15. Díorthaigh

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Mar chuid dá straitéis bainistíochta riosca, úsáideann an Ghníomhaireacht meascán de dhíorthaigh lena n-áirítear babhtálacha ráta úis, babhtálacha airgeadra agus conarthaí malairte eachtraí. Léirítear sa tábla seo a leanas luach ainmniúil agus luach reatha na n-ionstraimí a bhaineann le Fiachas Náisiúnta amuigh ag deireadh na bliana. Deimhnítear luach reatha gach ionstraime trí ráta cuí úis a úsáid chun a sreabhadh iomlán airgid sa todhchaí a lascainiú chuig a luach reatha.

31 Nollaig
2015
Ainmniúil
€m
31 Nollaig
2015
Luach Reatha
€m
31 Nollaig
2014
Ainmniúil
€m
31 Nollaig
2014
Luach Reatha
€m
Babhtálacha ráta úis 18,620 (1,067) 19,079 (1,321)
Babhtálacha Airgeadra agus Conarthaí Malairte Eachtraí 8,631 812 15,402 878
27,251 (255) 34,481 (443)

Soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí státchiste don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) faoi alt 52 agus 235 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé idirbhearta díorthacha a dhéanamh le GNBS. Déantar a leithéid sin d’idirbhearta a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin níl aon ghlanéifeacht ar chuntais an Fhiachais Náisiúnta. Ba é €4.7 billiún (2014: €12.8 billiún) luach ainmniúil na mbabhtálacha ráta úis a rinneadh le GNBS ag deireadh 2015; ba é €2.0 billiún (2014: €3.0 billiún) luach ainmniúil na mbabhtálacha airgeadra agus na gconarthaí ráta malairte a rinneadh le GNBS ag deireadh 2015.

Soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí státchiste chomh maith don CÉRB (faoi Leachtú Speisialta) agus féadann sí, dá réir, idirbhearta díorthacha a dhéanamh le CÉRB. Déantar a leithéid sin d’idirbhearta a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin níl aon ghlanéifeacht ar chuntais an Fhiachais Náisiúnta. Ba é €0.3 billiún luach ainmniúil na gconarthaí ráta malairte eachtraí a rinneadh le CÉRB ag deireadh 2015 (2014:€0.5 billiún).

Chun na rioscaí a eascraíonn ó idirbhearta díorthacha a mhaolú, déanann an Ghníomhaireacht socruithe tacaíochta creidmheasa lena contrapháirtithe margaidh. Dréachtaítear conarthaí díorthacha i gcomhréir le Máistir-Chomhaontuithe an Chumainn um Babhtálacha agus Dhíorthaigh Idirnáisiúnta (“CBDI”). Is doiciméad dlíthiúil í Iarscríbhinn Tacaíochta Creidmheasa (“ITC”) a d’fhéadfadh bheith ceangailte le Máistir-Chomhaontú CBDI chun tacaíocht chreidmheasa a rialú (sa chás seo, comhthaobhacht airgid) le haghaidh idirbhearta díorthacha. Sainmhínítear inti na cásanna faoinar gá do chontrapháirtithe comhthaobhacht a bhreacadh. Faoi na ITCanna, is ionann breacadh airgid agus aistriú iomlán úinéireachta. Ach, tá an t-aistriú faoi réir dualgais comhthaobhacht choibhéiseach a thabhairt ar ais de réir athruithe i luachanna margaidh nó faoi chúinsí ar leith mar atá Imeacht Críochnaithe nó Imeacht Loicthe. Tá an soláthróir comhthaobhachta i dteideal ús a chur i dtaisce ar iarmhéideanna airgid postáilte.

Chuir an Ghníomhaireacht Cuntas Tacaíochta Creidmheasa ar bun i mBanc Ceannais na hÉireann in 2010 chun na hidirbhearta seo a éascú. Déantar luacháil ar chonarthaí díorthacha ar bhonn laethúil. Nuair a bhíonn gá le comhthaobhacht ó chontrapháirtí, íoctar í isteach sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa. Nuair a bhíonn gá ag an nGníomhaireacht comhthaobhacht a phostáil le contrapháirtí, úsáideann sí an t-airgead sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa chun an íocaíocht chomhthaobhachta a mhaoiniú. Má bhíonn easpa airgid sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa, maoinítear an Cuntas ón Státchiste.

15.1 Cuntas Tacaíochta Creidmheasa

2015
€m
2014
€m
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir - -
Comhthaobhacht Airgid a fuarthas ó chontrapháirtithe 4,794 4,194
Comhthaobhacht airgid a íocadh le contrapháirtithe (4,485) (3,350)
309 844
Glanmhaoiniú Státchiste le linn na bliana (309) (844)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig NIALAS NIALAS
Tabhair faoi deara: 2015
€m
2014
€m
Maoiniú Státchiste amhail an 31 Nollaig 203 511
Glan-Chomhthaobhacht breactha chuig Contrapháirtithe amhail an 31 Nollaig (Nóta 13) (203) (511)

Tá an Ghníomhaireacht tar éis dul isteach i gComhaontú Breactha Comhthaobhachta le GNBS. Ag deireadh na bliana 2015, bhí comhthaobhacht €0.26 billiún (2014: €0.69 billiún) breactha ag GNBS chuig an nGníomhaireacht mar chuid den chomhaontú sin.

Tá an Ghníomhaireacht tar éis dul isteach i gComhaontú Breactha Comhthaobhachta le CÉRB freisin. Ag deireadh na bliana 2015, bhí comhthaobhacht €0.036 billiún (2014: €0.025 billiún) breactha ag CÉRB chuig an nGníomhaireacht mar chuid den chomhaontú sin.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >