An Ghníomhaireacht agus a Coistí

Bunaíodh GBCN mar Ghníomhaireacht (Bord) ina bhfuil naonúr comhaltaí, a bhfuil freagracht uileghabhálach uirthi as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (seachas GNBS agus CBSÉ a bhfuil a mboird ar leith féin acu). Ceapann an tAire Airgeadais seisear comhaltaí, lena n-áirítear an Cathaoirleach. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN agus Ard-Rúnaithe na Roinne Airgeadais agus na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe ina gcomhaltaí den Ghníomhaireacht de bhrí oifige. Tuairiscíonn an Ghníomhaireacht don Aire Airgeadais.

Is cúig bliana an téarma oifige atá ag comhalta ceaptha, seachas na chéad chomhaltaí ceaptha a gceaptar beirt acu ar feadh trí bliana agus a gceaptar beirt eile acu ar feadh ceithre bliana. Cinneann an tAire Airgeadais leibhéal an luacha saothair do chomhaltaí ceaptha. Ní fhaigheann na comhaltaí de bhrí oifige aon luach saothair as a gcomhaltas sa Ghníomhaireacht.

Rinneadh roinnt athruithe ar chomhaltas na Gníomhaireachta i rith 2016 agus 2017. D'éirigh Brendan McDonagh, a ceapadh an 22 Nollaig 2014, as a chuid oibre leis an nGníomhaireacht le héifeacht ón 24 Deireadh Fómhair 2016. Ceapadh Gerardine Jones sa Ghníomhaireacht an 8 Márta 2017.

Tá feidhmeanna GBCN dílsithe sa Ghníomhaireacht, a fhéadfaidh feidhmeanna a tharmligean don Phríomhfheidhmeannach. Agus í ag comhlíonadh a cuid dualgas, díríonn an Ghníomhaireacht ar mhaoirseacht agus treoir straitéiseach a thabhairt don eagraíocht agus ar a chinntiú go bhfuil rialuithe iomchuí i bhfeidhm, agus tarmligeann sí cúrsaí oibriúcháin don lucht bainistíochta ag an am céanna. Féachann sí le tacaíocht agus dúshlán a thabhairt don bhainistíocht maidir le spriocanna GBCN a bhaint amach agus cultúr corparáideach a chothú a chuideoidh chun na spriocanna sin a chomhlíonadh. Tá sceideal foirmiúil ábhar ann a choimeádtar le haghaidh chinneadh na Gníomhaireachta. Áirítear leis an sceideal sin:

  • Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais.
  • Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca.
  • Creat Fonn Riosca.
  • Buiséad oibre.
  • Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh (tar éis dul i gcomhairle leis an Aire).
  • Beartas foriomlán maidir le luach saothair.
  • Plean Maoinithe an Státchiste.
  • Straitéis Infheistíochta CISÉ.
  • Infheistíochtaí Phunann na hÉireann de chuid CISÉ (déantar cinntí infheistíochta suas le €150m a tharmligean don Choiste Infheistíochta).

Bhunaigh an Ghníomhaireacht roinnt coistí chun cabhrú léi a cuid freagrachtaí a chur i gcrích. Amhail an 31 Nollaig 2016, bhí ceithre choiste ag an nGníomhaireacht, agus téarmaí tagartha foirmiúla ag gach ceann:

  • An Coiste Iniúchóireachta.
  • An Coiste Infheistíochta.
  • An Coiste Riosca.
  • An Coiste Luach Saothair.

Rinne an Ghníomhaireacht an chéad athbhreithniú bliantúil ar a héifeachtacht i rith 2016. Bhí an t-athbhreithniú sin i bhfoirm meastóireachta struchtúrtha, féinmheasúnaithe a rinne an Ghníomhaireacht agus a cuid coistí. Ag éirí as an bpróiseas athbhreithnithe, shocraigh an Ghníomhaireacht go mbunófaí Coiste Straitéise le haghaidh na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát, ina gcuimseofaí saineolas seachtrach ábhartha, agus go mbainfí tairbhe as mar gheall ar ghné speisialaithe ghnó GÉS agus na dúshláin ar leith atá le sárú aici. D’aontaigh an Ghníomhaireacht freisin go mbeadh sé níos éifeachtúla agus go mbeadh sineirgí níos mó dá bharr dá mbunófaí Coiste Iniúchóireachta agus Riosca cónasctha.

Cónascadh an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca le héifeacht ón 1 Feabhra 2017. Tá sé beartaithe Coiste Straitéise na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a bhunú i lár na bliana 2017.

Ghlac an Bord freisin leis an gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit (an Cód), arna oiriúnú i líon teoranta cásanna le himthosca na Gníomhaireachta a léiriú. Tháinig Cód athbhreithnithe i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2016. Tá an nochtadh a dhéantar sa Tuarascáil Bhliantúil agus sna Ráitis Airgeadais seo ag teacht le ceanglais an chóid roimhe seo in 2009. Tá GBCN i mbun athbhreithniú ar a beartais agus a nósanna imeachta agus tá plean feidhmiúcháin i bhfeidhm aici lena chinntiú go gcloítear le ceanglais an Chóid athbhreithnithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2017 agus do na blianta ina dhiaidh sin.

Tá cóid chleachtais ghnó i bhfeidhm do chomhaltaí agus d’fhostaithe na Gníomhaireachta. Táthar ag súil go gcinnteoidh comhaltaí agus fostaithe na Gníomhaireachta go bhfuil a ngníomhaíochtaí go léir á rialú ag na caighdeáin eiticiúla a léirítear sa chód ábhartha.

Tá Beartas i bhfeidhm ag GBCN maidir le Tuairisciú ar “Éagóir Ábhartha” agus an Beartas maidir le Nochtadh Cosanta trínar féidir le fostaithe, faoi rún, ábhair imní a ardú faoi mhírialtachtaí féideartha i dtuairisciú airgeadais nó i nithe eile.

Is comhlacht forordaithe poiblí í GBCN chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001. Chomh maith leis sin tá ceanglais shonracha ann maidir le nochtadh leasa faoin Acht um Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú) agus an Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit. Tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag GBCN chun cuidiú le Stiúrthóirí a n-oibleagáidí maidir le nochtadh leasa a chomhlíonadh.

Faigheann an Ghníomhaireacht tacaíocht ina cuid feidhmeanna ó Rúnaí na Gníomhaireachta a chomhordaíonn freisin feidhmiú choistí éagsúla na Gníomhaireachta: faigheann gach ceann de na coistí tacaíocht ó Rúnaí na Gníomhaireachta nó ó Rúnaí Cúnta na Gníomhaireachta.

Freastal ar Chruinnithe Gníomhaireachta agus Coiste 2016
Gníomhaireacht

Coiste
Infheistíochta
An Coiste
Iniúchóireachta
An Coiste
Riosca
Coiste Luach
Saothair
Líon na gCruinnithe 7 12 6 6 2
Comhaltaí na Gníomhaireachta:
Willie Walsh 7 2
Maeve Carton 5 6
Brendan McDonagh 6/6(f) 9/9(f) 2
Derek Moran 7
Martin Murphy 7 6 6 2
Conor O’Kelly 7
Mary Walsh 6 6
Robert Watt 6 3 1
Susan Webb 7 12 6
Comhaltaí Seachtracha:
John Herlihy 1/4(f)
Richard Leonard 11
Mark Ryan 5/5(f)
Julie Sinnamon 10

tagraítear le (f) don líon cruinnithe a rabhthas in ann freastal orthu i gcoibhneas leis na dátaí ceapacháin.

Tuarascálacha Coistí

Tuarascáil an Choiste Iniúchóireachta

Chabhraigh an Coiste Iniúchóireachta leis an nGníomhaireacht i maoirseacht cháilíocht agus shlánaíocht na ráiteas airgeadais, in athbhreithniú agus i monatóireacht ar éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh, an phróisis iniúchta inmheánaigh agus na feidhme comhlíonta, agus in athbhreithniú thorthaí an iniúchóra reachtúil, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Bhí triúr comhaltaí neamhfheidhmiúcháin den Ghníomhaireacht ar an gCoiste. Ba iad seo a leanas comhaltaí an Choiste an 31 Nollaig 2016:

  • Martin Murphy (an Cathaoirleach).
  • Maeve Carton.
  • Susan Webb.

Ní dhearnadh aon athrú ar chomhaltas an Choiste i rith 2016.

Tháinig an Coiste le chéile sé huaire in 2016. Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Choiste in 2016:

Tuairisciú airgeadais

Rinne an Coiste athbhreithniú ar na ráitis airgeadais sular mhol sé don Ghníomhaireacht iad. Díríodh san athbhreithniú ar chur i bhfeidhm FRS 102 maidir le ráitis airgeadais an Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn agus an Chuntais Riaracháin, leanúnachas na gcur chuige sna ráitis airgeadais, meastacháin agus breithiúnais iomchuí agus soiléire agus iomláine an nochta.

Rialuithe Inmheánacha

D’athbhreithnigh an Coiste leorgacht agus éifeachtacht na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na ráiteas a bhí le cur san áireamh sna Ráitis Airgeadais maidir le rialuithe inmheánacha. Tuairiscíodh torthaí an Choiste don Ghníomhaireacht.

Comhlíonadh

Rinn an Coiste athbhreithniú agus cheadaigh sí nuashonruithe ar roinnt beartas a bhaineann le comhlíonadh lena n-áirítear Tuairisciú ar “Éagóir Ábhartha” agus an Beartas maidir le Nochtadh Cosanta. Fuair sé tuarascálacha rialta ón gCeannasaí Comhlíonta.

Iniúchadh Inmheánach

Fuair an Coiste tuarascálacha rialta ó Cheannasaí an Iniúchta Inmheánaigh (faigheann Ceannasaí an Iniúchta Inmheánaigh tacaíocht ó ghnólacht seachtrach, KPMG i láthair na huaire, a ceapadh chun obair iniúchta inmheánaigh a dhéanamh agus é freagrach do Cheannasaí an Iniúchta Inmheánaigh). D’athbhreithnigh an Coiste na príomhthátail ó thoradh athbhreithnithe iniúchta inmheánaigh aonair a cuireadh i gcrích faoi phlean iniúchta inmheánaigh rioscabhunaithe 2016 a forbraíodh trí dhíriú ar na príomhrioscaí os comhair GBCN. Rinne sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm mholtaí an iniúchta inmheánaigh, cheadaigh sé plean iniúchta inmheánaigh rioscabhunaithe 2017 agus cheadaigh sé nuashonruithe ar an gcairt iniúchta inmheánaigh.

Iniúchadh Reachtúil

Rinne an Coiste athbhreithniú ar an bplean iniúchta sheachtraigh roimh an iniúchadh agus tháinig sé le chéile leis an iniúchóir seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí ar a iniúchadh ar na ráitis airgeadais. D’athbhreithnigh an Coiste freisin freagairtí an lucht bainistíochta ar thátail agus ar mholtaí na n-iniúchóirí agus rinne sé monatóireacht, ar bhonn leanúnach, ar chur i bhfeidhm mholtaí an iniúchóra i measc an lucht bainistíochta.

Cibearshlándáil

D’oibrigh an Coiste go dlúth leis an gCoiste Riosca chun monatóireacht a dhéanamh ar chibearshlándáil GBCN, lena n-áirítear athbhreithniú ar an tuarascáil bhliantúil cibearshlándála (arna hullmhú ag gnólacht seachtrach) inar aithníodh cibearbhagairtí a bhain le GBCN agus ina ndearnadh measúnú ar chumas GBCN cosaint a thabhairt i gcoinne na mbagairtí sin.

Údaráis Tharmligthe

Rinne an Coiste athbhreithniú ar na hÚdaráis Tharmligthe Chomhdhlúite (na húdaráis tharmligthe éagsúla ón bPríomhfheidhmeannach síos trí GBCN go léir).

Rialachas

Rinne an Coiste athbhreithniú ar a théarmaí tagartha agus mhol sé leasuithe don Ghníomhaireacht. Thug sé faoi athbhreithniú ar a fheidhmíocht agus thug sé tuairisc don Ghníomhaireacht maidir leis an athbhreithniú sin.

Tuarascáil an Choiste Riosca

Chuidigh an Coiste Riosca leis an nGníomhaireacht maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear an fonn riosca a shocrú, monatóireacht ar mar atáthar ag cloí le rialachas rioscaí agus a chinntiú go sainaithnítear, go measúnaítear, go mbainistítear agus go dtuairiscítear rioscaí go cuí.

Bhí triúr comhaltaí neamhfheidhmiúcháin den Ghníomhaireacht ar an gCoiste. Ba iad seo a leanas comhaltaí an Choiste an 31 Nollaig 2016:

  • Mary Walsh, an Cathaoirleach.
  • Martin Murphy (Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta).
  • Robert Watt.

Ní dhearnadh aon athrú ar chomhaltas an Choiste i rith 2016.

Tháinig an Coiste le chéile sé huaire in 2016. Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Choiste in 2016:

Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca

Rinne an Coiste athbhreithniú agus moltaí don Ghníomhaireacht maidir le nuashonruithe ar an mBeartas agus Creat um Bainistíocht Riosca ina leagtar síos íoscheanglais éigeantacha, ardleibhéil agus codanna bunúsacha le haghaidh bainistíocht riosca a bhaineann le gach aonad gnó agus feidhm chorparáideach in GBCN agus thar gach catagóir riosca.

D’athbhreithnigh agus cheadaigh an Coiste nuashonruithe ar roinnt beartais shonracha riosca dá bhforáiltear dóibh sa Bheartas agus Creat um Bainistíocht Riosca: an Beartas um Bainistíocht Riosca Leachtachta, an Beartas um Bainistíocht Riosca Creidmheasa an Chontrapháirtí agus an Beartas Frithchalaoise. Cheadaigh sé freisin an Beartas Riosca Infheistíochta, an Beartas Bainistíochta Riosca Oibriúcháin agus Riosca agus an Creat Féinmheasúnaithe Rialaithe agus teorainneacha agus leibhéil lamháltais maidir le Punann na hÉireann de chuid CISÉ.

An Fonn Riosca

D’athbhreithnigh an Coiste agus mhol sé don Ghníomhaireacht nuashonruithe ar an gCreat um Fonn Riosca (ina sainaithnítear an fonn riosca le haghaidh gach ceann de phríomhchatagóirí riosca GBCN) agus rinne sé monatóireacht ar sheasamh GBCN i gcoinne a fhoinn riosca.

Athbhreithniú ar Phríomhrioscaí agus ar an gClár Riosca

D’athbhreithnigh an Coiste na príomhrioscaí atá roimh GBCN bunaithe ar mheasúnú riosca straitéiseach. Rinne sé athbhreithniú freisin ar chláir rioscaí le haghaidh aonaid ghnó GBCN.

Monatóireacht ar Rioscaí agus Tuairisciú

Rinne an Coiste maoirseacht ar fheabhsuithe breise ar an tsraith tuarascálacha rialta ar rioscaí mar uirlis tuairiscithe agus mhonatóireachta agus fuair sé tuarascálacha rialta ón bPríomhoifigeach Riosca. Cheadaigh sé freisin an Plean Gnó bliantúil ar Bhainistíocht Riosca agus rinne sé athbhreithniú ar an gcreat tástála struis agus ar thuarascálacha eile ó fheidhm Bainistíochta Riosca GBCN.

Cibearshlándáil

D’oibrigh an Coiste go dlúth leis an gCoiste Iniúchóireachta chun monatóireacht a dhéanamh ar chibearshlándáil GBCN, lena n-áirítear athbhreithniú ar an tuarascáil bhliantúil cibearshlándála (arna hullmhú ag gnólacht seachtrach) inar aithníodh cibearbhagairtí a bhain le GBCN agus ina ndearnadh measúnú ar chumas GBCN cosaint a thabhairt i gcoinne na mbagairtí sin.

Rialachas

Rinne an Coiste athbhreithniú ar a théarmaí tagartha agus mhol sé leasuithe don Ghníomhaireacht. Thug sé faoi athbhreithniú ar a fheidhmíocht agus thug sé tuairisc don Ghníomhaireacht maidir leis an athbhreithniú sin.

Tuarascáil an Choiste Infheistíochta

Is coiste reachtúil é an Coiste Infheistíochta a bhfuil foráil dó san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 (arna leasú).

Cuidíonn an Coiste leis an nGníomhaireacht maidir le rialáil agus bainistíocht an Chiste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn trí chinntí a dhéanamh maidir le fáil agus diúscairt sócmhainní taobh istigh de pharaiméadair dá leithéid a fhéadfaidh a bheith leagtha síos ag an nGníomhaireacht, ag cur comhairle ar an nGníomhaireacht maidir le straitéis infheistíochta an Chiste agus ag déanamh maoirseachta ar an straitéis infheistíochta.

Éilítear go mbeadh ar an gCoiste beirt chomhaltaí ceaptha den Ghníomhaireacht agus líon nach mó ná cúigear nach comhaltaí den Ghníomhaireacht iad a bhfuil saineolas ábhartha suntasach faighte acu agus atá ceaptha ag an nGníomhaireacht le cead an Aire Airgeadais (comhaltaí seachtracha). Tá socraithe ag an nGníomhaireacht gur cheart go mbeadh triúr comhaltaí seachtracha ar an gCoiste. Is iad comhaltaí an Choiste:

  • Susan Webb, Chairperson (comhalta Gníomhaireachta).
  • Gerardine Jones (comhalta Gníomhaireachta).
  • Richard Leonard (comhalta seachtrach). Stiúrthóir Cuideachta agus iar-Chomhpháirtí, Grant Thornton Ireland.
  • Mark Ryan (comhalta seachtrach). Stiúrthóir Cuideachta agus iar-Stiúrthóir Bainistíochta, Accenture Ireland.
  • Julie Sinnamon. Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Fiontraíocht Éireann.

D’éirigh John Herlihy (comhalta seachtrach) as an gCoiste le héifeacht ón 1 Bealtaine 2016. D’éirigh Brendan McDonagh (an Cathaoirleach) as an gCoiste le héifeacht ón 6 Deireadh Fómhair 2016. Ceapadh Mark Ryan ar an gCoiste le héifeacht ón 18 Iúil 2016. Ceapadh Susan Webb, a bhí ina comhalta den Choiste roimhe sin, mar Chathaoirleach le héifeacht ón 29 Samhain 2016. Ceapadh Gerardine Jones ar an gCoiste le héifeacht ón 29 Márta 2017.

Tháinig an Coiste le chéile 12 uair in 2016. Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Choiste in 2016:

Athbhreithniú ar Thograí Infheistíochta

D’athbhreithnigh an Coiste tograí infheistíochta mionsonraithe ón lucht bainistíochta. Tharmlig an Ghníomhaireacht cinntí faoi thograí infheistíochta suas le €150m tarmligthe chuig an gCoiste. I gcás go dtacaíonn an Coiste le togra infheistíochta níos mó ná €150m, déanann sé moladh maidir leis chuig an nGníomhaireacht. Rinne an Coiste monatóireacht ghníomhach freisin ar an sruth infheistíochta chun aiseolas tráthúil a chur ar fáil don lucht bainistíochta ar dheiseanna féideartha infheistíochta.

Straitéis Infheistíochta

Nuair a glacadh le straitéis infheistíochta tosaigh CISÉ in 2015, aontaíodh go ndéanfaí athbhreithniú foirmiúil ar an straitéis tar éis 18 mí. Cuireadh tús leis an athbhreithniú sin sa dara leath de 2016. Thug an Coiste comhairle maidir leis an athbhreithniú. Bhí an obair sin ag dul ar aghaidh in 2017.

Chuir an Coiste bearta foirmiúla i bhfeidhm freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise infheistíochta ar bhonn leathbhliain agus rinne sé athbhreithniú ar thagarmharcáil an Chiste. Thug sé faoi deara go raibh toradh 4% ar an sprioc tagarmharcála iomchuí i gcónaí ar leibhéal Ciste.

Infheistíocht Inbhuanaitheachta agus Fhreagrach

D’athbhreithnigh an Coiste an Beartas maidir le hInfheistíocht Inbhuanaitheachta agus Fhreagrach CISÉ agus mhol sé é don Ghníomhaireacht.

Éagsúlú Punainne

D’athbhreithnigh an Coiste Creat um Éagsúlú Punainne CISÉ agus d’aontaigh sé go gcuirfí na teorainneacha infheistíochta agus na leibhéil lamháltais a leagtar síos sa chreat faoi bhráid an Choiste Riosca lena gceadú.

Monatóireacht agus Athbhreithniú Punainne

Fuair an Coiste tuairiscí rialta ón lucht bainistíochta ar fheidhmíocht, sannadh sócmhainní agus tionchar geilleagrach an Chiste. Chuir sé tús freisin le hathbhreithniú ráithiúil foirmiúil ar fheidhmíocht infheistíochtaí aonair CISÉ in Éirinn.

Rialachas

Rinne an Coiste athbhreithniú ar a théarmaí tagartha agus mhol sé leasuithe don Ghníomhaireacht. Thug sé faoi athbhreithniú ar a fheidhmíocht agus thug sé tuairisc don Ghníomhaireacht maidir leis an athbhreithniú sin.

Tuarascáil an Choiste Luach Saothair

Cuidíonn an Coiste Luach Saothair leis an nGníomhaireacht trí athbhreithniú agus faomhadh bheartas foriomlán luach saothair GBCN, athbhreithniú agus faomhadh aon scéimeanna pá a bhaineann le feidhmíocht arna n-oibriú ag GBCN agus faomhadh na n-íocaíochtaí bliantúla iomlána le déanamh faoi aon scéim mar sin. Déanann sé moltaí freisin don Ghníomhaireacht maidir le luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh.

Tá ceathrar comhaltaí ar an gCoiste, a cheap an Ghníomhaireacht:

  • Maeve Carton, an Cathaoirleach.
  • Martin Murphy.
  • Willie Walsh.
  • Robert Watt.

Bhí Brendan McDonagh ina Chathaoirleach ar an gCoiste go dtí gur éirigh sé as mar chomhalta den Ghníomhaireacht le héifeacht ón 24 Deireadh Fómhair 2016. Ceapadh Maeve Carton ar an gCoiste mar Chathaoirleach le héifeacht ón 29 Márta 2017.

Tháinig an Coiste le chéile faoi dhó in 2016.

Áiríodh iad seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Choiste in 2016:

Luach Saothair

D’fhaomh an Coiste Beartas Luach Saothair foirmiúil le paraiméadair a shainmhíniú chun go bhféadfaidh an Príomhfheidhmeannach agus an lucht bainistíochta iad a fheidhmiú le fostaithe ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil agus le hardfheidhmíocht a spreagadh san fhoireann, ach a bheith ag cloí le dlí infheidhme, ag léiriú dea-rialachas corparáideach agus comhsheasmhacht le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach, agus á cur sin chun cinn. D'athbhreithnigh agus cheadaigh an Coiste an méid iomlán in íocaíochtaí a bhain le feidhmíocht a bhí le déanamh maidir le 2015.

Ceapacháin

Rinne an Coiste athbhreithniú ar ghearrliosta iarrthóirí le haghaidh an fholúntais do chomhalta seachtrach ar an gCoiste Infheistíochta a tharla i rith 2016 agus rinne sé moladh don Ghníomhaireacht maidir leis an bhfolúntas sin a líonadh. Thug an Coiste tacaíocht agus cúnamh freisin don Chathaoirleach chun a ról a chur i gcrích maidir leis an bhfolúntas i gcomhaltas na Gníomhaireachta a tháinig chun cinn i rith 2016 agus líonadh an folúntas faoi phróiseas measúnaithe Sheirbhís na gCeapachán Poiblí chun tacú leis an Aire ábhartha ceapacháin a dhéanamh ar Bhoird Stáit faoina s(h)aindulagas.