6. Cánachas ar an bPunann Lánroghnach

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Tá ioncam agus brabús an Chiste díolmhaithe ó Cháin Chorparáide na hÉireann de réir alt 230(1) agus 230 (1A) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, arna leasú. Mar sin féin, féadfaidh an Ciste bheith faoi dhliteanas i leith cánacha i ndlínsí thar lear nach bhfuil lándíolúintí ó cháin ar fáil iontu.

Féadfaidh díbhinní agus ús bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha do-aisghabhála eachtracha arna bhforchur ag an tír óna bhfaightear an t-ioncam infheistíochta. Leithdháiltí ioncaim agus gnóthachain a fhaigheann an Ciste óna chuid infheistíochtaí i gcistí réadmhaoine agus gnáthscair phríobháidigh, féadfaidh siad bheith faoi réir cánacha siarchoinneálacha eachtracha freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Ciste bheith faoi réir cánacha eachtracha breise a bhíonn iníoctha gach bliain ar infheistíochtaí áirithe réadmhaoine agus cothromais phríobháidigh, agus iad bunaithe ar a luachanna sócmhainní ag an dáta tuairiscithe.

Tá na cánacha eachtracha a ndearnadh soláthar dóibh leagtha amach thíos:

2015
€m
2014
€m
Athéileamh cánach siarchoinneálaí 2 -
Cánacha eachtracha ar ioncam (8) 0
Glanchostas Cánach (6) 0

Sa bhliain 2015, fuair an Ciste €1m (2014 €Náid) ó Athéilimh Chánach Siarchoinneálaí i dtaca le hathéilimh chánach a cuireadh isteach don tréimhse ón 22 Nollaig 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015, lena n-áirítear athéilimh chánach a fuarthas ó CNP.

In 2014, rinneadh foráil i leith €266k de chánacha eachtracha ar ioncam.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >