13. Bainistíocht Riosca

13.1 Creatlach Bainistíochta Riosca

De bharr fhreagracht na Gníomhaireachta d’eisiúint fiachais nua agus d’aisíocaíocht fiachais atá ag dul in aibíocht araon, i dteannta bainistíocht ráta úis agus phróifíl airgeadra na punainne iomláine fiachais, is cuid lárnach agus fhíorthábhachtach de ghnó na Gníomhaireachta í an bhainistíocht riosca. Is iad na príomhchatagóirí riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí Fiachais Náisiúnta na Gníomhaireachta ná riosca leachtachta, riosca margaidh, riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus riosca oibríochta. Tá réimse beartas agus nósanna imeachta ag an nGníomhaireacht chun an riosca bainteach a thomhas agus a rialú.

Rinne an Ghníomhaireacht an Chreatlach Bainistíochta Riosca de chuid GBCN a fhaomhadh lena chinntiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a próifíl riosca a bhainistiú i gcomhréir lena fonn riosca; agus go mbíonn socruithe iomchuí éifeachtacha bainistíochta riosca i bhfeidhm, mar aon le róil agus freagrachtaí atá sainmhínithe agus léirithe go soiléir. Le tacar bainteach de bheartais bainistíochta riosca, déantar srianta a bhunú agus a choimeád atá ag teacht le fonn riosca na Gníomhaireachta agus lena spriocanna straitéiseacha.

Tá Creatlach Bainistíochta Riosca na Gníomhaireachta faoi réir mhúnla na dtrí-líne-chosanta, agus tá a struchtúr eagraíochtúil agus a struchtúr coiste riosca ailínithe d’fhonn úinéireacht agus cuntasacht shoiléir a bhunú ó thaobh bainistiú riosca de. Ag an gcéad líne chosanta, is iad Aonaid Ghnó agus Feidhmeanna Corparáideacha na Gníomhaireachta go príomha atá freagrach as rioscaí a bhainistiú ar bhonn laethúil, ag cur san áireamh lamháltas agus fonn riosca GBCN, agus i gcomhréir lena cuid beartas, nósanna imeachta, rialuithe agus srianta. Tá an dara líne, lena gcuimsítear Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe eile de chuid na Gníomhaireachta, neamhspleách ar oibriúcháin agus ar an mbainistíocht líne thosaigh, agus is é an ról atá aici aon chinntí a mbíonn tionchar acu ar neamhchosaint na heagraíochta ar riosca a cheistiú agus eolas cuimsitheach sothuigthe ar rioscaí a sholáthar. Soláthraíonn an Fheidhm Iniúchta Inmheánaigh, ar cuid den tríú líne chosanta í, deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca GBCN, maidir lena rialachas agus maidir le dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Tacaíonn roinnt coistí Ghníomhaireacht agus bainistíochta de chuid GBCN, Coiste Iniúchóireachta agus Riosca san áireamh, leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna maidir le bainistíocht riosca.

Coiste Iniúchóireachta agus Riosca na Gníomhaireachta (ARC)

Cuimsíonn an ARC baill Bhord na Ghíomhaireachta agus cruthaíodh é ó chomhcheangail na Coistí Iniúchóireachta agus Riosca ar 1 Eanáir 2017. Cabhraíonn ARC leis an nGníomhaireacht i dtaca le maoirseacht ar an gcreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear Fonn Riosca a leagan síos, monatóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chloítear le rialachas riosca agus cinntiú go ndéantar rioscaí a aithint, a mheas, a bhainistiú agus a thuairisciú. Ina theannta sin, déanann sé monatóireacht ar an fheidhm bainistíochta riosca. Leagann sé síos caighdeáin do thuairisciú bheacht thráthúil ar rioscaí criticiúla agus déanann sé athbhreithniú ar thuairiscí faoi aon sáruithe ar theorainneacha rioscaí agus leordhóthanacht aon ghníomh beartaithe. Cuidíonn sé freisin leis an nGníomhaireacht ina maoirsiú ar chaighdeán agus ar shláine ráitis airgeadais na Gníomhaireachta agus déanann athbhreithniú agus monatóireacht ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, an phróisis iniúchta inmheánaigh agus na feidhme comhlíontachta, agus déanann athbhreithniú agus breithmheas ar aon aschuir ón iniúchóir reachtúil.

Coistí Bainistíochta:

An Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair (CBRF)

Déanann an CBRF maoirsiú ar fhorfheidhmiú fhonn riosca foriomlán GBCN agus ar lucht ardbhainistíochta agus iad ag bunú córais iomchuí (lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus teorainneacha riosca) lena chinntiú go ndéantar rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach.

Coiste Riosca Creidmheasa Contrapháirtí (CRCC)

Maoirsíonn agus comhairlíonn an CRCC an CBRF maidir le neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí. Soláthraíonn sé clár rioscaí agus sonraí maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí ábhartha don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartas Bainistíochta Riosca Creidmheasa Contrapháirtí GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Margaidh agus Leachtachta (CRML)

Maoirsíonn agus comhairlíonn MLRC an CBRF maidir le neamhchosaint ar rioscaí margaidh agus leachtachta. Soláthraíonn sé clár rioscaí maidir le neamhchosaintí ar riosca margaidh agus leachtachta agus tugann sonraí don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh gnéithe riosca Creatlach Bainistíochta Riosca and Ghníomhaireacht agus bheartais bainistíochta riosca margaidh agus leachtachta GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe (CROR)

Déanann an CROR athbhreithniú ar an gcreatlach riosca oibríochtúil agus na beartais riosca oibríochtúil bhainteacha agus molann don CBRF iad lena bhfaomhadh. Faireann, athbhreithníonn agus ceistíonn an CROR rioscaí oibríochtúla GBCN agus tugann tuairisc ar bhainistiú rioscaí oibríochtúla don CBRF.

Coiste Tairgí agus Próisis (CTP)

Déanann an CTP athhbreithniú ar, tugann sé aghaidh ar agus molann sé donn ERMC tograí faofa agus meásúnú riosca i leith tograí agus próisis nua, nó athraithe athrú ábhartha i leith tograí agus próisis a maireann.

Riosca Leachtachta

Is príomhchuspóir de chuid na Gníomhaireachta é a chinntiú go bhfuil dóthain airgid ag an Státchiste chun gach dualgas a chomhlíonadh agus iad dlite. Ar cheann de na cúraimí is tábhachtaí atá ar an nGníomhaireacht tá a chinntiú go bhfuil leachtacht leordhóthanach ag an Státchiste. Is féidir le rioscaí i leith leachtacht an Fhiachais Náisiúnta eascairt as imeachtaí sa bhaile, nó de bharr ardnaisc idir margaí, as imeachtaí lasmuigh d’Éirinn. Déanann an Ghníomhaireacht riosca leachtachta a bhainistiú, go príomha, trí mhaoláin airgid thirim chuí a choinneáil agus trí shrian a chur le líon na ndliteanas atá ag aibiú ag aon am faoi leith agus trí thráthúlacht agus méid an mhaoinithe a mheaitseáil leis na riachtanais mheasta. Atreisítear é sin trí na gníomhaíochtaí a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu chun bonn infheisteoirí idirnáisiúnta atá eolach agus éagsúlaithe a choinneáil, le nasc le gach ceann de na mórmhargaí caipitil agus tríd an raon ionstraimí fiachais is féidir a eisiúint a mhéadú.

Riosca Margaidh

Is ionann riosca margaidh agus riosca caillteanais nó costais mhéadaithe de thoradh athruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas (lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe) de bharr luaineachtaí i dtosca riosca amhail rátaí úis, rátaí malairte eachtraí nó praghsanna margaidh eile. Ní mór aird a bheith ag an nGníomhaireacht ar impleachtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha araon dá gcuid idirbheart i bhfianaise an chúraim atá uirthi bainistiú a dhéanamh ní hamháin ar gharchostais fónta fiachais fioscaigh ach ar luach reatha na n-íocaíochtaí uile sa todhchaí idir bhunairgead agus ús. Rialaítear an neamhchosaint ar riosca ráta úis agus airgeadra trí ráta úis agus comhchruinniú airgeadra na punainne a bhainistiú de réir fhonn riosca na Gníomhaireachta. Tá srianta sonracha i bhfeidhm chun riosca margaidh a rialú; tuairiscítear neamhchosaint ar na srianta seo go rialta le lucht ardbhainistíochta. Nuair a athraíonn coinníollacha na margaí airgeadais, déantar athbhreithniú ar ráta cuí úis agus ar phróifíl airgeadra na punainne i gcomhréir le hathbhreithnithe tréimhsiúla ar shrianta. Tá an Ghníomhaireacht ag iarraidh an trádchothromú is fearr a ghnóthú idir costas agus riosca thar thréimhse agus tá clár fálaithe i bhfeidhm chun riosca ráta úis agus ráta malairte a bhainistiú agus chun an Státchiste a chosaint ó luaineacht féideartha sa todhchaí. Leagtar amach tuilleadh faisnéise ar úsáid díorthach in Díorthaigh (Nóta 14).

Riosca Creidmheasa Contrapháirtí

Is ionann riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca an chaillteanais airgeadais a eascraíonn as idirbheart margaidh airgeadais nuair nach gcomhlíonann contrapháirtí a chuid dualgas airgeadais faoin idirbheart sin agus i dtaca leis an bhFiachas Náisiúnta de, is as díorthaigh, taiscí agus idirbhearta malairte eachtraí go príomha a eascraíonn sé. Bainistítear leibhéal an riosca creidmheasa contrapháirtí i gcomhréir le fonn riosca na Gníomhaireachta trí bheith ag plé le contrapháirtithe a bhfuil ardchaighdeán creidmheasa acu agus leo siúd amháin. Forálann nósanna imeachta d’údarú srianta riosca don uile chontrapháirtí agus tuairiscítear neamhchosaint leis an mbainistíocht ar bhonn laethúil. Tugtar faoi athbhreithniú ar na srianta ar fad go rialta chun athruithe i stádas creidmheasa na gcontrapháirtithe nó athruithe in imeachtaí geilleagracha nó polaitíochta a chur san áireamh. Chun neamhchosaint an Státchiste roimh chontrapháirtithe margaidh a mhaolú agus lena chinntiú go bhfuil rochtain éifeachtach margaidh ag Éirinn le haghaidh a cuid gníomhaíochtaí fálaithe, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht dul isteach i socruithe tacaíochta creidmheasa le rannpháirtithe an mhargaidh a bhfuil sí ag iarraidh trádáil a dhéanamh leo – baineann sé seo le fáil agus le breacadh comhthaobhachta chun luach margaidh na neamhchosaintí a sheach-chur. Tá tuilleadh faisnéise ar úsáid socruithe tacaíochta creidmheasa leagtha amach in Díorthaigh (Nóta 14).

Riosca Oibríochtúil

Is é is riosca oibríochtúil ann riosca a bhaineann le caillteanas mar gheall ar phróisis, daoine agus córais inmheánacha atá easnamhach nó ar theip orthu nó mar gheall ar imeachtaí seachtracha a rachadh i bhfeidhm ar chumas na Gníomhaireachta a straitéis ghnó a fheidhmiú. Áirítear le fochatagóirí riosca oibríochtúil riosca a bhaineann le daoine, rialachas, tríú páirtí, bainistíocht leanúnach ghnó agus riosca dlí agus comhlíontachta. Tá Creat Bainistíochta Riosca Oibríochtúil agus Féinmheasúnachta Riosca agus Rialaithe infheidhme i leith na Gníomhaireachta ina hiomláine. Is é cuspóir an Chreata a chinntiú go mbainistítear riosca oibríochtúil ar dhóigh chuí, chomhtháite ar fud na heagraíochta. Leagtar amach sa Chreat an straitéis, na próisis, critéir riosca, rialuithe agus struchtúir rialachais atá ar bun chun rioscaí oibríochtúla a bhainistiú laistigh den Ghníomhaireacht. Leagtar amach sa Chreat fosta modheolaíocht an phróisis Féinmheasúnachta Riosca agus Rialaithe ina gcuirtear síos ar an bpróiseas le haghaidh sainaithint, measúnú, plé, monatóireacht agus tuairisciú leordhóthanach tráthúil i leith na rioscaí a thagann de bharr ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Is foghrúpa den Choiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe é Grúpa Bainistíocht um Leanúnachas Gnó GBCN. Is é ról an ghrúpa sin cur chuige cuí, comhleanúnach a chinntiú i leith bainistíocht leanúnachais ghnó ar fud na Gníomhaireachta agus ról tacaíochta a thabhairt ó thaobh bunú, feidhmiú, monatóireacht agus feabhsú gníomhaíochtaí bainistíochta i leanúnachas gnó.

13.2 Fiachas Náisiúnta – Comhdhéanamh Airgeadra

Fálaíonn an Ghníomhaireacht riosca airgeadra eachtraigh an Fhiachais Náisiúnta trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí malairte eachtraí agus as babhtálacha airgeadra. Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh airgeadra an Fhiachais Náisiúnta agus na bhfáluithe airgeadra gaolmhara:

Airgeadra
Amhail an 31 Nollaig

2017
€m
2016
€m
Ionstraimí Fiachais
Euro 181,076 178,340
Dollar SAM 401 2,448
Punt Steirling 3,637 4,148
Yen na Seapáine - 364
Yuan Síneach - 524
185,114 185,824
Airgeadra Eachtrach agus Conarthaí Babhtála
Euro 4,418 7,270
Dollar SAM (412) (2,450)
Punt Steirling (3,637) (4,148)
Yen na Seapáine - (364)
Yuan Síneach - (522)
369 (214)
Fiachas Náisiúnta 185,483 185,610

13.3 Fiachas Náisiúnta – Próifíl Aibíochta

Is mar seo a leanas a bhí próifíl iarmharach aibíochta an Fhiachais Mheántéarmaigh/Fhadtéarmaigh ag deireadh na bliana, agus idirbhearta bainistithe cisteáin a rinne an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh:

2017
€m
Dlite laistigh
de 1 bhliain
Dlite idir
1-5 bliana
Dlite idir
5-10 mbliana
Dlite thar
10 mbliana
Iomlán
Bannaí Rialtas na hÉireann 9,159 42,697 37,279 38,446 127,581
Clár Maoinithe AE/CAI 3,905 6,966 5,800 28,211 44,882
Fiachas Meántéarmach agus Fadtéarmach eile 4 7 531 1,356 1,898
Fiachas Gearrthéarmach 7 5,782 1,265 0 0 7,047
Coigilteas Stáit 8 7,638 7,275 2,376 3 17,292
Airgead Tirim agus Sócmhainní Airgeadais Eile (11,597) (1,345) (115) (160) (13,217)
Fiachas Náisiúnta 14,891 56,865 45,871 67,856 185,483
2016
€m
Dlite laistigh
de 1 bhliain
Dlite idir
1-5 bliana
Dlite idir
5-10 mbliana
Dlite thar
10 mbliana
Iomlán
Bannaí Rialtas na hÉireann 6,306 42,764 37,611 34,964 121,645
Clár Maoinithe AE/CAI 21 14,528 6,538 29,211 50,298
Fiachas Meántéarmach agus Fadtéarmach eile 5 4 331 1,358 1,698
Fiachas Gearrthéarmach 7 4,629 1,265 0 0 5,894
Coigilteas Stáit 8 6,654 7,752 2,786 2 17,194
Airgead Tirim agus Sócmhainní Airgeadais Eile (9,195) (1,849) (75) 0 (11,119)
Fiachas Náisiúnta 8,420 64,464 47,191 65,535 185,610
  1. 7Rinneadh an Fiachas Gearrthéarmach a choigeartú le haibíocht ionchais níos faide de chuid den airgead Bealaí agus Modhanna atá inaisíoctha leis an Ciste banc Taisce an Phoist a léiriú.
  2. 8Tá tréimhsí aibíochta Coigiltis Stáit bunaithe ar eolas iarbhír aibíochta curtha ar fáil ag An Post.

< NÓTA 12

NÓTA 14 >