6. Bannaí Rialtas na hÉireann

2017
€m
2016
€m
Bannaí Ráta Sheasta 110,837 101,418
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh 15,534 19,534
Bannaí Amúchta 597 693
Bannaí Innéacsnasctha 613 -
127,581 121,645
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh – Nótaí Gealltanais CÉRB a Ghlanadh:

Tar éis leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (“CÉRB”) an 7 Feabhra 2013, agus an chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Banc Ceannais na hÉireann (BCÉ) maidir le bannaí Rialtais fadtéarmacha a chur in ionad na nótaí gealltanais a soláthraíodh don CÉRB a bhí faoi úinéireacht stáit, cuireadh na nótaí gealltanais ar ceal agus cuireadh ocht mbanna nua Státchiste le Ráta Comhlúthach ina n-ionad. Eisíodh suim iomlán €25.03 billiún do BCÉ an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí.

Le linn 2017, cheannaigh agus chealaigh an Ghníomhaireacht €4 billiún (2016: €3 billiún) de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ar biseach €1.95 billiún (2016: €1.36 billiún). Ceannaíodh na bannaí ó BCÉ, rud a laghdaigh iomlán ainmniúil gan íoc na mBannaí Ráta Chomhlúthaigh go dtí €15.53 billiún (2016: €19.53 billiún). Tá sé i gceist ag BCÉ íosmhéid na n-urrús sin a dhíol de réir an sceidil seo a leanas: 2018 (€0.5 billiún in aghaidh na bliana), 2019-2023 (€1 billiún in aghaidh na bliana), agus 2024 ar aghaidh (€2 billiún in aghaidh na bliana) go dtí go ndíoltar gach banna.

Ó deireadh na bliana, cheannaigh agus chealaigh an Ghniomhaireacht €1.5 billiún eile de na Bannaí Státchiste Ráta Chomhlúthaigh.

< NÓTA 5

NÓTA 7 >