14. Bainistíocht Riosca

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

14.1 Creatlach Bainistíochta Riosca

De bharr fhreagracht na Gníomhaireachta d’eisiúint fiachais nua agus d’aisíocaíocht fiachais atá ag dul in aibíocht araon, i dteannta bainistíocht ráta úis agus phróifíl airgeadra na punainne iomláine fiachais, is cuid lárnach agus fhíorthábhachtach de ghnó na Gníomhaireachta í an bhainistíocht riosca. Is iad na príomhchatagóirí riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí Fiachais Náisiúnta na Gníomhaireachta ná riosca leachtachta, riosca margaidh, riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus riosca oibríochta. Tá réimse beartas agus nósanna imeachta ag an nGníomhaireacht chun an riosca bainteach a thomhas agus a rialú.

Rinne an Ghníomhaireacht an Chreatlach Bainistíochta Riosca de chuid GBCN a fhaomhadh lena chinntiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a próifíl riosca a bhainistiú i gcomhréir lena fonn riosca; agus go mbíonn socruithe iomchuí éifeachtacha bainistíochta riosca i bhfeidhm, mar aon le róil agus freagrachtaí atá sainmhínithe agus léirithe go soiléir. Le tacar bainteach de bheartais bainistíochta riosca, déantar srianta a bhunú agus a choimeád atá ag teacht le fonn riosca na Gníomhaireachta agus lena spriocanna straitéiseacha.

Tá Creatlach Bainistíochta Riosca na Gníomhaireachta faoi réir mhúnla na dtrí-líne-chosanta, agus tá a struchtúr eagraíochtúil agus a struchtúr coiste riosca ailínithe d’fhonn úinéireacht agus cuntasacht shoiléir a bhunú ó thaobh bainistiú riosca de. Ag an gcéad líne chosanta, is iad Aonaid Ghnó agus Feidhmeanna Corparáideacha na Gníomhaireachta go príomha atá freagrach as rioscaí a bhainistiú ar bhonn laethúil, ag cur san áireamh lamháltas agus fonn riosca GBCN, agus i gcomhréir lena cuid beartas, nósanna imeachta, rialuithe agus srianta. Tá an dara líne, lena gcuimsítear Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh agus feidhmeanna rialaithe eile de chuid na Gníomhaireachta, neamhspleách ar oibriúcháin agus ar an mbainistíocht líne thosaigh, agus is é an ról atá aici aon chinntí a mbíonn tionchar acu ar neamhchosaint na heagraíochta ar riosca a cheistiú agus eolas cuimsitheach sothuigthe ar rioscaí a sholáthar. Soláthraíonn an Fheidhm Iniúchta Inmheánaigh, ar cuid den tríú líne chosanta í, deimhniú neamhspleách, réasúnach, riosca-bhunaithe do phríomhpháirtithe leasmhara maidir le stóinseacht chóras bainistíochta riosca GBCN, maidir lena rialachas agus maidir le dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil thimpeallacht an rialaithe inmheánaigh.

Tacaíonn roinnt Coistí agus fochoistí Riosca de chuid GBCN leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna maidir le bainistíocht riosca.

Coiste Riosca na Gníomhaireachta (CRG)

Déanann CRG athbhreithniú ar na próisis sainaitheanta agus measúnaithe riosca ina n-iomláine atá ag GBCN. Leagann sé síos caighdeán maidir le monatóireacht chruinn thráthúil ar rioscaí criticiúla agus déanann athbhreithniú ar thuairiscí ar aon sárú ábhartha ar theorainneacha riosca agus ar leorgacht aon bhearta a bheadh molta.

Coiste Iniúchóireachta na Gníomhaireachta.

Cuidíonn an Coiste Iniúchóireachta leis an nGníomhaireacht ina maoirsiú ar chaighdeán agus ar shláine ráitis airgeadais na Gníomhaireachta agus déanann athbhreithniú agus monatóireacht ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, an phróisis iniúchta inmheánaigh agus na feidhme comhlíontachta, agus déanann athbhreithniú agus breithmheas ar aon aschuir ón iniúchóir reachtúil.

An Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair (CBRF)

Is coiste bainistíochta é an CBRF a dhéanann maoirsiú ar fhorfheidhmiú fhonn riosca foriomlán GBCN agus ar lucht ardbhainistíochta agus iad ag bunú córais iomchuí (lena n-áirítear beartais, nósanna imeachta agus teorainneacha riosca) lena chinntiú go ndéantar rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach agus a lena chinntiú go ndéantar aon chomhchruinniú punainne a shainaithint agus a bhainistiú de réir mar is iomchuí.

Coiste Riosca Creidmheasa Contrapháirtí (CRCC)

Maoirsíonn agus comhairlíonn an CRCC an CBRF maidir le neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí. Soláthraíonn sé clár rioscaí agus sonraí maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí ábhartha don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartas Bainistíochta Riosca Creidmheasa Contrapháirtí GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Margaidh agus Leachtachta (CRML)

Maoirsíonn agus comhairlíonn MLRC an CBRF maidir le neamhchosaint ar rioscaí margaidh agus leachtachta. Soláthraíonn sé clár rioscaí maidir le neamhchosaintí ar riosca margaidh agus leachtachta agus tugann sonraí don CBRF. Foirmlíonn sé, cuireann i bhfeidhm agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh Bheartais Bainistíochta Riosca Margaidh agus Leachtachta GBCN agus cinntíonn go ndéantar gach beart is iomchuí maidir leis an mBeartas ábhartha, nó maidir le sárú ar bith.

Coiste Riosca Oibríochtúil agus Rialaithe (CROR)

Déanann an CROR athbhreithniú ar an gcreatlach riosca oibríochtúil agus na beartais riosca oibríochtúil bhainteacha agus molann don CBRF iad lena bhfaomhadh. Faireann, athbhreithníonn agus ceistíonn an CROR rioscaí oibríochtúla GBCN agus tugann tuairisc ar bhainistiú rioscaí oibríochtúla don CBRF.

Is príomhchuspóir de chuid na Gníomhaireachta é a chinntiú go bhfuil dóthain airgid ag an Státchiste chun gach dualgas a chomhlíonadh agus iad dlite. Ar cheann de na cúraimí is tábhachtaí atá ar an nGníomhaireacht tá a chinntiú go bhfuil leachtacht leordhóthanach ag an Státchiste. Is féidir le rioscaí i leith leachtacht an Fhiachais Náisiúnta eascairt as imeachtaí sa bhaile, nó de bharr ardnaisc idir margaí, as imeachtaí lasmuigh d’Éirinn. Déanann an Ghníomhaireacht riosca leachtachta a bhainistiú, go príomha, trí mhaoláin airgid thirim chuí a choinneáil agus trí shrian a chur le líon na ndliteanas atá ag aibiú ag aon am faoi leith agus trí thráthúlacht agus méid an mhaoinithe a mheaitseáil leis na riachtanais mheasta. Atreisítear é sin trí na gníomhaíochtaí a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu chun bonn infheisteoirí idirnáisiúnta atá eolach agus éagsúlaithe a choinneáil, le nasc le gach ceann de na mórmhargaí caipitil agus tríd an raon ionstraimí fiachais is féidir a eisiúint a mhéadú.

Is ionann riosca margaidh agus riosca caillteanais nó costais mhéadaithe de thoradh athruithe ar luach sócmhainní agus dliteanas (lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe) de bharr luaineachtaí i dtosca riosca amhail rátaí úis, rátaí malairte eachtraí nó praghsanna margaidh eile. Ní mór aird a bheith ag an nGníomhaireacht ar impleachtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha araon dá gcuid idirbheart i bhfianaise an chúraim atá uirthi bainistiú a dhéanamh ní hamháin ar gharchostais fónta fiachais fioscaigh ach ar luach reatha na n-íocaíochtaí uile sa todhchaí idir bhunairgead agus ús. Rialaítear an neamhchosaint ar riosca ráta úis agus airgeadra trí ráta úis agus comhchruinniú airgeadra na punainne a bhainistiú de réir fhonn riosca na Gníomhaireachta. Tá srianta sonracha i bhfeidhm chun riosca margaidh a rialú; tuairiscítear neamhchosaint ar na srianta seo go rialta le lucht ardbhainistíochta. Nuair a athraíonn coinníollacha na margaí airgeadais, déantar athbhreithniú ar ráta cuí úis agus ar phróifíl airgeadra na punainne i gcomhréir le hathbhreithnithe tréimhsiúla ar shrianta. Tá an Ghníomhaireacht ag iarraidh an trádchothromú is fearr a ghnóthú idir costas agus riosca thar thréimhse agus tá clár fálaithe i bhfeidhm chun riosca ráta úis agus ráta malairte a bhainistiú agus chun an Státchiste a chosaint ó luaineacht féideartha sa todhchaí. Leagtar amach tuilleadh faisnéise ar úsáid díorthach in Díorthaigh (Nóta 15).

Is ionann riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca an chaillteanais airgeadais a eascraíonn as idirbheart margaidh airgeadais nuair nach gcomhlíonann contrapháirtí a chuid dualgas airgeadais faoin idirbheart sin agus i dtaca leis an bhFiachas Náisiúnta de, is as díorthaigh, taiscí agus idirbhearta malairte eachtraí go príomha a eascraíonn sé. Bainistítear leibhéal an riosca creidmheasa contrapháirtí i gcomhréir le fonn riosca na Gníomhaireachta trí bheith ag plé le contrapháirtithe a bhfuil ardchaighdeán creidmheasa acu agus leo siúd amháin. Forálann nósanna imeachta d’údarú srianta riosca don uile chontrapháirtí agus tuairiscítear neamhchosaint leis an mbainistíocht ar bhonn laethúil. Tugtar faoi athbhreithniú ar na srianta ar fad go rialta chun athruithe i stádas creidmheasa na gcontrapháirtithe nó athruithe in imeachtaí geilleagracha nó polaitíochta a chur san áireamh. Chun neamhchosaint an Státchiste roimh chontrapháirtithe margaidh a mhaolú agus lena chinntiú go bhfuil rochtain éifeachtach margaidh ag Éirinn le haghaidh a cuid gníomhaíochtaí fálaithe, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht dul isteach i socruithe tacaíochta creidmheasa le rannpháirtithe an mhargaidh a bhfuil sí ag iarraidh trádáil a dhéanamh leo – baineann sé seo le fáil agus le breacadh comhthaobhachta chun luach margaidh na neamhchosaintí a sheach-chur. Tá tuilleadh faisnéise ar úsáid socruithe tacaíochta creidmheasa leagtha amach in Díorthaigh (Nóta 15).

Bunaíodh rialúcháin chuimsitheacha d’fhonn a chinntiú go ndéantar bainistiú ar rioscaí oibríochtúla ar bhealach stuama. I measc na rialuithe sin, rinneadh dualgais a dheighilt idir déileáil, próiseáil, íocaíochtaí agus tuairisciú.

14.2 Fiachas Náisiúnta – Comhdhéanamh Airgeadra

Fálaíonn an Ghníomhaireacht riosca airgeadra eachtraigh an Fhiachais Náisiúnta trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí malairte eachtraí agus as babhtálacha airgeadra. Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh airgeadra an Fhiachais Náisiúnta agus na bhfáluithe airgeadra gaolmhara:

Airgeadra
Amhail an 31 Nollaig
2015
€m
2014
€m
Ionstraimí Fiachais
Euro 175,446 167,871
Dollar SAM 2,579 8,312
Punt Steirling 5,420 6,023
Dollar na hAstráile 132 -
Yen na Seapáine 384 978
183,925 183,184
Airgeadra Eachtrach agus Conarthaí Babhtála
Euro 7,627 14,460
Dollar SAM (2,581) (8,324)
Punt Steirling (5,424) (6,024)
Dollar na hAstráile (134) -
Yen na Seapáine (384) (978)
(860) (875)
Fiachas Náisiúnta 183,065 182,309

14.3 Fiachas Náisiúnta – Próifíl Aibíochta

Is mar seo a leanas a bhí próifíl iarmharach aibíochta an Fhiachais Mheántéarmaigh/Fhadtéarmaigh ag deireadh na bliana, agus idirbhearta bainistithe cisteáin a rinne an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh:

2015
€m
Dlite laistigh de
1 bhliain
Dlite idir
1-5 bliana
Dlite idir
5-10 mbliana
Dlite thar
10 mbliana
Iomlán
Bannaí Rialtas na hÉireann 8,155 50,159 30,450 36,322 125,086
Clár Maoinithe AE/CAI (652) 7,950 11,238 31,211 49,747
Fiachas Meántéarmach agus Fadtéarmach eile 5 1 331 831 1,168
Fiachas Gearrthéarmach 3,926 - - - 3,692
Coigilteas Stáit1 1,669 6,677 8,346 - 16,692
Airgead Tirim agus Sócmhainní Airgeadais Eile (11,286) (2,016) (252) - (13,554)
Fiachas Náisiúnta 1,817 62,771 50,113 68,364 183,065
2014
€m
Dlite laistigh de
1 bhliain
Dlite idir
1-5 bliana
Dlite idir
5-10 mbliana
Dlite thar
10 mbliana
Iomlán
Bannaí Rialtas na hÉireann 2,261 38,398 34,653 41,027 116,339
Clár Maoinithe AE/CAI 4,882 10,122 15,578 28,211 58,793
Fiachas Meántéarmach agus Fadtéarmach eile 5 - 224 698 927
Fiachas Gearrthéarmach 4,625 - - - 4,625
Coigilteas Stáit1 1,638 6,554 8,192 - 16,384
Airgead Tirim agus Sócmhainní Airgeadais Eile (11,987) (2,016) (756) - (14,759)
Fiachas Náisiúnta 1,424 53,053 57,891 69,936 182,309

1 Glactar leis, i gcás Coigilteas Stáit, go dtagann 10% den iomlán amuigh ag tús na tréimhse in aibíocht gach bliain, ar feadh cúig bliana, agus go dtagann an 50% deireanach in aibíocht sa séú bliain.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >