5 Beartais shuntasacha chuntasaíochta

GBCN Chuntas Riaracháin

5.1 Gnóthas leantach

Tá staid airgeadais na Gníomhaireachta agus a shreafaí airgid thirim mionsonraithe sna ráitis airgeadais. Féadann comhaltaí na Gníomhaireachta, ar bhonn réasúnach, bheith ag dúil go mbeadh acmhainní leorga ag an eintiteas chun leanúint de bheith ag feidhmiú agus chun a shainordú a chomhlíonadh go ceann i bhfad. Mar sin, tá an Ghníomhaireacht ag leanúint de ghlacadh le bonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus ráitis airgeadais á n-ullmhú.

5.2 Ioncam oibriúcháin

Tá sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta a sholáthar mar aon le foireann a shannadh chuig roinnt gnólachtaí faoi reachtaíocht fhorordaithe. Glacann an Ghníomhaireacht le bonn gnóthaithe costais ó na gnólachtaí seo le haghaidh soláthar foirne agus seirbhísí agus míníonn siad é seo ar bhonn fabhraithe. Déantar ioncam eile a thaifeadadh ar bhonn fabhraithe sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

5.3. Ioncam an Phríomh-Chiste

Léiríonn Ioncam Príomh-Chiste atá san áireamh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile an méid is gá chun na costais oibriúcháin agus riaracháin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht a chlúdach. Sainaithnítear an méid bunaithe ar bhonn fabhraithe i gcomhréir le Deontais Rialtais Alt 25 de FRS 102.

5.4 Caiteachas

Sainaithnítear na costais agus na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht ar bhonn fabhraithe sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

5.5 Sócmhainní Neamhreatha agus dímheas

Tá na sócmhainní neamhreatha sonraithe sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais ag costas lúide dímheas carntha. Déantar dímheas a mhuirearú ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile ar bhonn méid chothrom, agus an muirear á ríomh thar shaolré fhóinteach ionchais na sócmhainne.

5.6 Léasú

Muirearaítear cíosanna faoi léasanna oibriúcháin ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile ar bhonn fabhraithe.

5.7 Pinsin

Reáchtálann an Ghníomhaireacht scéim phinsean le sochar sainithe, agus d’fhostaithe a roghnaíonn gan páirt a ghlacadh sa scéim, déanann sí ranníocaíochtaí le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (“CCSP”). Maoinítear na ranníocaíochtaí as buiséad riaracháin na Gníomhaireachta.

Tugtar cuntas ar chostais na scéime pinsin le sochar sainithe faoi alt 28 de FRS 102. Tomhaistear sócmhainní na scéime pinsin de réir luacha chóir. Déantar dliteanais na scéime pinsin a thomhas ar bhonn achtúireach agus leas á bhaint as an modh réamh-mheasta aonaid. Léirítear barrachas dliteanais scéime thar shócmhainní scéime sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais mar dhliteanas. Is éard atá i gceist le maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach a ghnóthófar amach anseo ón bPríomh-Chiste.

Cuimsíonn an t-athrú sa phinsean le sochar sainithe sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile an costas seirbhíse reatha agus an costas seirbhíse roimhe seo móide glanchostas an úis (nóta 10.5) ar shócmhainní agus dliteanais na scéime.

Sainaithnítear gnóthachain agus caillteanais achtúireacha a eascraíonn as athruithe sna boinn tuisceana achtúireacha agus as taithí san Ioncam Cuimsitheach Eile don bhliain ina dtarlaíonn siad, agus sainaithnítear athrú comhfhreagrach sa tsuim inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste.

Aithnítear costas ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta sna Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta mar mhuirear ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile sa bhliain airgeadais lena mbaineann seirbhís an fhostaí.

5.8 Bogearraí

Muirearaítear costais bogearraí ríomhaireachta ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile sa bhliain ina dtabhaítear iad.

5.9 Cuntas caipitil

Léiríonn an cuntas caipitil fáltais ón bPríomh-Chiste, a leithdháileadh chun sócmhainní neamhreatha a cheannach. Déantar na fáltais a amúchadh ar aon dul le dímheas ar na sócmhainní neamhreatha lena mbaineann.

5.10 Soláthairtí

Aithnítear soláthairtí sa chás go bhfuil oibleagáid reatha (dlíthiúil nó inchiallaithe) ar an nGníomhaireacht mar thoradh ar theagmhas a tharla roimhe, is dócha go mbeidh ar an nGníomhaireacht an oibleagáid a shocrú, agus go mbeifear in ann meastachán iontaofa a dhéanamh ar mhéid na hoibleagáide.

Is ionann na méideanna a n-aithnítear ina soláthairtí iad agus an meastachán is fearr ar an gcomaoin atá de dhíth leis an oibleagáid reatha a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

5.11 Cánachas

Is comhlacht Stáit í an Ghníomhaireacht chun críocha cánach. Faoi fhorálacha sainiúla san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tá an Ghníomhaireacht díolmhaithe ón gcáin chorparáideach. Ar a bharr sin, níl an Ghníomhaireacht faoi réir cáin ghnóthachan caipitiúil nó cáin chorparáideach ar bith in Éirinn ar aon ghnóthachan inmhuirir a fhabhraíonn chuici.

5.12 Eochair-bhreithiúnais agus meastacháin

Le léiriúchán na ráiteas airgeadais a chur i gcrích, bíonn ar an mbainistíocht breithiúnais, meastacháin agus toimhdiú a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar na méideanna a thuairiscítear maidir leis na sócmhainní agus dliteanais amhail ar dháta an chláir chomhardaithe agus ar na méideanna a thuairiscítear maidir le hioncam agus speansais le linn na bliana. Fágann nádúr an mheastacháin, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh difear idir na torthaí iarbhír agus na meastacháin sin. Is iad na breithiúnais seo a leanas is mó (diomaite díobh sin a bhfuil meastachán i gceist leo) a chuaigh i bhfeidhm ar na méideanna atá sainaitheanta sna ráitis airgeadais.

Scéim pinsin le sochar sainithe (nóta 10)

Tá oibleagáidí ar an nGníomhaireacht sochair phinsin a íoc le fostaithe áirithe. Braitheann costas na sochar seo agus luach reatha na hoibleagáide ar roinnt tosca, lena n-áirítear; ionchas saoil, méaduithe tuarastail, luacháil sócmhainní agus rátaí lascaine. Déanann an bhainistíocht meastachán ar na tosca seo chun an ghlanoibleagáid pinsin sa chlár comhardaithe a chinneadh. Léiríonn na toimhdí taithí stairiúil agus treochtaí reatha.

Soláthairtí (nóta 15)

Déanann an Ghníomhaireacht soláthairtí in aghaidh oibleagáidí dlíthiúla agus inchiallaithe, arb eol iad a bheith gan íoc ar dháta an tuairiscithe. Éilíonn na soláthairtí na meastacháin is fearr de chuid na bainistíochta ar an gcaiteachas a mheastar a bheidh ag teastáil chun an oibleagáid a shocrú.

Saolré ionchais réadmhaoine, trealaimh agus feithiclí (nóta 11)

Déantar an muirear maidir le dímheas tréimhsiúil a dhíorthú i ndiaidh meastachán a dhéanamh ar shaolré ionchais sócmhainne agus ar an luach iarmharach ionchais ag deireadh a saoil. Is é an toradh a bheadh ar athrú ar shaolré ionchais sócmhainne nó ar a luach iarmharach ná athrú sa mhuirear dímheasa sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

Cinneann an bhainistíocht ar shaolré ionchais shócmhainní na Gníomhaireachta agus déantar athbhreithniú uirthi seo ar bhonn bliantúil, ar a laghad, chun críche oiriúnachta. Tá an tsaolré bunaithe ar thaithí stairiúil le sócmhainní comhchosúla mar aon le súil chun cinn ar theagmhais sa todhchaí, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsaolré.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >