11. Aistrithe

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

11.1 Sócmhainní a aistríodh chuig an gCiste ó CNP

De bhun Acht GBCN 2014, rinneadh gach sócmhainn de chuid CNP arna rialú le dlí na hÉireann a aistriú go huathoibríoch ó Choimisiún CNP chuig an nGníomhaireacht an 22 Nollaig 2014 (agus iad ag éirí ina sócmhainní de chuid an Chiste). Ba é €22,153m luach na sócmhainní a aistríodh chuig an gCiste.

11.2 Sócmhainní a dhí-aithin CNP

Ón 22 Nollaig 2014, is é atá i gCoimisiún CNP coimisinéir aonair (Príomhfheidhmeannach, GBCN) a gceanglaítear air le hAcht GBCN 2014 gach rud is indéanta go praiticiúil a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’aistriú aon sócmhainní atá fágtha arna rialú le dlí eachtrach. Ní mór aistriú dlíthiúil na sócmhainní seachtracha a dhéanamh i gcomhar leis an gcontrapháirtí iomchuí. Tá an próiseas beagnach críochnaithe, agus tá roinnt bheag sócmhainní eachtracha nach bhfuil aistrithe ó CNP go Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn faoi 31 Nollaig 2015. Rinne Coimisiún CNP na sócmhainní a bhí ag CNP a dhí-aithint cheana, agus ar aon dul le caighdeáin tuairiscithe chuntasaíochta, aithnítear agus cuirtear i láthair iad i ráitis airgeadais an Chiste.

Liostaítear miondealú thíos ar na sócmhainní a bhí fágtha faoi úinéireacht dhlíthiúil CNP amhail an 31 Nollaig, faoi mar a léirítear i Ráitis Airgeadais an Chiste.

2015
€m
2014
€m
Punann lánroghnach
Gnáthscaireanna - 1,084
Airgeadra agus cistí infheistíochta eile - 273
Infheistíochtaí réadmhaoine - 242
Infheistíochtaí Gnáthscair Phríobháidigh - 169
Taiscí, Airgead agus Infheistíochtaí Eile - 2
- 1,770
Sócmhainní Reatha 1 37
Dliteanais Reatha - (7)
Iomlán Na Sócmhainní a shealbhaítear go dlíthiúil in CNP 1 1,800

Tá an tsuim thuasluaite ar áireamh sna sócmhainní dar luach €22,153m a aistríodh ó CNP chuig an gCiste in 2014.

Amhail an 30 Aibreán 2016, ba é €1m luach margaidh na sócmhainní a bhí fós le haistriú chuig an gCiste.

11.3 Aistrithe chuig an Státchiste

De réir treorach ón Aire Airgeadais, aistríodh €1.6bn chuig an Státchiste ón bPunann faoi Threoir an 19 Márta 2015.

De réir treorach ón Aire Airgeadais, aistríodh €1.9bn chuig an Státchiste ón bPunann faoi Threoir an 18 Nollaig 2015. Baineann an tsuim seo leis na fáltais ó fhuascailt scaireanna tosaíochta AIB agus le díbhinní bainteacha. Faoi threoir an Aire Airgeadais úsáideadh €0.2bn den airgead tirim seo chun Nótaí Gealltanais EBS an Aire a fhuascailt agus cuireadh an chuid eile ar ais sa Státchiste.

2015
€m
Aistriú chuig an Státchiste an 19 Márta 2015 1,634
Aistriú chuig an Státchiste an 18 Nollaig 2015 1,866
Aistrithe chuig an Státchiste 3,500

11.4 Aistrithe ón Státchiste

Ar an 6 Samhain 2015, aistríodh €335m ón Státchiste chuig an gCiste (Nóta 14.1).

An Státchiste a thug an €335m i gcomhair Ciste nua Ceangailteachta laistigh den Phunann Lánroghnach. Tá an Ciste Nua Ceangailteachta curtha in áirithe i gcomhair Infheistíochta i dtionscadail a fheabhsaíonn ceangailteacht fhisiciúil, fhíorúil nó fuinnimh na hÉireann.

2015
€m
Aistrithe ón Státchiste 335

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >