17. Cuntas Iasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh)

Nuair a bhíonn Iasacht Náisiúnta, Stoc nó Banna Rialtais le fuascailt, bíonn an tsuim iomlán gan íoc iníoctha leis an sealbhóir. Aistrítear aon suimeanna nach n-éilíonn an sealbhóir ar dháta na fuascailte chuig an gcuntas seo trí íocaíocht ón Státchiste. Dá bhrí sin, is ón gcuntas sin a fhreastalófar ar aon éilimh amach anseo a dhéanfar i dtaca leis na hiasachtaí aibithe seo. Áirítear sa chuntas seo freisin iarmhéideanna a bhí i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann agus na Roinne Airgeadais mar Ghníomhairí Íocaíochtaí i leith íocaíochtaí fuascailte nár glacadh leo, agus a aistríodh chuig an nGníomhaireacht.

Is suimeanna stairiúla is mó iad iarmhéid an cuntas. Is annamh a mbíonn suimeanna nár éilíodh mar gheall ar an tslí ina sealbhaíonn infheisteoirí bannaí agus a phróiseáiltear íocaíochtaí.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2017
€000
2016
€000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 3,171 3,121
Fáltais ón Státchiste - 115
Fáltais ó Chuntas an Bhainc Ceannais 62 63
Íocaíochtaí le Cuntas an Bhainc Ceannais (63) (63)
Íocaíochtaí le Fuascailt ar Iasachtaí Náisiúnta (36) (65)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 3,134 3,171

< NÓTA 16

NÓTA 18 >