11. Scéimeanna Coigilteas Stáit

2017
€m
2016
€m
Cairteacha Coigiltis 6,026 5,908
Bannaí Coigiltis 3,250 3,747
Duaisbhannaí 3,170 2,892
Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 10 mBliana 2,967 2,643
Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4 Bliain 1,376 1,506
Tráthchoigiltí 501 496
Stampaí Coigiltis 2 2
17,292 17,194

Tá na suimeanna a thaispeántar i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Coigiltis, Bannaí Dlúthpháirtíochta, Duaisbhannaí agus Tráthchoigiltí, glan ar iarmhéideanna airgid de €3.5 milliún (2016: €5.7 milliún) atá á gcoimeád ag An Post, ag Permanent TSB Bank agus ag an gCuideachta Duaisbhannaí. Gníomhaíonn An Post agus an Chuideachta Duaisbhannaí mar chláraitheoirí do na scéimeanna faoi seach.

Ós rud é go réitítear ráitis airgeadais an Fhiachas Náisiúnta ar bhonn airgid, ní áirítear sna dliteanais suim de €452 milliún (2016: €451 milliún), arb ionann í agus meastachán ar shuim an úis fhabhraithe amhail an 31 Nollaig 2017 i leith Cairteacha Coigiltis, Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 10 mBliana, Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4 Bliain Bannaí Coigiltis agus Tráthchoigiltí.

< NÓTA 10

NÓTA 12 >