9. Páipéar Gearrthéarmach
Eisíonn an Ghníomhaireacht páipéar gearrthéarmach aibíochtaí a mhaireann suas le bliain amháin chun cistí gearrthéarmacha a chruinniú. Úsáidtear na fáltais chun easnamh an Státchiste a mhaoiniú agus mar mhaoiniú idirlinne in ionad fiachais níos fadtéarmaí, agus chun críocha bainistiú leachtachta eile. Féadfaidh iasachtaí bheith i raon airgeadraí éagsúla, ach caithfear gachiasacht nach euro í a bhabhtáil láithreach go euro agus conarthaí malairte eachtraí á n-úsáid.
| 2017 €m |
2016 €m |
||
|---|---|---|---|
| Nótaí Státchiste | 2,061 | 1,858 | |
| Billí Státchiste na hÉireann | 2,009 | 1,008 | |
| Cláir Pháipéar Tráchtála de chuid na hEorpa | 536 | 342 | |
| Nótaí Seirbhísí Lárnacha | 160 | 167 | |
| 4,766 | 3,375 |
