19. Páirtithe gaolmhara

GBCN Chuntas Riaracháin

An tAire Airgeadais

Ceapann an tAire Airgeadais seisear comhaltaí de chuid na Gníomhaireachta de réir alt 3A den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, arna leasú.

Príomhphearsanra bainistíochta

Is iad comhaltaí na Gníomhaireachta a rialaíonn an Ghníomhaireacht agus is é an Príomhfheidhmeannach a bhainistíonn agus a stiúrann riarachán agus gnó na Gníomhaireachta. Tá údarás agus freagracht ag an bPríomhfheidhmeannach agus ag Comhaltaí na Gníomhaireachta as pleanáil, stiúradh agus rialú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus, dá bhrí sin, is príomhphearsanra bainistíochta na Gníomhaireachta iad. Nochtar i Nóta 8 táillí a íocadh le comhaltaí na Gníomhaireachta mar aon le luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh.

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

De réir ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS, mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS. Déantar cur síos ar ghnóthú speansas ó GNBS i nóta 6.

Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann

De réir alt 10 den Acht um Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann 2014, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do CBSÉ mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna CBSÉ. Déantar cur síos ar ghnóthú speansas ó CBSÉ i nóta 6.

Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean

De réir alt 21 den Acht um Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, 2000, is í an Ghníomhaireacht bainisteoir an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean. Níor thabhaigh an Ghníomhaireacht aon chostais ná níor ghnóthaigh sí aon speansais sa tréimhse maidir leis an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >