1. Cúlra

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, comhlíonann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) feidhmeanna iasachta agus Bainistíochta an Fhiachais Náisiúnta thar ceann an Aire Airgeadais.

Tá foirm na ráiteas ceadaithe ag an Aire Airgeadais faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

Áirítear le ráitis airgeadais an Fhiachais Náisiúnta nóta nochta iomlán maidir leis an gCuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla (“CFSC”) de réir alt 99(1) (f) den Acht Airgeadais 2014 ina sonraítear go bhfuil an CFSC le tuairisciú mar chuid den Fhiachas Náisiúnta le haghaidh 2014 agus le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin.

Áirítear freisin le ráitis airgeadas an Fhiachais Náisiúnta nótaí nochta i ndáil le Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta, Cuntas na nIasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh), Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh), Cuntas Infheistíochta Airgead Taisce agus Cuntas ar Stoc ar Glacadh Leis mar Íocaíocht ar Cháin Oidhreachta agus ar Dhleachtanna Báis. Ós rud é gur cuntais oibríochtúla iad seo a cuireadh ar bun chun críocha sainiúla, ní áirítear a n-iarmhéideanna airgid le hiarmhéid Chuntas an Státchiste arna tuairisciú faoi Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile sa Ráiteas ar Fhiachas Náisiúnta.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >