7. Maoiniú Chlár AE/CAI

Rinne clár AE/CAI d’Éirinn soláthar do thacaíocht sheachtrach €67.5 billiún ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (“CAI”), ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSM”), ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSF”) agus d’iasachtaí déthaobhacha eile.

Tar éis comhaontú idir ballstáit AE agus iasachtóirí déthaobhacha i mí na Nollag 2014, rinne an Ghníomhaireacht aisíocaíochtaí idir Nollaig 2014 agus Márta 2015, dar suim rud beag níos mó ná €18 billiún san iomlán. I mí na Nollag 2017, tar éis comhaontú baill stáit an AE agus iasachtóirí dhéthaobhacha chríochnaigh an Ghníomhaireacht aisíocaíocht luath ar áis iasachta an CAI agus iasachtaí dhéthaobhacha an tSualainn agus an Danmhairg. Chomhlíon aisíocaíocht beagnach €4.5 biliún gach dualgas sceidealaithe aisíocaíocht bunairgid CAI a bhí le bheith dlite idir Eanáir 2021 agus Nollaig 2023. Chomhlíon aisíocaíocht iasachtaí dhéthaobhacha €1 billiún ón Sualainn (€0.6 billiún) agus an Danmhairg (€0.4 billiún)gach dualgas sceidealaithe aisíocaíocht bunairgid CAI a bhí le bheith dlite idir Meán Fómhair 2019 agus Bealtaine 2021.

Is iad seo a leanas na dliteanais gan íoc faoi Chlár AE/CAI ag deireadh 2017, lena n-áirítear tionchar na n-idirbheart fálaithe airgeadra:

Iasachtóir 2017
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
2016
€m
Ualaithe
Meán
Iarmharach
Aibíocht
Blianta
An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta4 5 0.2 Years 4,354 5.0 Years
An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht
Airgeadais

18,411

15.1 Years

18,411

16.1 Years
An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais
(EFSM)

22,500

9.1 Years

22,500

10.1 Years
Státchiste na Ríochta Aontaithe 3,966 2.2 Years 4,033 3.2 Years
Ríocht na Danmhairge - - 400 3.6 Years
Ríocht na Sualainne - - 600 3.6 Years
Iomlán 44,882 50,298

Léirítear thuas na síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSF a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2013. Cé gur comhaontaíodh síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSM in 2013 freisin, socrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Dá réir sin, ní léiríonn aibíocht na n-iasachtaí EFSM atá nochta ach amháin na síntí aibíochta a comhaontaíodh go dtí seo. Ní mheastar go mbeidh ar Éire ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027.

  1. 4Léiríonn iarmhéid iarmharaí 2017 i dtaca leis an CAI sreabadh airgid dlite i ndiadh deireadh na bliana.

< NÓTA 6

NÓTA 8 >