach agus lucht na bainistíochta feidhmiú le fostaithe ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil agus le hardfheidhmíocht a spreagadh san fhoireann, ach a bheith ag cloí le hAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (BAÉMLP), ag léiriú dea-rialachas corparáideach agus comhsheasmhacht le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach, agus á chur sin chun cinn.

Le linn 2015 d’athbhreithnigh agus d’fhaomh an Coiste freisin íocaíochtaí maidir le feidhmíocht i leith 2014 agus d’athbhreithnigh sé na toimhdí luach saothair i leith bhuiséad oibriúcháin GBCN 2016.