22. Aistriú go dtí FRS 102

GBCN Chuntas Riaracháin

Tá an Ghníomhaireacht tar éis aistriú chuig FRS 102 agus suimeanna comparáideacha don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 a athshonrú. Seo a leanas an tionchar a d’imir sé sin:

Clár comhardaithe amhail an 1 Eanáir agus an 31 Nollag 2014
Coigeartú 1 Eanáir
2014
€'000
Éifeacht
an Aistrithe
€'000
Arna
tuairisciú
faoi
FRS 102
€'000
31 Noll
2014
€'000
Éifeacht
an Aistrithe
€'000
Arna
tuairisciú
faoi
FRS 102
€'000
Sócmhainní neamhreatha
Réadmhaoin, trealamh agus feithiclí 2 3,202 204 3,406 2,978 183 3,161
Infháltais 9,130 882 10,012 5,636 1,091 6,727
Airgead sa Bhanc 3,180 - 3,180 1,009 - 1,009
Sócmhainní reatha 12,310 882 13,192 6,645 1,091 7,736
Creidiúnaithe 1,2 (12,310) (1,554) (13,864) (6,645) (1,763) (8,408)
Glansócmhainní reatha - (672) (672) - (672) (672)
Glansócmhainní roimh shochair scoir 3,202 (468) 2,734 2,978 (489) 2,489
Maoiniú sochair scoir iarchurtha benefit funding 3,549 - 3,549 25,537 - 25,537
Oibleagáid sochair scoir (3,549) - (3,549) (25,537) - (25,537)
Glan-Sócmhainn 3,202 (468) 2,734 2,978 (489) 2,489
Ag Ionadú:
Cuntas Caipitil 3,202 (468) 2,734 2,978 (489) 2,489
Ráiteas an Chuntais Ioncaim agus Caiteachais le haghaidh 2014
Coigeartú 2014
€'000
Éifeacht
an Aistrithe
€'000
Arna tuairisciú
faoi
FRS 102
€'000
Ioncam
Ioncam Oibriúcháin 55,501 - 55,501
Ioncam an Phríomh-Chiste 1 43,262 1,177 44,439
Glanmhaoiniú sochair scoir iarchurtha 3 720 397 1,117
Aistriú ón gcuntas caipitil 2 224 21 245
99,707 1,595 101,302
Caiteachas
Costais na Gníomhaireachta 1,2,3 (99,707) (1,595) (101,302)
Glan-Ioncam / (Glan-Chaiteachas) - - -
Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána le haghaidh 2014
Coigeartú 2014
€'000
Éifeacht
an Aistrithe
€'000
Arna tuairisciú
faoi
FRS 102
€'000
Caillteanas Achtúireach aitheanta ar oibleagáidí sochair scoir 3 (21,268) 397 (20,871)
Gluaiseacht sa Mhaoiniú Sochair Scoir Iarchurtha (nóta 9.2) 3 21,268 (397) 20,871
(Caillteanas) / Gnóthachan Aitheanta Iomlán - - -
Coigeartú
1. Fabhrú maidir le saoire bhliantúil

Ní dhearna an Ghníomhaireacht fabhrú roimhe seo i gcás pá saoire bliantúla a bhí saothraithe ag fostaithe ach nach raibh tógtha acu faoi dháta an tuairiscithe. Faoi FRS 102, tá sé de cheangal ar an nGníomhaireacht fabhrú a dhéanamh ar theidlíochtaí saoire bliantúla atá saothraithe ach nach bhfuil tógtha faoi dháta an tuairiscithe. Is é an tionchar atá leis an athrú seo go bhfuil pá saoire bliantúla fabhraithe de €0.9m agus €1.2m don Ghníomhaireacht an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach san áireamh i gcostais Chreidiúnaithe agus Gníomhaireachta.

Tá luach saothair fostaithe inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste. Tá an fabhrú maidir le saoire bhliantúil de €0.9m agus €1.2m don Ghníomhaireacht an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach san áireamh in ioncam Creidiúnaithe agus Príomhchiste mar shuimeanna infhála.

2. Forálacha

Ní raibh aon fhoráil déanta ag an nGníomhaireacht roimhe seo le haghaidh costas a bhaineann le háitreabh. Faoi FRS 102, tá sé de cheangal ar an nGníomhaireacht foráil a dhéanamh le haghaidh gach costais dhóchúil is féidir a mheas go hiontaofa. Is é an tionchar atá leis an athrú seo go bhfuil costais de €0.7m an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach san áireamh faoi Réadmhaoin, trealamh agus feithiclí. Is é €21k an méid in-dímheasa atá sainaitheanta agus tá sé san áireamh laistigh den aistriú ón gCuntas Caipitil an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014. Is ionann an méid dímheasa carntha atá san áireamh laistigh de Réadmhaoin, trealamh agus feithiclí agus €0.5m agus €0.5m an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach.

Tá an soláthar san áireamh laistigh de Chreidiúnaithe de €0.7m an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach.

Tá caiteachas caipitil inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste agus tá sé amúchta thar shaolré fhóinteach na sócmhainne. Tá dímheas breise de €21k don Ghníomhaireacht an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach san áireamh laistigh de chostais na Gníomhaireachta. Tá dímheas breise de €21k don Ghníomhaireacht an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2014 faoi seach amúchta agus é san aistriú ón gcuntas caipitil.

3. Luacháil achtúireach

Rinne an Ghníomhaireacht an scéim pinsin le sochar sainithe a áireamh roimhe seo faoi FRS 17. De thoradh an aistrithe go dtí FRS 102, d’fhág an t-athrú ar an toradh tuartha ar shócmhainní go dtí costas glanúis go raibh laghdú de €0.4m ann (ó €3.6m go dtí €3.2m) an 31 Nollaig 2014. Tá an ghluaiseacht de €0.4m de chaillteanas achtúireach san áireamh laistigh de chostais na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2014. Tá an ghluaiseacht sa mhaoiniú iarchurtha de €0.4m san áireamh laistigh de Mhaoiniú glan sochair scoir iarchurtha amhail an 31 Nollaig 2014. Táthar tar éis na hatomhais iomlána atá san áireamh in Ioncam Cuimsitheach Eile a laghdú le €0.4m (ó €21.3 go €20.9) amhail an 31 Nollaig 2014.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >