3 Beartais shuntasacha chuntasaíochta

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

3.1 Gnás tomhais

Tá na ráitis airgeadais ullmhaithe ar bhonn costas stairiúil ach amháin go luaitear na sócmhainní agus dliteanais seo a leanas ag a luach cóir; sócmhainní agus dliteanais airgeadais ainmnithe ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus ionstraimí airgeadais díorthacha.

Cuirtear na ráitis airgeadais i láthair in euro (€), arb é airgeadra feidhmiúil an Chiste é fosta.

3.2 Gnóthas leantach

Tá staid airgeadais an Chiste, a shreafaí airgid thirim agus a staid leachtachta mionsonraithe san ráitis airgeadais. Lena chois sin, leagtar amach i nótaí na ráiteas airgeadais cuspóirí bhainistíocht riosca airgeadais an Chiste, mionsonraí a shócmhainní agus a dhliteanais airgeadais agus a neamhchosaint ar riosca margaidh, creidmheasa agus leachtachta.

Féadann comhaltaí na Gníomhaireachta, ar bhonn réasúnach, bheith ag dúil go mbeadh acmhainní leorga ag an gCiste chun leanúint de bheith ag feidhmiú go ceann tamall de bhlianta. Mar sin, tá an Ciste ag leanúint de ghlacadh le bonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú.

3.3. Meastacháin agus breithiúnais chuntasaíochta criticiúla

Is gá, nuair a bhíonn ráitis airgeadais á n-ullmhú de réir CTA 102, feidhm a bhaint as meastacháin agus breithiúnais áirithe chuntasaíochta a dhéanann lucht bainistíocha nuair a bhíonn polasaithe cuntasaíochta an Chiste á gcur i bhfeidhm agus a mbíonn tionchar suntasach acu ar na suimeanna a aithnítear sna ráitis airgeadais.

Tá na meastacháin agus na breithiúnais bhainteacha sin bunaithe ar thaithí stairiúil agus ar roinnt tosca éagsúla eile a mheastar a bheith réasúnta sna himthosca. Is iad na torthaí a eascraíonn astu an bonn chun na breithiúnais a dhéanamh maidir le luachanna sócmhainní agus dliteanas a iompar nach bhfuil iomlán soiléir ó fhoinsí eile. D’fhéadfadh difear a bheith idir torthaí iarbhír agus na meastacháin seo.

Maidir leis na meastacháin agus toimhdí a bhfuil riosca suntasach ag baint leo go ndéanfaí coigeartú ábhartha dá mbarr ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas, baineann siad go príomha le tomhas cóirluacha sócmhainní airgeadais a bhfuil ionchuir shuntasacha dobhreathnaithe acu.

3.4 Aistriú airgeadra eachtraigh

(a) Airgeadra feidhmeach agus láithreachais

Is leis an Aire Airgeadais an Ciste agus is in Éirinn atá a shainchónaí. Is infheistíochtaí i gcomhlachtaí Éireannacha na hInfheistíochtaí faoi Threoir. Is é príomhghníomhaíocht na punainne Lánroghnaí infheistiú a dhéanamh ar bhonn tráchtála agus ar bhealach a cheaptar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát. Is in Éirinn atá príomhúsáideoirí na ráiteas airgeadais lonnaithe, agus, mar sin, is in Euro a thomhaistear agus a thuairiscítear feidhmíocht an Chiste.

(b) Idirbhearta agus iarmhéideanna

Aistrítear idirbhearta airgeadra eachtraigh go dtí an t-airgeadra feidhmiúil trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte atá i réim ag dátaí na n-idirbheart. Aistrítear sócmhainní agus dliteanais airgeadra eachtraigh go dtí an t-airgeadra feidhmiúil trí úsáid a bhaint as na rátaí malairte atá i réim ag dátaí na n-idirbheart.

Cuimsítear gnóthachain agus caillteanais mhalairte eachtraí a thagann de bharr aistriú agus / nó a bhaineann le hairgead tirim agus le coibhéisí airgid thirim sa ghnóthachan nó caillteanais sa ráiteas ioncaim chuimsithigh.

Cuirtear gnóthachain agus caillteanais mhalairte eachtraí a bhaineann le sócmhainní agus dliteanais airgeadra a iompraítear ag cóirluach i láthair sa ráiteas ioncaim chuimsithigh laistigh de ‘ghlanghnóthachain/ (glanchaillteanais) sa ráiteas ioncaim chuimsithigh.

3.5 Airgead agus coibhéisí airgid

Maidir le ráiteas sreabhadh airgid an Chiste, is ionann airgead tirim coibhéisí airgid thirim agus infheistíochtaí gearrthéarmacha atá an-leachtach agus so-aistrithe go méideanna aitheanta airgid atá faoi réir riosca neamhshuntasach a bhaineann le hathruithe ar luach. Tomhaistear airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim de réir costais agus tomhaistear billí státchiste ag luach cóir.

Áirítear le hairgead tirim agus coibhéisí airgid thirim comhthaobhacht a thugtar maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar an malartán.

3.6 Ús

Aithnítear ioncam agus speansais úis trí úsáid mhodh an ghlanráta úis. Is é an glanráta úis an ráta a lascainíonn go díreach íocaíochtaí measta airgid nó fáltais mheasta airgid amach anseo, gan caillteanais creidmheasa amach anseo a chur san áireamh, thar shaolré ionchasach na hionstraime airgeadais nó chomh fada leis an gcéad dáta athphraghsála margadhbhunaithe eile go dtí glanshuim ghlanluacha na hionstraime airgeadais ar a chéad aithint.

3.7 Ioncam díbhinne

Aithnítear ioncam díbhinne ar an dáta a socraítear an ceart chun íocaíocht a fháil. Maidir le hurrúis cothromais luaite, is iondúil gurb é seo an dáta iardhíbhinne. Maidir le hinfheistíochtaí neamhluaite, aithnítear ioncam nuair a dheimhnítear é.

3.8 Glanghnóthachan / (glanchaillteanais) ar shócmhainní agus dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (FVTPL)

Áirítear le (glanchaillteanas) ó ionstraimí airgeadais ag FVTPL athruithe luach cóir réadaithe agus neamhréadaithe agus difríochtaí malairte eachtraí.

3.9 Táillí agus muirir, agus speansais eile

Is iondúil gurb ar bhonn fabhruithe a aithnítear táillí agus muirir, agus speansais eile.

3.10 Tomhas sócmhainní agus dliteanas airgeadais

Tomhas luacha chóir

Is é is ‘luach cóir’ ann an méid ar a bhféadfaí sócmhainn a mhalartú, dliteanas a shocrú nó ionstraim cothromais cheadaithe a mhalartú idir páirtithe toilteanacha feasacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí.

Aithnítear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar dtús nuair a dhéantar páirtí de chuid fhorálacha conartha na n-ionstraimí den Chiste. Tomhaistear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar aithint tosaigh dóibh ag luach cóir. Is iondúil gurb é seo an praghas idirbhirt, gan costais idirbhirt san áireamh má thomhaistear ina dhiaidh sin é ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas.

Áirítear le teicnící luachála glanluach reatha agus samhlacha sreabhadh airgid thirim, comparáid le hionstraimí cosúla dá bhfuil praghsanna inbhreathnaithe margaidh agus samhlacha luachála ann dóibh. Áirítear le toimhdí agus ionchuir a úsáidtear i dteicnící luachála rátaí úis saor ó riosca agus tagarmharcála, raoin difríochta chreidmheasa agus préimheanna eile a úsáidtear le meastacháin a dhéanamh ar rátaí lascaine, praghsanna bannaí agus gnáthscaireanna, rátaí malairte airgeadra eachtraigh, innéacsanna gnáthscaireanna, tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (“TRÚCDA”), iolraigh agus iolraigh ioncaim agus luaineachtaí agus comhghaolta praghsanna a raibh súil leo.

Tomhas costas amúchta

Is é costas amúchta sócmhainn airgeadais an méid ag a dtomhaistear an tsócmhainn airgeadais nuair a aithnítear ar dtús í, lúide aisíocaíochtaí bunairgid, móide nó lúide an t-amúchadh carnach trí úsáid mhodh an ghlanráta úis idir an chéad mhéid a aithníodh agus an méid aibíochta, lúide aon laghdú ar chlúdach nó ar dhobhailitheacht.

Clúdach

Déantar sócmhainn airgeadais nach rangaítear ag FVTPL a mheasúnú ar gach dáta tuairiscithe lena shocrú cé acu atá nó nach bhfuil fianaise oibiachtúil ar bhearnú. Tá sócmhainn airgeadais nó grúpa shócmhainní airgeadais ‘bearnaithe’ má tá fianaise oibiachtúil ar bhearnú mar gheall ar imeacht amháin nó níos mó a tharla i ndiaidh aithint tosaigh na sócmhainne agus go raibh tionchar ag an imeacht caillteanais ar shreafaí measta airgid na sócmhainne amach anseo ar féidir iad a mheas go hiontaofa.

Áirítear le fianaise oibiachtúil go bhfuil sócmhainní airgeadais bearnaithe nuair atá deacracht shuntasach airgeadais ag an eisitheoir nó ag an bhféichiúnaí, sárú conartha, loiceadh nó faillí in íocaíochtaí úis nó bunairgid, athstruchtúrú an mhéid atá dlite ar théarmaí nach dtoileodh an Ciste de ghnáth, comharthaí go rachaidh iasachtaí i bhféimheacht nó faoi atheagrú airgeadais eile, nó athruithe diúltacha i stádas íocaíochta na n-iasachtaithe de dheasca dálaí diúltacha eacnamaíochta náisiúnta nó áitiúla nó athrú diúltach i ndálaí tionscail.

Ríomhtar caillteanas bearnaithe i leith sócmhainn airgeadais a thomhaistear ag costas amúchta mar an difríocht idir a suim ghlanluacha agus luach reatha an tsreafa mheasta airgid, lascainithe ag glanráta úis bunaidh na sócmhainne. Is i mbrabús nó i gcaillteanas a aithnítear caillteanais agus léirítear iad i gcuntas liúntais in aghaidh infháltais. Leantar d’aithint úis ar an tsócmhainn bhearnaithe. Má tá imeacht a tharlaíonn i ndiaidh aithint an bhearnaithe mar chúis le laghdú mhéid an chaillteanais bhearnaithe, freaschuirtear an laghdú caillteanas bearnaithe trí bhrabús nó caillteanas.

3.11 Sócmhainní agus Dliteanais Airgeadais

Sealbhaíonn an Ciste dhá chineál infheistíochtaí:

(a) Infheistíochtaí Lánroghnacha

Infheistíochtaí arna ndéanamh de réir Alt 39 d’Acht GBCN 2014, trína mbeidh sé d’iallach ar an nGníomhaireacht sócmhainní an Chiste a shealbhú nó a infheistiú ar bhonn tráchtála agus ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát.

(b) Infheistíochtaí faoi Threoir

Sealbhaíonn an Ghníomhaireacht na hInfheistíochtaí faoi Threoir faoi réir treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais de bhun alt 43 d’Acht GBCN 2014. Ní mór sealbhú agus bainistiú na nInfheistíochtaí faoi Threoir, feidhmiú na gceart vótála agus na gceart eile a ghabhann leis na hInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht agus diúscairt na nInfheistíochtaí faoi Threoir ag an nGníomhaireacht a dhéanamh de réir treoracha arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais.

Déanann an Ghníomhaireacht aon ús nó aon ioncam eile a fhaightear i leith taiscí agus / nó urrús sa phunann faoi Threoir a shealbhú nó a infheistiú de réir Treorach ón Aire.

i) Infheistíochtaí lánroghnacha a luacháil

Tá nósanna imeachta bunaithe ag an nGníomhaireacht chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar luacháil infheistíochtaí. Bunaithe ar a breithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis ábhartha atá ar fáil di, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh in imthosca áirithe gur chuí luacháil an bhainisteora sheachtraigh a choigeartú agus an luach cóir atá ar infheistíocht á thuairisciú aici.

Cuireadh Coiste Luachála ar bun (Nóta 15.7(ii)), ar a bhfuil an Príomhoifigeach Airgeadais agus Feidhmiúcháin, Príomhoifigeach Riosca, Stiúrthóir CISÉ agus pearsanra eile de chuid na bainistíochta sinsearaí, le cuidiú leis an nGníomhaireacht luacháil infheistíochtaí an Chiste a chinneadh trí:

  • luachálacha tréimhsiúla infheistíochta agus bonn luachála shócmhainní an chiste a athbhreithniú de réir an chreata cuntasaíochta ar ghlac an Ciste leis;
  • na luachálacha sócmhainní a fhaomhadh lena gcuimsiú i ráitis airgeadais an Chiste;
  • tacú le Coiste Iniúchóireachta GBCN chun ráitis airgeadais an Chiste a athbhreithniú agus a fhaomhadh agus le gníomhaíochtaí eile a d’éireodh aníos.
Rangú, aithint agus tomhas
Sócmhainní agus dliteanais airgeadais bhunúsacha
Gnáthscaireanna luaite, ionstraimí fiachais agus cistí infheistíochta

Is é luach cóir an luach margaidh deiridh ar an bpríomh-mhalartán nó ar an bpríomh-mhargadh ar a bhfuil an infheistíocht luaite.

Gnáthscair phríobháideach díreach agus gnáthscair neamhluaite

Tomhaistear infheistíochtaí i scaireanna roghnacha agus i ngnáthscaireanna ar dtús ag an bpraghas idirbhirt lúide costais idirbhirt. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear infheistíochtaí is féidir a thomhas go hiontaofa, ag luach cóir agus aithnítear athruithe ina luach cóir i mbrabús agus caillteanas. Nuair a mheastar nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa, tomhaisfear infheistíochtaí den sórt ag costas lúide bearnú.

Ionstraimí Fiachais

Tá ionstraimí sainiúla fiachais ag an gCiste a chomhlíonann sainmhíniú bunionstraimí sainiúla airgeadais mar shócmhainní airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas ar chéadaithint dóibh óir is cuid de ghrúpa sócmhainní airgeadais iad a bhainistítear agus a bhfeidhmíocht luacháilte ar bhonn luacha chóir. Tomhaistear ionstraimí fiachais eile nach mbainistítear nó nach luacháiltear ar bhonn luacha chóir ag costas amúchta.

Ionstraimí fiachais neamhluaite

Déantar bannaí neamhluaite a luacháil ag luach cóir arna mheas ag an mBainisteoir trí leas a bhaint as samhlacha luachála bannaí atá bunaithe ar shonraí margaidh inbhraite.

Infheistíochtaí i gcistí réadmhaoine, gnáthscair phríobháideach, foraoiseachta agus bonneagair

I gcás infheistíochtaí neamhluaite i gcistí réadmhaoine, cothromais phríobháidigh, foraoiseachta agus bonneagair nach bhfuil aon mhargadh gníomhach ann dóibh, tá an luach cóir measta bunaithe ar an luacháil is déanaí arna cur ag an mbainisteoir seachtrach lena mbaineann ar an gciste nó ar an gcomhpháirtíocht sna ráitis iniúchta airgeadais. Sa chás nach bhfuil luacháil iniúchta ar fáil, mar shampla, i gcásanna nach bhfuil deireadh bliana an chiste nó na comhpháirtíochta ag teacht le deireadh bliana an Chiste iontu, baintear úsáid as an luacháil neamhiniúchta is déanaí atá ar fáil.

Déanann bainisteoirí seachtracha luacháil na n-infheistíochtaí sin a chinneadh trí úsáid a bhaint as modhanna luachála tionscail a bhfuil glacadh leo agus as treoirlínte arna bhfoilsiú ag comhlachtaí tionscail iomchuí. I measc na modheolaíochtaí luachála a d’fhéadfadh a bheith in úsáid ag bainisteoirí seachtracha, tá: iolraí tuillimh de chuid cuideachtaí inchomparáide a thrádáiltear go poiblí, sreafaí airgid lascainithe, idirbhearta tríú páirtí, nó eachtraí a thugann bearnú nó feabhas ábhartha ar luach cóir na hinfheistíochta le fios. I gcéad bhliain na húinéireachta, meastar de ghnáth gurb ionann costas agus meastachán cuí ar luach cóir na n-infheistíochtaí seo, ach amháin sa chás go dtugtar bearnú buan ar luach na n-infheistíochtaí le fios.

Is féidir le raon luachanna féideartha bheith ann do na hinfheistíochtaí sin agus is féidir le luachanna córa measta bheith éagsúil leis na luachanna a bheadh in úsáid dá mbeadh luach margaidh ghníomhaigh ann d’infheistíochtaí den sórt sin.

Úsáideann an Ghníomhaireacht luachálacha bainisteoirí seachtracha le luach cóir infheistíochta a shocrú ar aon dul lena próiseas luachála arna mhaoirsiú ag an gCoiste Bainistíochta Luachála.

Cistí Infheistíochta Neamhluaite

Déantar cistí infheistíochta neamhluaite a luacháil de réir an Ghlanluacha Sócmhainní is déanaí arna fhoilsiú ag riarthóirí na gcistí.

Ní bhreithnítear ar ionstraimí airgeadais mar bhunionstraimí airgeadais (ionstraimí airgeadais eile)

Aithnítear ag luach cóir ar dtús ionstraimí airgeadais eile nach gcomhlíonann sainmhíniú bunionstraimí airgeadais. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear ionstraimí airgeadais eile ag luach cóir agus aithnítear athruithe i mbrabús agus caillteanas, ach amháin infheistíochtaí in ionstraimí cothromais nach dtrádáiltear go poiblí agus nuair nach féidir, seachas sin, luach cóir a thomhas go hiontaofa a thomhaisfear ag costas lúide bearnú.

Ionstraimí airgeadais díorthacha

Aithnítear ionstraimí airgeadais díorthacha ag luach cóir. Aithnítear láithreach sa bhrabús nó caillteanas an gnóthachan nó caillteanas ar tomhas de réir luacha chóir.

Infháltais fhadtéarmacha

Léirítear infháltais fhadtéarmacha de réir a luacha chóir. Déantar luach cóir na n-infháltas sin a mheas trí shreafaí airgid na dtodhchaíochtaí a lascainiú de réir an ráta margaidh atá ar fáil ag an am don Chiste le haghaidh ionstraimí airgeadais den chineál céanna.

Iasachtaí agus Infháltais

I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear iasachtaí agus infháltais ag costas amúchta trí úsáid an ghlanráta úis. Tomhaisfear bunionstraimí fiachais (nach ngabhann árachas leo) atá iníoctha nó infhaighte laistigh de bhliain ag an méid lascainithe den airgead tirim nó de chomaoin eile a mbítear ag dúil lena íoc nó lena fháil (.i. glan ar bhearnú) ach amháin gur idirbheart maoinithe é an socrú, i ndáiríre. Más idirbheart maoinithe é an socrú, tomhaisfidh an Ciste an ionstraim fiachais ag luach reatha na n-íocaíochtaí a dhéanfar amach anseo lascainithe ag ráta úis margaidh i leith ionstraim fiachais den sórt céanna.

Infháltais agus iníocthaí eile, airgead tirim, méideanna dlite do/(ó) bhróicéir

Aithnítear infháltais eile ar dtús ag praghsanna idirbhirt lúide costais idirbhirt inchurtha. Aithnítear iníocthaí eile ar dtús ag praghsanna idirbhirt lúide costais idirbhirt inchurtha. I ndiaidh a n-aithint tosaigh, tomhaistear iasachtaí agus infháltais ag costas amúchta trí úsáid an ghlanráta úis, lúide bearnú i gcás infháltais trádála.

Infháltais agus iníocthaí faoi chomhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh agus urrúis a fuarthas ar iasacht

Nuair a cheannaíonn an Ciste sócmhainn airgeadais agus déanann comhaontú go comhuaineach an tsócmhainn chéanna nó sócmhainn an-chosúil a dhíol ar phraghas seasta ar dháta sa todhchaí (comhaontú díolachán freaschurtha agus athcheannaigh), déantar an socrú a chuntas mar bhunionstraim fiachais ag costas amúchta, má tá sé incháilithe mar cheann bunúsach agus aitheanta sa ráiteas ar staid airgeadais mar infháltas ó chomhaontú díolachán freaschurtha agus athcheannaigh, agus ní aithnítear an bhunsócmhainn i ráiteas airgeadais an Chiste.

Tomhaistear infháltais ó chomhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh agus iníocthaí ó chomhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh ina dhiaidh sin ag costas amúchta.

ii) Infheistíochtaí faoi threoir a luacháil
Gnáthscaireanna

Déantar na gnáthscaireanna a shealbhaítear mar chuid den phunann Infheistíochta faoi Threoir a luacháil de réir a luacha chóir. Is é luach cóir an luach margaidh deiridh ar an bpríomh-mhalartán nó ar an bpríomh-mhargadh ar a bhfuil an infheistíocht luaite.

Sa chás nach meastar gur meastachán iontaofa ar luach cóir atá sna praghsanna margaidh deiridh, déantar gnáthscaireanna a luacháil trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí luachála cuí. I measc na modheolaíochtaí luachála a mbaintear úsáid astu tá anailís ar shreabhadh airgid lascainithe, anailís ar chothromas iomlán, anailís ar chuideachtaí inchomparáide nó anailís ar idirbhearta ar fasaigh iad.

3.12 Dí-aithint

Dí-aithníonn an Ciste sócmhainn airgeadais nuair:

  • a bhíonn cearta conartha na sreafaí airgid ón tsócmhainn socraithe nó in éag;
  • a théann sí in éag, nó aistrítear chuig páirtí eile gach riosca agus leas úinéireachta de chuid na sócmhainne airgeadais; nó
  • tá riosca agus leas suntasach áirithe úinéireachta coinnithe ag an gCiste, tá stiúir na sócmhainne aistrithe chuig páirtí eile agus tá an cumas praiticiúil ag an bpáirtí eile an tsócmhainn a dhíol ina hiomláine le tríú páirtí neamhbhainteach agus féadann siad an cumas sin a fheidhmiú go haontaobhach agus ní gá dóibh srianta breise a chur ar an aistriú. Sa chás seo, dí-aithníonn an Ciste an tsócmhainn agus aithníonn sé ar leith cearta nó oibleagáidí ar bith a choinnítear nó a chruthaítear san aistriú.

Ar dhí-aithint sócmhainn airgeadais, leithdháilfear suim ghlanluacha na sócmhainne aistrithe idir na cearta nó na hoibleagáidí a choinnítear agus iad siúd a aistrítear ar bhonn a luachanna córa coibhéiseacha ar dháta an aistrithe. Tomhaisfear cearta agus oibleagáidí nuachruthaithe ag a luachanna córa ar an dáta sin. Aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas i mbliain an aistrithe aon difríocht idir an chomaoin a fhaightear agus na méideanna a aithnítear agus a dhí-aithnítear.

Murab é dí-aithint an toradh a bheidh ar aistriú ar an ábhar gur choinnigh an Ciste rioscaí suntasacha agus leas suntasach úinéireachta i leith na sócmhainne aistrithe, leanfaidh an Ciste d’aithint na sócmhainne aistrithe ina hiomláine agus aithneofar dliteanas airgeadais i leith na comaoine a fuarthas. Ní dhéanfar an tsócmhainn agus an dliteanas a fhritháireamh. Le linn tréimhsí ina dhiaidh sin, aithneoidh an Ciste aon ioncam ar an tsócmhainn aistrithe agus aon speansais a tabhaíodh ar an dliteanas airgeadais.

Dí-aithníonn an Ciste dliteanas airgeadais nuair a urscaoiltear, a chealaítear nó nuair a éagann a oibleagáidí conartha.

Aithneoidh an Ciste i mbrabús nó i gcaillteanas aon difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais (nó cuid de dhliteanas airgeadais) a chuirfear ar ceal nó a aistreofar chuig páirtí eile agus an chomaoin a íocadh, lena n-áirítear sócmhainní neamhairgid ar bith a aistreofar nó dliteanais a ghlacfar.

3.13 Fritháireamh

Déantar sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais chánach iarchurtha a fhritháireamh sa ráiteas ar staid airgeadais nuair, agus sa chás seo amháin, go bhfuil ceart fritháirimh atá infheidhmithe le dlí ann ag an gCiste na méideanna aitheanta a fhritháireamh agus go bhfuil sé beartaithe aige glanadh ar bhonn glansuime nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a ghlanadh go comhuaineach.

Cuirtear ioncam agus speansais i láthair ar bhonn glansuime i leith gnóthachan agus caillteanas ó ionstraimí ag FVTPL agus gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >