An Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Ag Infheistiú in Éirinn

Tionchar Suntasach Geilleagrach

Sainordú

I mí na Nollag 2014, aistríodh sócmhainní an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP) chuig an gCiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ). Tá sainordú sainiúil ‘bonnlíne dhúbailte’ ag CISÉ infheistiú a dhéanamh ar bhonn tráchtála agus ar bhealach a cheaptar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn. Cuireadh Punann Lánroghnach CNP ar fáil don CISÉ lena chur ar a chumas infheistíochtaí a dhéanamh a chomhlíonann an sainordú sin. Leanfar de bhainistíocht na Punainne faoi Threoir – go príomha infheistíochtaí beartais phoiblí in AIB agus i mBanc na hÉireann – laistigh de CISÉ faoi threoir an Aire Airgeadais.

Mar gheall ar shainordú bonnlíne dúbailte CISÉ, tá sé ar an mbeagán cistí saibhreas flaithiúnais ar domhan a bhfuil sainordú aige cur le gníomhaíocht gheilleagrach agus fostaíocht, le cois brabúis tráchtála a sholáthar. Tá sé d’iallach ar CISÉ brabús a ghiniúint san fhadtéarma atá níos mó ná costas fhiachas Rialtas na hÉireann agus tá sprioc feidhmíochta mheántéarmach +4% in aghaidh na bliana socraithe aige.

Straitéis Infheistíochta

I mí na Bealtaine 2015, d’aontaigh Bord GBCN Straitéis Infheistíochta CISÉ, tar éis comhairliúcháin leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Straitéis Infheistíocht CISÉ – Príomhghnéithe

Punann le Bonn Leathan
  • ar fud earnálacha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do bhonneagar, fuinneamh, uisce, eastát réadach, tithíocht, bia agus talmhaíocht, teicneolaíocht, cúram sláinte agus airgeadas.
  • de réir cineálacha infheistíochta lena n-áirítear gnóthais bheaga agus mheánmhéide, fiontair agus comhpháirtíochta le haonáin phoiblí.
  • de réir láthair réigiúnach a cuid infheistíochtaí.
  • de réir aicme sócmhainne lena n-áirítear fiachas, maoiniú idirurláir, infheistíochtaí cothromais agus tionscadail.
  • ina ndéantar iarracht tionchar athraitheach éigin a bhaint amach trí infheistíocht i “smaoineamh mór” amháin nó níos mó.
Bearnaí Infheistíochta a Líonadh

Tairbhe a bhaint as príomhghnéithe difreáilte CISÉ – scála, solúbthacht thar struchtúr caipitil, tréimhse infheistíochta fhadtéarmach agus inchreidteacht mar pháirtí infheistíochta flaithiúnais – chun bearnaí infheistíochta a líonadh agus idirbhearta a chumasú nach mbeadh indéanta go héasca dá uireasa.

Comhinfheistíocht

Comhpháirtithe comhinfheistíochta a mhealladh nuair is féidir ionas go n-iolrófar tionchar infheistíochtaí CISÉ i ngeilleagar na hÉireann.

Toradh

Rátaí toraidh oiriúnaithe coigeartaithe de réir riosca ceaptha le haghaidh shaintréithe gach infheistíochta aonair. Toradh iomlán fadtéarma punainne os cionn mheánchostas fhiachas an Rialtais.

Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar an timpeallacht mhaicreacnamaíoch in Éirinn le blianta beaga anuas agus go bhfuil an fháil atá ar chaipiteal príobháideach méadaithe go mór, tá bearnaí ábhartha fós le brath sa soláthar atá sa mhargadh de mhaoiniú d’earnálacha agus do chuideachtaí agus tá éagsúlacht leathan deiseanna infheistíochta ann fós inar féidir le caipiteal CISÉ, i gcomhar le páirtithe san earnáil phríobháideach, bearnaí a líonadh agus difear mór a dhéanamh do ghníomhaíocht gheilleagrach.

Tá sé tábhachtach go dtacódh infheistíochtaí CISÉ leis na riachtanais infheistíochta atá sa gheilleagar i ndáiríre. Ceapadh go dtiocfadh athrú de réir a chéile ar straitéis infheistíochta tosaigh agus ar dhearadh punainne CISÉ agus go mbeadh solúbthacht agus oiriúnacht ina ngnéithe criticiúla dá shamhail ghnó. Chuige sin, nuair a cuireadh Straitéis Infheistíochta tosaigh CISÉ i gcrích i lár 2015, aontaíodh go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar an Straitéis tar éis ocht mí dhéag agus go n-áireofaí leis sin comhairliúchán leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an t-athbhreithniú, ina gcuimsítear breithmheas ar chomh maith is a d'éirigh le sainordú CISÉ go dtí deireadh mhí na Nollag 2016, ar siúl faoi láthair.

Infheistíochtaí in Éirinn

Agus infheistíochtaí a rinne a réamhtheachtaí (CNP) san áireamh, thiomnaigh CISÉ faoi dheireadh 2016 €2.6bn d’infheistíochtaí a thagann lena sainordú infheistíochta. Agus ceangaltais comh-infheisteora ó thríú páirtithe san áireamh, bhí €7.5bn san iomlán tiomnaithe d’Éirinn lena infheistiú.

Caipiteal CISÉ tiomnaithe d’Éirinn faoi Dheireadh 2016
Buicéad Infheistíochta
€m

Bonneagar 361 Ceangailteacht sonraí, bonneagar aerfoirt, fuinneamh in-athnuaite agus forbairt campais ollscoile.
Fuinneamh 79 Fuinneamh gaoithe agus infheistíochtaí dramhaíola go fuinneamh.
Uisce 450 Infheistíocht ag tacú le maoiniú Uisce Éireann.
Eastát Réadach 502 Infheistíochtaí éagsúla tithíochta agus eastát réadach tráchtála.
GBM 385 Roinnt cistí/ardán a chuireann fiachas sinsearach, fiachas sóisearach, airgeadas sócmhainne agus infheistíocht cothromais ar fáil do ghnóthaí beaga agus meánmhéide.
Bia & Talmhaíocht 100 Foraoiseacht, táirge iasachtaí solúbtha d’fheirmeoirí déiríochta.
Caipiteal Fiontair 504 Roinnt cistí fiontair a chuireann caipiteal luathchéime agus fáis ar fáil, go príomha sna hearnálacha teicneolaíochta agus eolaíochtaí beatha.
Cothromas Díreach 109 Infheistíocht in dhá chuideachta liostaithe agus in dhá chuideachta phríobháideacha.
Nuálaíocht 12 Infheistíocht i gcuideachta cúram sláinte sna luathchéimeanna.
Eile 142 Ciste infheistíochta oideachais agus ciste infheistíochta seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.
Iomlán 2,644

In 2016, thiomnaigh an CISÉ €522m san iomlán do 22 infheistíocht nua (ba é €24m méid na hinfheistíochta ar an meán) ar fud réimse ilghnéitheach cineálacha idirbheartaíochta agus earnálacha.

Infheistíochtaí CISÉ in Éirinn 2016
Buicéad
Infheistíochta
Ainm

Ceangaltas
CISÉ €m
Cur Síos

Aqua Comms 22 Infheistíocht i mbabhta maoinithe €90m chun tacú leis an gcéad ghréasán snáthoptaice fomhuirí tiomanta in Éirinn a dhéanfadh idirnasc idir Nua-Eabhrac, Baile Átha Cliath agus Londain trí Chill Ala, Co. Mhaigh Eo.
Airgeadas Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath 35 Infheistíocht a bheadh mar bhonn taca ag eisiúint bannaí €400m le ÚABÁC.
NTR Wind 1 35 Tiomantas do chiste cothromais €246m ag díriú ar thógáil agus ar fheidhmiú tionscadail fuinnimh gaoithe ar an gcladach in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Ardstone Residential Partners Fund 25 Tiomantas do chiste eastáit réadaigh €184m a sholáthróidh forbairtí nua tithe cónaithe, i Réigiún Mórcheantar Bhaile Átha Cliath den chuid is mó.
Kilkenny Abbey Quarter Development 2 Comhfhiontar idir CISÉ agus Comhairle Contae Chill Chainnigh. Gheobhaidh an comhfhiontar láithreáin ón gComhairle Contae agus beifear in ann naoi n-acra de iar-Ghrúdlann Smithwicks i gCathair Chill Chainnigh a fhorbairt mar ghnó/mhol oideachais.
FGPO Ireland Fund 25 Tiomantas do chiste eastáit réadaigh €50m a sholáthróidh áitreabh tionsclaíoch, lóistíochta agus páirc ghnó ar fud na hÉireann./td>
BMS Finance Ireland 15 Tiomantas d’ardán neamhbhainc €30m a sholáthróidh fiachas mar chaipiteal fáis do GBManna Éireannacha.
Causeway Capital Partners I 15 Tiomantas do chiste cothromais €60m a infheisteoidh i GBManna bunaithe, atá i mbun fáis in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Finance Ireland 30 Infheistíocht ghnáthscaireanna in iasachtóir neamhbhainc don earnáil GBM in Éirinn lena n-áirítear maoiniú le haghaidh thionscal na ngluaisteán agus le haghaidh trealamh, eastát réadach tráchtála agus iasachtaí/léasú le haghaidh cúrsaí talmhaíochta.
MilkFlex Fund No.1 45 Tiomantas do chiste €100m a sholáthraíonn iasachtaí meántéarmacha d’fheirmeoirí déiríochta agus na haisíocaíochtaí iasachta nasctha le praghas an bhainne.
The Foraois Limited Partnership 55 Tiomantas do chomhpháirtíocht foraoise a ghinfidh €112m d’infheistíochtaí i bhforaoisí nua agus leath-aibí ar fud na hÉireann agus a bheidh dá réir sin mar bhonn taca ag leathnú agus ag forbairt bhreise na hearnála.
Infháltais Ceannacháin Clár Saoráidí 2 Infheistíocht ag éascú cruthú clár infháltais d’fheirmeoirí ar luach €40m san earnáil déiríochta.
ACT Ventures V 20 Tiomantas do chiste caipitil fiontair €63m dírithe ar infheistiú i gcuideachtaí TFC a bhfuil borradh fúthu, in Éirinn go príomha.
Frontline Ventures Fund II 15 Tiomantas do chiste caipiteal fiontair luathchéime €61m a infheisteoidh i gcéim síl/i mbabhtaí shraith A i gcuideachtaí teicneolaíocht faisnéise atá an-nuálach, in Éirinn go príomha.
Polaris Partners VIII 22 Tiomantas do chiste caipitil fiontair domhanda ar fiú €307m é atá ag infheistiú go gníomhach in Éirinn agus a dhíríonn ar theicneolaíocht agus ar chúram sláinte.
Scottish Equity Partners V 16 Tiomantas do chiste caipitil fiontair €292m a infheisteoidh i dteicneolaíocht fáis agus atá ag céim níos déanaí, i gcuideachtaí fuinnimh agus cúram sláinte sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn den chuid is mó.
Seroba Life Sciences Fund III 15 Tiomantas do chiste caipitil fiontair €100m ag díriú ar fhearais leighis luathchéime agus ar theicneolaíochtaí teiripeacha in Éirinn.
Silicon Valley Bank Capital Strategic Investors Fund VIII 44 Tiomantas do chiste caipitil fiontair domhanda a chuimsíonn cistí. Tógann an infheistíocht sin ar an gcomhpháirtíocht straitéiseach le Silicon Valley Bank (SVB), áit a gcuirfidh SVB $100m breise ar fáil ar iasacht do chuideachtaí teicneolaíochta agus cúram sláinte atá ag fás go tapa in Éirinn.
Draper Esprit 19 Infheistíocht thábhachtach sa tairiscint phoiblí thosaigh do Draper Esprit ar fiú €154m í, atá dírithe ar infheistíochtaí a dhéanamh i gcuideachtaí teicneolaíochta a bhfuil borradh 
tapa orthu in Iarthar na hEorpa agus a bhfuil suimeanna substaintiúla tiomnaithe acu d’infheistíocht in Éirinn.
Swrve Mobile 1 Infheistíocht i mbabhta maoinithe €9m ag cuideachta bogearraí Éireannach a bhfuil borradh mór fúithi i réimse uathoibrithe margaíochta fón póca.
Genomics Medicine Ireland 12 Infheistíocht i mbabhta maoinithe €36m ag cuideachta Éireannach atá ag feidhmiú i leigheas géanómaíoch forbartha.
Reverence Capital Partners Opportunities Fund I 50 Tiomantas do chiste cothromais €378m ag infheistiú i gcuideachtaí in earnáil na seirbhísí airgeadais a bhfuil súil acu roinnt oibríochtaí gnó den chineál sin a lonnú in Éirinn.


522

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Ciste Ceangailteachta

Bunaíodh an Ciste Ceangailteachta mar fhochiste de CISÉ in 2015 chun fáltas €335m ó dhíolachán scairshealbhú an Stáit in Aer Lingus a infheistiú agus é mar aidhm ceangailteacht fhisiciúil, fhíorúil agus fuinnimh na hÉireann a chumasú agus a bhreisiú. In 2016, chuir CISÉ an chéad dá infheistíocht ón bhfochiste sin i gcrích le luach comhiomlán €57m:

  • An infheistíocht chothromais €22m in Aqua Comms chun tacú leis an gcéad ghréasán snáthoptaice fomhuirí tiomanta in Éirinn a dhéanfaidh idirnasc idir Nua-Eabhrac, Baile Átha Cliath agus Londain trí Chill Ala, Co. Mhaigh Eo. Úsáidfidh gach cuideachta mhór ilnáisiúnta teicneolaíochta agus teileachumarsáide an líonra chun ceangailtí tapa, slána sonraí a chur ar fáil idir Éire, SAM agus an Ríocht Aontaithe agus cumasóidh sé fás leanúnach gheilleagar digiteach na hÉireann.
  • An infheistíocht €35m in eisiúint banna 2028 nua ag ÚABÁC, oibreoir Aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Tá an eisiúint bannaí nua mar bhonn agus taca le maoiniú fadtéarmach don chuideachta.

Ciste MilkFlex

Sheol CISÉ, mar aon lena comhpháirtithe Glanbia, Rabobank agus Finance Ireland, ciste nua €100m i rith 2016 chun iasachtaí solúbtha, ar phraghas iomaíocht a thairiscint d’fheirmeoirí déiríochta. Is é seo an chéad chiste dá chineál in Éirinn, agus cuireann sé iasachtaí solúbtha, ar phraghas iomaíoch ar fáil do sholáthraithe bainne Glanbia le haisíocaíochtaí iasachta a athraíonn de réir gluaiseachtaí i bpraghas bainne agus cuidíonn sé le hioncaim feirme a chosaint ó thionchar luaineacht praghais mhargadh na déiríochta.

Riosca lárnach is ea luaineacht praghais d’fheirmeoirí déiríochta a chuireann bac suntasach ar a gcumas le cinntí infheistíochta riachtanacha a dhéanamh le fairsingiú. Le dul i ngleic leis sin, beidh próifíl aisíoctha caipitil na n-iasachtaí d'fheirmeoirí solúbtha ag brath ar an sroicheann praghsanna bainne leibhéil áirithe. Beidh iasachtaithe in ann a dtréimhsí aisíoctha a shíneadh le huasfhad dhá bhliain má bhíonn tréimhse níos faide praghsanna ísle i bhfeidhm, agus ar an gcaoi chéanna, ba cheart má bhíonn praghsanna ard ar feadh tréimhse fhada, go mbrostófaí aisíocaíochtaí le téarma iasachta níos giorra.

Cuirtear iasachtaí ar fáil chun críche infheistíochta i dtáirgeadh talmhaíochta go príomha (e.g. infheistíocht i dtrealamh déiríochta, stoc, bonneagar bleáin). Bainfidh Glanbia aisíocaíochtaí iasachta go huathoibríoch ó fháltais bainne an fheirmeora thar ceann Chiste MilkFlex. Léireoidh próifíl aisíocaíochtaí cuar an tsoláthair bainne séasúrach, gan aon aisíocaíochtaí iasachta – ús ná príomhshuime – i rith na míonna a mbíonn táirgeadh bainne íseal. Ní theastaíonn aon urrús talún, foirgneamh ná sócmhainní eile ón iasachtóir.

Tionchar Geilleagrach

Is mian le CISÉ an chuid is mó dá chaipiteal a leithdháileadh ar earnálacha agus infheistíochtaí tosaíochta mar ar dóichí na tionchair gheilleagracha is fearr agus, lena chois sin, a chinntiú go sásaíonn gach infheistíocht a chuspóirí brabús tráchtála.

San fhadtéarma, tá 80% de chaipiteal CISÉ dírithe ar infheistíochtaí inar dócha na tionchair is airde agus is inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de. Tá an 20% eile dírithe ar infheistíochtaí a thabharfaidh gnóthachain ghearrthéarmacha gheilleagracha nó a rachaidh i ngleic le teagmhais de dhífheidhmiú margaidh. Ag deireadh 2016, bhí 65% den chaipiteal tiomanta in idirbhearta ardtionchair geilleagracha, agus 35% in idirbhearta ísealtionchair geilleagracha.

Tá difríocht idir an tionchar geilleagrach agus an fhostaíocht a fhaigheann tacaíocht ó infheistíocht CISÉ agus gnáthchaiteachas an Rialtais. Leis an infheistíocht, cuirtear acmhainní poiblí ar ais ag deireadh na tréimhse infheistíochta; ach i gcás caiteachas Rialtais ídítear acmhainní poiblí mar thoradh ar an gcaiteachas. Is féidir caipiteal infheistíochta a chuirtear ar ais a athchúrsáil ansin agus tionscadail tairbhiúla breise a dhéanamh díobh.

Tionchar Geilleagrach CISÉ in 2016

Infheistíocht Fhreagrach

Tá CISÉ tiomanta do bheith ina infheisteoir inbhuanaithe agus freagrach go fadtéarmach agus i mí Iúil 2016 d’fhoilsigh sé a Bheartas Inbhuanaitheachta agus Infheistíochta Freagraí, ag lua arís a thiomantais feidhmiú go dtí na caighdeáin domhanda is airde. Mar infheisteoir freagrach, tuigeann CISÉ go gcuirtear rioscaí agus deiseanna i láthair le cúinsí Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (CSR) agus go mbeidh siad le bainistiú ar fud na bPunann Éireannach agus Domhanda araon. Tá raon seirbhísí á gcur i bhfeidhm ag CISÉ chun cuidiú le cur i bhfeidhm a Bheartais Inbhuanaitheachta agus Infheistíochta Freagraí. Ina measc sin bhí anailísíocht phunainne agus seirbhísí úinéireachta gníomhaí don Phunann Dhomhanda mar aon le seirbhísí chun cuidiú le forbairt creat CSR le haghaidh Phunann na hÉireann.

Tá cosc ar infheistíocht i gcuideachtaí a bhfuil baint acu le cnuas-mhuinisin agus mianaigh fhrithphearsanra a dhéanamh faoin Acht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra, 2008. In 2016, glacadh cinneadh infheistíochta dídhílsiú ó chuideachtaí a raibh baint acu le tobac a tháirgeadh ar an mbunús go raibh na rioscaí a bhain le déanamh tobac i bhfad níos measa ná aon toradh tráchtála a d’fhéadfaí a fháil ar ais go fadtéarmach. Cuireadh an dídhílsiú sin i gcrích i mí na Nollag 2016. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an tsaincheist maidir le cibé ar cheart tuilleadh catagóirí infheistíochta a fhágáil amach as CISÉ, go háirithe cuideachtaí breosla iontaise nó fothacair de chuideachtaí mar sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuiltear chun gach infheistíocht sa Phunann Dhomhanda a réadú de réir mar a mhéadóidh CISÉ a thiomantas infheistíochta in Éirinn

Feidhmíocht agus Punann

Tuairiscítear feidhmíocht ar dhá leibhéal, (i) an Phunann Lánroghnach, an infheistíocht a bhfuil freagracht ar GBCN aisti, agus (ii) an Phunann faoi Threoir – infheistíochtaí beartais phoiblí a dhéantar faoi threoir an Aire Airgeadais.

Punann Lánroghnach

Ghnóthaigh an Phunann Lánroghnach toradh +2.9% in 2016 agus tá toradh +2.1% ginte aici gach bliain ó thráth a tionscanta an 22 Nollaig 2014. Mhéadaigh luach na Punainne Lánroghnaí faoi €225m go €8.1bn in 2016.

Ba é 6.4% toradh Phunann na hÉireann in 2016 agus ba é 2.2% toradh na Punainne Domhanda. Bhain Punann na hÉireann tairbhe go príomha as méaduithe digite dúbailte ar an luacháil a rinneadh ar roinnt dá hinfheistíochtaí caipiteal fiontair. D’fhág infheistíochtaí móra airgid agus ioncaim sheasta na Punainne Domhanda, ar aon dul le dálaí sa mhargadh, torthaí infheistíochta a bhí íseal nó a bhí diúltach de bheagán, agus d’éirigh go maith tríd is tríd le gnáthscaireanna agus le sainorduithe dearbhthoraidh.

I mí Iúil 2016 thosaigh GBCN ag cur Straitéis Aistrithe Punainne Domhanda mheántéarmach ar fiú €6.6bn í i bhfeidhm, a chiallóidh go mbeidh CISÉ in ann aistriú mar phunann leachtach atá á bainistiú go coimeádach ó phunann dhomhanda den chuid is mó go dtí Punann na hÉireann, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm agus mar a tharraingítear anuas deiseanna infheistíochta in Éirinn. Is é an cuspóir foriomlán a chinntiú go mbíonn airgead ar fáil faoi mar is gá d’infheistíochtaí Éireannacha i rith tréimhse tháscach ceithre go cúig bliana, agus ionchur suntasach a dhéanamh i dtreo chuspóir brabúis infheistíochta CISÉ.

Ceapadh an Straitéis le cur chuige infheistíochta ilstraitéise d’aicme sócmhainní éagsúla ar riosca íseal a chruthú, ag infheistiú thar ghnáthscaireanna, ioncam seasta, réitigh chreidmheasa agus ilstraitéise agus sainorduithe dearbhthoraidh trí bhainisteoirí sócmhainní domhanda seachtracha ar ardchaighdeán.

Bainisteoirí na Punainne Domhanda ag Deireadh 2016
Bainisteoir


Sainordú


Luach
Margaidh
€m
% den
Phunann
Dhomhanda
Goldman Sachs Asset Management Multi-Asset 1,533 23
J.P. Morgan Asset Management Sócmhainní éagsúla 1,210 18
Irish Life Investment Managers Sócmhainní éagsúla 815 12
Amundi Asset Management Sócmhainní éagsúla 680 10
Deutsche Asset Management Ioncam Seasta 303 5
BlackRock Investment Management Ioncam Seasta 317 5
Muzinich & Co Ioncam Seasta 229 3
Acadian Asset Management Cothromas 253 4
Generation Investment Management Cothromas 165 2
Blackstone Alternative Asset Management Dearbhthoradh 246 4
Bridgewater Associates Dearbhthoradh 229 3
AQR Capital Management Dearbhthoradh 196 3
Bainisteoirí Eastáit Réadaigh Domhanda* Eastát Réadach 142 2
GBCN Airgead agus Sócmhainní Airgeadais 341 5
Iomlán 6,659 100

*Infheistíochtaí oidhreachta CNP (14 bhainisteoir).

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Soláthraíonn coimeádaí domhanda CISÉ, BNY Mellon, seirbhísí coimeádta agus idirbheartaíochta do GBCN. Tá BNY Mellon freagrach as socrú idirbheartaíochta agus sealbhaíocht scartha shócmhainní na margaí poiblí faoi úinéireacht dhíreach CISÉ.

Leithdháileadh Shócmhainní na Punainne Lánroghnaí ag Deireadh 2016
Punann na
hÉireann
€m
Punann Dhomhanda
€m

Iomlán
€m

Ualach
an Chiste
%
Cothromas Luaite 102 689 791 10
hidden
Bannaí agus Fiachas 474 3,109 3,582 44
Airgead - 740 740 9
Sócmhainní Iomlána Airgeadais 474 3,848 4,322 53
hidden
Cothromas Príobháideach 512 5 517 6
Eastát Réadach 97 150 248 3
Foraoiseacht 41 - 41 1
Bonneagar 206 - 206 3
Cistí Dearbhthoraidh - 1,967 1,967 24
Sócmhainní Iomlána Eile 857 2,122 2,978 37
hidden
Iomlán 1,432 6,659 8,091 100

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Punann faoi Threoir

Baineann na figiúirí sa chuid seo le hinfheistíochtaí CISÉ amháin agus ní áirítear leo infheistíochtaí beartais phoiblí in institiúidí airgeadais na hÉireann a rinne an tAire Airgeadais tríd an Státchiste.

Le linn na géarchéime airgeadais, d’infheistigh CNP suim iomlán €20.7b in AIB agus i mBanc na hÉireann faoi threoir an Aire Airgeadais agus ar chúiseanna beartais phoiblí. Aistríodh na Sócmhainní chuig CISÉ nuair a bunaíodh é.

Ag deireadh 2016 ba é a bhí sa Phunann faoi Threoir:

  • Gnáthscaireanna i mBainc Aontas Éireann dar luach €4.28 an scair.
  • Gnáthscaireanna i mBanc na hÉireann ar phraghas margaidh €0.23 an scair.
  • Iasacht €25m do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ).
  • €215m in airgead, geallta le tabhairt ar iasacht do CBSÉ.

Ag deireadh 2016, 99.9% agus 13.9% faoi seach scairshealbhú CISÉ in AIB agus Banc na hÉireann. Ós rud é nach bhfágann sealúchas scaireanna in AIB ach 0.1% de chomhlúthacht shaor, d’iarr GBCN ar chomhlacht seachtrach airgeadais chorparáidigh luach neamhspleách cóir margaidh a sholáthar amhail an 31 Nollaig 2016 d’fhonn an infheistíocht sin a luacháil ar aon dul le prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo.

Bhí luacháil €12.9bn ag an bPunann faoi Threoir ag deireadh 2016. B’ionann a thoradh in 2016 agus -7.9%. Ag eascairt ón €20.7bn infheistithe in AIB agus Banc na hÉireann, is ionann torthaí airgid ar infheistíochtaí go dáta agus €6.4bn agus b’ionann luachálacha infheistíochta ag deireadh 2016 agus €12.7bn, rud a thug an t-iomlán (ioncam agus luach) go dtí €19.0bn.

Punann faoi Threoir ag Deireadh 2016
Airgead Infheistithe
€m

Airgead atá Faighte
€m

Luach ag Deireadh
2016
€m
Iomlán (ioncam agus
luach)
€bn
Scaireanna Tosaíochta 1.8 3.2 - 3.2
Gnáthscaireanna 2.9 1.0 1.1 2.1
Banc na hÉireann 4.7 4.2 1.1 5.3
hidden
Scaireanna Tosaíochta 3.5 2.2 - 2.2
Gnáthscaireanna 8.7 - 11.6 11.6
Ranníocaíocht Chaipitil 3.8 - - -
AIB 16.0 2.2 11.6 13.8
hidden
Infheistíochtaí Bainc Iomlána 20.7 6.4 12.7 19.0
Airgead agus Iasacht do CBSÉ 0.2
Punann Iomlán faoi Threoir 12.9

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.