18. Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin
Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh)

Nuair atá ús dlite ar dhliteanas banna, íocann an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán leis an nGníomhaire Íocaíochta, a eisíonn í ansin don sealbhóir cláraithe. Léiríonn an t-iarmhéid i gcuntas na ndíbhinní nár éilíodh ús ar iasachtaí aibithe, a d’aischuir an Gníomhaire Íocaíochta leis an nGníomhaireacht agus nach bhfuil éilithe fós ag na sealbhóirí cláraithe. Cothaíonn an Gníomhaire Íocaíochta cúlchnap airgid, thar ceann na Gníomhaireachta, a úsáidtear chun éilimh a íoc le linn na bliana.

Is suimeanna stairiúla is mó iad iarmhéid an cuntas. Is annamh a mbíonn suimeanna nár éilíodh mar gheall ar an tslí ina sealbhaíonn infheisteoirí bannaí agus a phróiseáiltear íocaíochtaí.

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí 2017
€000
2016
€000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2,586 2,519
Fáltais/(Íocaíochtaí) d’Ús nár Éilíodh (10) 67
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig - Airgead le Banc Ceannais na hÉireann 2,576 2,586

< NÓTA 17

NÓTA 19 >