Acht na dTeangacha Oifigiúla

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003. Foráiltear leis an Acht seo do sheachadadh seirbhísí poiblí i nGaeilge ar thrí bhealach:

1.Trí fhorálacha an Achta is infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht;
2.Trí rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhfuil stádas reachtaíochta acu agus is infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht;
3.Trí scéimeanna teanga a chomhaontaítear le comhlachtaí poiblí aonair i ndáil le soláthar seirbhísí i nGaeilge.

D’iarr an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) an dara dréacht-Scéim Teanga a athbhreithniú agus a ullmhú faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é aidhm an dara Scéim seo úsáid na Gaeilge a fhorbairt a thuilleadh ar fud GBCN, ag díriú ar réimsí cumarsáide leis an bpobal. Cuirfidh GBCN fostaithe ar an eolas faoina bhfuil sa Scéim agus faoina cuspóir agus déanfaidh sé monatóireacht ar an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge i rith na Scéime. Cuireadh tús leis an scéim seo an 1 Meitheamh 2021 agus beidh sí i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana.

Cliceáil ar an nasc thíos, le do thoil, chun an scéim a léamh.