2. Bonn ullmhúcháin

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Rinneadh na ráitis airgeadais a réiteach don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015. Is ón 22 Nollaig 2014 go dtí an 31 Nollaig 2014 atá an tréimhse chomparáideach. Rinneadh gach suim sna ráitis airgeadais a shlánú go dtí an milliún nó an míle is cóngaraí ach amháin má tá a mhalairt sonraithe. In áiteanna a bhfuil siad in úsáid, seasann ‘€'000’ nó ‘k’ do ‘míle’, seasann ‘m’ do ‘milliún’ agus seasann ‘bn’ do ‘billiún’.

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir Alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú), agus iad i bhformáid atá ceadaithe ag an Aire Airgeadais.

Ar thosach feidhme Chuid 6 d’Acht GBCN 2014, d’éirigh sócmhainní agus dliteanais an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (“CNP”) ina sócmhainní agus ina ndliteanais de chuid an Chiste (faoi réir fhorálacha Sceideal 4 d’Acht GBCM 2014 i gcás sócmhainní agus dliteanais eachtracha áirithe). Ní mór aistriú dlíthiúil na sócmhainní seachtracha a dhéanamh i gcomhar leis an gcontrapháirtí iomchuí. Tá an próiseas beagnach críochnaithe, agus tá roinnt bheag sócmhainní eachtracha nach bhfuil aistrithe ó CNP go Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn amhail an 31 Nollaig 2015. Rinne Coimisiún CNP na sócmhainní sin (atá i seilbh Choimisiún CNP tríd an nGníomhaireacht) a dhí-aithint roimhe seo, i ndiaidh an dáta aistrithe, agus aithnítear agus cuirtear i láthair iad laistigh de ráitis airgeadais an Chiste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2015 ar aon dul le Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais (“CTA”).

Beag beann ar an sealúchas suntasach atá ag an gCiste i ngnáthscaireanna Bhainc-Aontas Éireann (“BAE”) mar chuid dá hInfheistíochtaí faoi Threoir, níl an Ghníomhaireacht (mar Bhainisteoir agus mar Rialtóir ar an gCiste) in ann rialú, tionchar ceannasach ná tionchar suntasach a fheidhmiú ar BAE óir tá an rialú vótála i leith na scaireanna forchoimeádta ag an Aire ionas gurb é/í féin amháin a thabharfaidh treoir. Mar sin, ní dhéanann an Ghníomhaireacht torthaí agus staid airgeadais BAE a chomhdhlúthú i ráitis airgeadais an Chiste.

Tá an Ciste ag glacadh go luath le leasuithe Mhárta 2016 a rinneadh ar pharagraif 34.22 agus 34.42 de FRS 102 ag athbhreithniú na riachtanas nochta go dtí an grádú cóirluacha a nochtar i nóta 15 de na ráitis airgeadais.

Ráiteas comhlíonta

Ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir Chaighdeán Tuairiscithe Airgeadais 102 (“CTA 102”); is é sin an Caighdeán Tuairiscithe Airgeadais atá infheidhme sa RA agus i bPoblacht na hÉireann faoi mar eisíodh i Meán Fómhair 2015.

Aistriú go dtí Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais 102 (“CTA 102”)

Ní raibh aon tionchar ábhartha ag an aistriú go CTA 102 ar na suimeanna a tuairiscíodh i leith na bliana airgeadais reatha ná an bhliain roimhe. Maidir leis an aistriú, níl aon choigeartú ábhartha tomhais déanta ag an gCiste.

Is é 22 Nollaig 2014 an dáta aistrithe CTA 102 (i.e. an tréimhse is luaithe dá gcuireann an Ciste eolas iomlán comparáideach i láthair) agus, dá réir sin, tá na suimeanna comparáideacha a chuirtear i láthair don tréimhse dar chríoch 31 Nollaig 2014 bunaithe ar ráitis airgeadais an Chiste don tréimhse sin.

Ní dhearnadh aon athrú ar pholasaithe cuntasaíochta an Chiste mar gheall ar CTA 102. I ndáiríre, tá na polasaithe cuntasaíochta a feidhmíodh leis na ráitis airgeadais seo a ullmhú faoi CTA 102 ar aon dul leis na polasaithe cuntasaíochta a feidhmíodh in ullmhú na ráiteas airgeadais sa bhliain roimhe faoin gcreat cuntasaíochta a bhí ann roimhe.

De thoradh an aistrithe go CTA 102, tá roinnt athruithe láithreoireachta déanta ag an gCiste ar an Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais (“RMSA”) agus an Ráiteas d’Ioncam Cuimsitheach (“RIC”) ón mbliain roimhe. Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar an RMSA; cuirtear sócmhainní neamhreatha i láthair ina n-infheistíochtaí, cuirtear caillteanais neamhréadaithe ar thodhchaíochtaí agus ar chonarthaí malairtí eachtracha i láthair anois laistigh de dhliteanais agus iasachtaí airgeadais agus tá infháltais agus airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ar taispeáint ar leithligh. Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar an RIC; tá an t-ioncam infheistíochta scoilte idir ioncam díbhinne, ioncam úis agus réadmhaoin, gnáthscaireanna príobháideacha agus ioncam eile.

Ar fheidhmiú tosaigh CTA 102, sa chuntasaíocht i leith a ionstraimí airgeadais tá d’iallach ar eintiteas tuairiscithe;

  • riachtanais iomlána Rannán 11 agus 12 de CTA 102, faoi mar a bhaineann siad le Bunionstraimí Airgeadais agus Ionstraimí Airgeadais eile a fheidhmiú nó;
  • forálacha tomhais Ionstraimí Airgeadais IAS 39 a aithint: Aithint agus Tomhas, gan aon rud i gceist ach riachtanais nochta CTA 102, faoi mar a bhaineann siad le Bunionstraimí Airgeadais agus Ionstraimí Airgeadais eile nó;
  • forálacha aitheanta agus tomhais Ionstraimí Airgeadais CTA 9, gan aon rud i gceist ach riachtanais nochta CTA 102, faoi mar a bhaineann siad le Bunionstraimí Airgeadais agus Ionstraimí Airgeadais eile.

Tá roghnaithe ag an gCiste na forálacha aitheanta agus tomhais de Rannán 11 agus 12 de CTA 102 a fheidhmiú.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >