13. Gealltanais

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

13.1 Airgeadra eachtrach agus gealltanais todhchaíochtaí

Ba iad seo a leanas an phríomhshuim bharúlach agus an gnóthachan / (caillteanas) neamhréadaithe ar chonarthaí díorthacha airgeadra a rinne an Bainisteoir agus na bainisteoirí infheistíochta thar ceann an Chiste:

GBCN 2015
Méid
Príomhshuim
€m
2015
Neamhréadaithe
gnóthachan/ (caillteanas)
€m
2014
Méid
Príomhshuim
€m
2014
Neamhréadaithe
(caillteanas)
€m
Conarthaí i Malairt Eachtrach 1,614 2 1,546 (47)
Bainisteoirí Infheistíochta
Conarthaí i Malairt Eachtrach 18 (0) - -
Todhchaíochtaí Airgeadais 471 (1) 525 (6)
1 (53)
Conarthaí i Malairt Eachtrach

Is é beartas an Chiste a riosca airgeadra eachtraigh a fhálú trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí i malairt eachtrach agus malairtí trasairgeadra.

Ní éilítear ar bhainisteoirí infheistíochta an Chiste neamhchosaint ar airgeadra a fhálú. Tá cead acu spotchonarthaí agus conarthaí i malairt eachtrach a dhéanamh ar mhaithe le hidirbhearta urrús a ghlanadh agus a gcuid punanna a bhainistiú go heisiach ar aon dul leis an Ráiteas ar Chuspóirí agus ar Shrianta Infheistíochta arna chomhaontú leis an gCiste.

Is ionann an luach barúlach agus iomlán na gconarthaí i malairt eachtrach a bhí amuigh ag deireadh na tréimhse.

Todhchaíochtaí Airgeadais

Tá cead ag bainisteoirí infheistíochta an Chiste todhchaíochtaí a fhorghníomhú go heisiach ar aon dul leis an Ráiteas ar Chuspóirí agus ar Shrianta Infheistíochta arna chomhaontú leis an gCiste.

Mar chuid de Straitéis um Chaomhnú Caipitil an Chiste, chuathas i mbun todhchaíochtaí gnáthscaireanna gearra chun an neamhchosaint fhoriomlán gnáthscaireanna a laghdú.

13.2 Gealltanais infheistíochta neamhghlaoite

Rinne an Ciste ceangaltais i leith maoiniú infheistíochtaí. Is iondúil go mbíonn na gealltanais seo iníoctha ar éileamh bunaithe ar riachtanais ábhar na hinfheistíochta faoi réir théarmaí agus choinníollacha gach comhaontú. Amhail an 31 Nollaig, 2015 ba é €1.2bn (2014: €820m) suim iomlán na ngealltanas gan íoc.

Rinne an Ciste gealltanais i leith cineálacha infheistíochtaí áirithe mar atá leagtha amach thíos.

Achar ama an
ghealltanais
Blianta
2015
ainmniúil
€m
2014
ainmniúil
€m
Iomlán na n-infheistíochtaí neamhluaite 0-9 965 750
Iomlán na n-iasachtaí agus na n-infháltas 0-2 248 70
Iomlán na ngealltanas neamhghlaoite 1,213 820
Maoiniú Gealltanais

Féachann an Ghníomhaireacht leis an gCiste a bhainistiú chun a chinntiú go mbeidh a dhóthain leachtachta aige, gan deiseanna tarraingteacha infheistíochta a fhágáil ar lár, chun a ngealltanais a mhaoiniú de réir mar a ghlaoitear iad.

Tá an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta GBCN infheidhme maidir leis an gCiste. Leagtar amach sa Bheartas seo na híoschaighdeáin inghlactha a chaithfidh siad siúd atá freagrach as idirbheartaíochtaí cisteáin arb iad is cúis le riosca leachtachta laistigh den GBCN a chomhlíonadh.

Níl an Ciste faoi réir riachtanais chaipitil arna gcur i bhfeidhm go seachtrach agus amhail an 31 Nollaig 2015 is i sócmhainní sodhíolta inréadaithe a bhí bunús infheistíocht an Chiste.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >