18. Dliteanais theagmhasacha

GBCN Chuntas Riaracháin

I Márta 2015, cuireadh tús le himeachtaí dlí in aghaidh na Gníomhaireachta agus an Aire Oideachais agus Scileanna i ndáil leis an gcomórtas soláthair phoiblí le haghaidh thionscadal CPP Institiúid Theicneolaíochta Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin. Tá an Ghníomhaireacht agus an tAire Oideachais agus Scileanna ag cosaint na n-imeachtaí seo. Éisteadh an cás sa Chúirt Tráchtála i mí Feabhra 2016 agus tá breith ar an gcás ar feitheamh. Amhail an dáta tuairiscithe, níl aon oibleagáid ar an nGníomhaireacht i leith an cháis seo is féidir a mheas go hiontaofa agus, dá réir, níl aon soláthar sainaitheanta. De bhreis air seo, ní féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh eis-sreabhadh acmhainní ann agus níl sé praiticiúil meastachán a dhéanamh ar an éifeacht airgeadais, más ann di ar chor ar bith, a thiocfaidh de thoradh an cháis agus, dá réir, níl aon nochtadh á dhéanamh i leith an cháis seo.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >