7. Bannaí Rialtas na hÉireann

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

2015
€m
2014
€m
Bannaí Ráta Sheasta 101,500 90,600
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh (féach thíos) 22,534 24,534
Bannaí Amúchta 1,052 1,205
125,086 116,339
Bannaí Ráta Chomhlúthaigh – Nótaí Gealltanais CÉRB a Ghlanadh:

Tar éis leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (“CÉRB”) an 7 Feabhra 2013, agus an chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Banc Ceannais na hÉireann (BCÉ) maidir le bannaí Rialtais fadtéarmacha a chur in ionad na nótaí gealltanais a soláthraíodh don CÉRB a bhí faoi úinéireacht stáit, cuireadh na nótaí gealltanais ar ceal agus cuireadh ocht mbanna nua Státchiste le Ráta Comhlúthach ina n-ionad. Eisíodh suim iomlán €25.03 billiún do BCÉ an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí.

I mí na Nollag 2015, cheannaigh agus chealaigh an Ghníomhaireacht €2 billiún (2014 €0.5 billiún) de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh. Ceannaíodh na bannaí ó BCÉ, rud a laghdaigh iomlán ainmniúil gan íoc na mBannaí Ráta Chomhlúthaigh go dtí €22.53 billiún (2014 €24.53 billiún). Tá sé i gceist ag BCÉ íosmhéid na n-urrús sin a dhíol de réir an sceidil seo a leanas: 2016-2018 (€0.5 billiún in aghaidh na bliana), 2019-2023 (€1 billiún in aghaidh na bliana), agus 2024 ar aghaidh (€2 billiún in aghaidh na bliana) go dtí go ndíoltar gach banna.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >