Scéim Ráthaíochta Dliteanas Incháilithe (lena n-áirítear an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc)

Maidir leis an Scéim

Rinneadh Scéim na nInstitiúidí Creidmheasa (Ráthaíocht Dliteanas Incháilithe) 2009 (an “Scéim ELG”) de bhun Alt 6(4) den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 agus tháinig sí i bhfeidhm ar an 9 Nollaig 2009. Bhí foráil sa Scéim ELG do ráthaíocht neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe Stáit maidir le dliteanais incháilithe áirithe (lena n-áirítear taiscí) suas le cúig bliana in aibíocht arna dtabhú ag institiúidí rannpháirteacha ón dáta a ndeachaigh siad isteach sa scéim go dtí go ndúnfar an Scéim ar théarmaí agus coinníollacha áirithe. Bhí gach institiúid rannpháirteach faoi cheangal ag Rialacha na Scéime ELG (417 KB, formáid PDF). Cheap an tAire Airgeadais Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta mar Oibreoir na Scéime ELG.

Amhail an 29 Márta 2018 níl aon dliteanais fágtha ráthaithe faoin Scéim ELG, cé is moite díobh siúd a tháinig ó leachtú IBRC.

An Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc

Gheobhaidh tú thíos freagraí ar roinnt ceisteanna coitianta faoin Scéim Ráthaíochta Dliteanas Incháilithe (ELG) agus faoi leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (IBRC). Is féidir leat foirm éilimh a íoslódáil freisin chun taiscí atá ráthaithe faoin Scéim ELG a aisíoc.

Líne Chabhrach na Scéime Ráthaíochta Dliteanas Incháilithe

Mura dtugtar freagra ar do cheist thíos, cuir glaoch ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta ag +353 (0)1 238 4000 nó seol do cheist mar ríomhphost chuig info@ntma.ie.

Má bhaineann do cheist leis an Scéim Ráthaíochta Taisce, a chlúdaíonn taiscí incháilithe suas go teorainn €100,000 an duine, déan teagmháil le do thoil le Banc Ceannais na hÉireann ag 1890 777 777info@depositguarantee.ie.

Is féidir le custaiméirí IBRC a bhfuil ceisteanna acu maidir lena dtaiscí teagmháil a dhéanamh le IBRC ag SMUOperations@ibrc.ie

Foirmeacha Éilimh

Tá an fhoirm éilimh agus an treoir le haghaidh taisceoirí (cuntais reatha agus cuntais taisce) ar fáil anseo.

Ceisteanna Coitianta

Cliceáil uair amháin ar cheist chun an freagra a fheiceáil (agus cliceáil arís chun é a dhúnadh). Treoróidh naisc ar fud na bhfreagraí tú chun tuilleadh faisnéise a fháil.