16. Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Bannaí reatha Rialtas na hÉireann a chealú nó a eisiúint. Áirítear sa tsuim shocraíochta do gach idirbheart banna an t-ús atá fabhraithe ag an am sin i dtréimhse an chúpóin. Is sa Chuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta a infheistítear an t-ús íoctha go dtí go mbeidh an t-ús iomlán dlite ar dháta an chúpóin. Ar dháta an chúpóin, úsáidtear an t-ús ansin chun costais ghaolmhara fónaimh an Státchiste a fhritháireamh.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2017
€000
2016
€000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 29,089 24,124
Ús Fabhraithe a Fuarthas ar Iasachtaí Náisiúnta - Tráinsí agus Ceantanna 79,178 35,606
Ús Fabhraithe a Íocadh ar Iasachtaí Náisiúnta (62,010) (30,641)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 46,257 29,089

< NÓTA 15

NÓTA 17 >