1. Cúlra

GBCN Chuntas Riaracháin

Is comhlacht reachtúil í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Soláthraíonn an Ghníomhaireacht réimse seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas don Rialtas. Áirítear, ar na seirbhísí seo, iasachtaíocht thar ceann an Rialtais agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát (GÉS), RÉnua (an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh), Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) agus na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GNFA). Sannann sí chomh maith baill foirne agus soláthraíonn seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) agus do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (“CBSÉ”).

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >