Maoiniú agus Bainistiú Fiach

Fiachas ar Dhátaí níos faide a Eisiúint

Tá Dinimicí Fiachais Fós ag Feabhsú

Ollfhiachas Náisiúnta ag deireadh 2016

Athbhreithniú ar an Margadh

Bhí luaineacht mhór sna margaí bannaí domhanda i rith 2016. Cé gurbh iad bearta éascaithe chainníochtúil BCE fós an spreagthóir ba mhó ag torthaí bannaí na hEorpa, bhí roinnt imeachtaí ardphróifíle ag tarlú sa mhargadh freisin ar feadh na bliana. Ina measc sin bhí an vóta sa Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil agus toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Spreag athruithe ionchais ar bhearta éascaithe chainníochtúil BCE agus rátaí úis na Stát Aontaithe an luaineacht sin freisin.

Chuir toradh 10 mbliana na hÉireann tús leis an mbliain ag os cionn 1%. Bhí treocht síos tríd is tríd i dtorthaí thar an gcéad leath den bhliain, agus titim dhrámata sa tseachtain tar éis chinneadh reifreann na Ríochta Aontaithe. Thit toradh 10 mbliana na hÉireann go dtí 0.32% i mí Mheán Fómhair 2016 sula ndeachaigh sé ar ais suas go dtí 0.74% ag deireadh na bliana, agus an méadú sin ag teacht leis an treocht ghinearálta i dtorthaí bannaí na hEorpa sa cheathrú ráithe de 2016.

Gníomhaíocht Mhaoinithe

Maoiniú Fadtéarmach

D’eisigh GBCN luach €8.25bn de bhannaí tagarmharcála i rith 2016. Tá meántoradh ualaithe de 0.82% agus meánaibíocht ualaithe de 10 mbliana ag an eisiúint nua sin. Ina theannta sin, d’eisigh láithriú príobháideach an chéad bhanna 100 bliain in Éirinn ag toradh 2.35%.

Rannchuidigh an eisiúint sin tuilleadh le straitéis GBCN rátaí úis ísle a chur faoi ghlas agus aibíochtaí níos faide fad is atá rátaí úis fós ag na leibhéil is ísle riamh. D'eisigh GBCN maoiniú bannaí nua arbh fhiú €33bn iad thar an tréimhse 2014-2016, ag meántoradh ualaithe de 1.81% agus meánaibíocht ualaithe de bheagnach 14 bliana.

Thug GBCN faoi shindeacáitiú banna amháin in 2016, ag eisiúint bannaí nua 10 mbliana i mí Eanáir ag toradh 1.16%. Bhí spéis mhór ag raon leathan infheisteoirí ann, agus díoladh €3bn ar an iomlán. Thóg infheisteoirí thar lear 88% den tsuim eisithe leo. Bhí ceannacháin scaipthe thar raon cineálacha infheisteoirí lena n-áirítear bainisteoirí cistí, bainc, cistí pinsin agus árachais agus bainc cheannais.

Bhí sé cheant bannaí ag GBCN le linn na bliana freisin agus cruinníodh suim iomlán €5.25bn.

Ceantanna Bannaí GBCN 2016
Dáta an
Cheant

Ainm an
Bhanna

Méid
an Cheant
€m*
%
Toraidh

Cóimheas
Tairiscint
/Clúdach
11 Feabhra Banna Státchiste 1% 2026 1,000 1.00 1.8
14 Aibreán Banna Státchiste 1% 2026 750 0.82 2.4
12 Bealtaine Banna Státchiste 0.8% 2022 750 0.16 2.6
8 Meán Fómhair Banna Státchiste 1% 2026 1,000 0.33 2.5
13 Deireadh Fómhair Banna Státchiste 1% 2026 1,000 0.50 2.0
3 Samhain Banna Státchiste 2.4% 2030 750 0.98 2.6

*níl ceantanna neamhiomaíocha áirithe anseo

I mí an Mhárta 2016, d’eisigh GBCN céad bhanna 100 bliain na hÉireann, trí Chlár Nótaí Meántéarmacha Euro na hÉireann. Dhíol láithriú príobháideach suim €100m, ag toradh 2.35%. Ba é sin an chéad uair ag Éirinn aibíocht thar a bheith fada a fháil agus ba léiriú í ar vóta muiníne tábhachtach in Éirinn mar eisitheoir flaithiúlachta.

Mar chuid dá straitéis rátaí úis ísle a chur faoi ghlas agus ag cosaint i gcoinne an riosca maidir le gluaiseachtaí in airde i rátaí sa todhchaí, ceannaíodh ar ais freisin €3bn de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh a bhí i seilbh an Bhainc Ceannais agus cuireadh maoiniú margaidh meántéarmach go fadtéarmach ar ráta seasta ina n-ionad. Bhí an t-iarmhéid iomlán a bhí le híoc de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ag €19.5bn ag deireadh 2016, i gcomparáid le €25.0bn a eisíodh an chéad lá riamh in 2013.

Laghdaigh GBCN méid na n-aibíochtaí fiachais gearrthéarmacha freisin trí thart ar luach €1.9bn de bhannaí ar dhátaí níos giorra den chuid is mó a cheannach ar ais, á n-ionadú le bannaí ar dhátaí níos faide.

Maoiniú Gearrthéarmach

Leathnaigh GBCN a bonn eisiúna gearrthéarmach de réir aibíochta agus méide in 2016.

Leanadh ar aghaidh le clár Billí Státchiste GBCN ar feadh 2016. Bhí ceithre cheant ar siúl i rith na bliana, agus péire acu sin sa spás aibíochta 12 mhí. Bhí €1bn i mBillí Státchiste fós gan íoc ag deireadh 2016.

Choimeád GBCN clár Eorapháipéar Tráchtála Ilairgeadra na hÉireann ar bun sa bhliain 2016 freisin. Ba é an láimhdeachas iomlán san Eorapháipéar Tráchtála i rith na bliana ná €5.5bn agus bhí €0.3bn fós le híoc ag deireadh 2016.

De thoradh bheartais fáis airgeadaíochta BCE agus thimpeallacht na rátaí úis ísle, bhí GBCN in ann gach Bille Státchiste agus Eorapháipéar Tráchtála a eisiúint ag rátaí diúltacha úis ar choibhéis leis an euro in 2016. Eisíodh fiachas gearrthéarmach freisin i bhfoirm Nótaí Státchiste agus Nótaí Lár-Chisteáin, d’infheisteoirí intíre institiúideacha go príomha.

Éascú Cainníochtúil BCE

Thug BCE bearta éascaithe chainníochtúil isteach i mí an Mhárta 2015. Tugtar Clár Ceannaigh na hEarnála Poiblí ar an gclár go hoifigiúil, áit a gceannaíonn bainc cheannais náisiúnta bannaí rialtais sa mhargadh tánaisteach. Idir mí an Mhárta 2015 agus mí na Nollag 2016, cheannaigh BCE €1.3 trilliún i mbannaí na hearnála poiblí i limistéar an euro. Ba bhannaí Rialtas na hÉireann díreach os cionn €18.5bn de sin. Tá síneadh curtha le Clár Ceannaigh na hEarnála Poiblí go dtí mí na Nollag 2017 ar a laghad, cé go mbeidh sé i bhfeidhm ar leibhéal laghdaithe ó mhí Aibreáin 2017.

Bhí bannaí Éireannacha i seilbh BCE cheana féin faoi Chlár na Margaí Urrús, a foirceannadh in 2012. Taispeántar sealúchais ainmniúla dár luach €7.3bn de bhannaí Éireannacha i ráitis airgeadais BCE faoin gclár seo ag deireadh 2016. Chomh maith leis sin, bhí €19.5bn de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann ag deireadh 2016. Eisíodh na bannaí sin don Bhanc Ceannais in ionad na Nótaí Gealltanais a cuireadh ar fáil do CÉRB, i ndiaidh leachtú CÉRB in 2013.

Mar gheall air sin, is é an tEurochóras an sealbhóir is mó de bhannaí Rialtas na hÉireann i láthair na huaire. Ag deireadh 2016 bhí €45.3bn (37%) ar a laghad den €121.6bn de bhannaí Rialtas na hÉireann a bhí á n-eisiúint i seilbh an Eurochórais1.

Coigilteas Stáit

Is é State Savings (Coigilteas Stáit) an t-ainm branda a úsáideann GBCN maidir leis an réimse táirgí coigiltis a thairgtear do choigilteoirí pearsanta. Le linn 2016, bhí glan-insreafaí €0.66bn isteach i dtáirgí Coigilteas Stáit agus ag deireadh 2016, ba é €20.1bn an tsuim iomlán a bhí fós gan íoc.

Táirgí Coigilteas Stáit
Méid Iomlán
a bhí le hÍoc
ag deireadh
2016 €m

Insreabhadh
Glan/(Eis-
sreabhadh)
in 2016
€m
Bannaí Coigiltis 3,747 (619)
Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4,149 704
Cairteacha Coigiltis 5,908 (7)
Tráthchoigiltí 498 13
Duaisbhannaí 2,892 411
Cuntais Taisce 2,921 157
Iomlán 20,115 659

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

I mí an Mheithimh 2016, d’fhógair GBCN eisiúint nua de tháirgí Coigilteas Stáit agus athruithe ar na rátaí úis. Leagtar amach thíos an ráta úis seasta arna chur ar fáil faoi láthair.

Táirge


Ráta
Seasta
Iomlán
Toradh %
Ráta
Coibhéiseach
Bliantúil %
Banna Coigiltis 3 Bliana 1.0 0.33
Banna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4 Bliana 2.0 0.50
Cairteacha Coigiltis 5 bliana 5.0 0.98
Tráthchoigiltí 6 bliana 5.5 0.98
Banna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 10 mbliana 16.0 1.50

Rinneadh athruithe ar na rátaí athraitheacha ar na Cuntais Taisce. Íocann siad sin ráta 0.15% anois. Rinneadh athbhreithnithe freisin ar an ráta athraitheach úis a bhí á úsáid chun luach dhuaischiste míosúil na nDuaisbhannaí a shocrú. Le héifeacht ó mhí Iúil 2016, is é 0.85% ráta dhuaischiste na nDuaisbhannaí. Is é €50,000 an duais is mó a bhíonn le buachan gach seachtain, ach amháin sa tarraingt sheachtainiúil deiridh de gach ráithe ar an bhféilire, tráth a mbíonn €1m sa duais mhór.

Próifíl Fiachais

Is é is Fiachas Rialtais Ghinearálta ann ná tomhas ar ollfhiachas comhdhlúite iomlán an Stáit. Is é an tomhas caighdeánach é a úsáidtear le haghaidh cuspóirí comparáide ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is ionann an Fiachas Náisiúnta agus an glanfhiachas atá tabhaithe ag an Státchiste tar éis iarmhéideanna airgid agus sócmhainní airgeadais eile a chur san áireamh. Is é an ghné is mó den Fhiachas Rialtais Ghinearálta ná Ollfhiachas Náisiúnta – is é sin an Fiachas Náisiúnta sula ndéantar glanluacháil ar airgead agus ar shócmhainní airgeadais. Ní bhaineann freagrachtaí GBCN ach le bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta amháin.

Comhdhéanamh an Fhiachais Rialtais Ghinearálta ag deireadh 2016
€bn
Bannaí Rialtais 121.6
Bannaí Státchiste ar Ráta Seasta 101.4
Banna Ráta Chomhlúthaigh 19.5
Bannaí Amúchta 0.7
Maoiniú Chlár AE/CAI 50.3
Fiachas Eile Meántéarmach agus Fadtéarmach 1.7
Scéimeanna Coigilteas Stáit* 17.2
Fiachas Gearrthéarmach 5.9
Ollfhiachas Náisiúnta 196.7
Lúide Airgead Státchiste agus Sócmhainní Airgeadais Eile 11.1
Fiachas Náisiúnta 185.6
Ollfhiachas Náisiúnta 196.7
Coigeartuithe Fiachas Rialtais Ghinearálta 3.8
Fiachas Rialtais Ghinearálta 200.6

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

* Áirítear le Scéimeanna Coigilteas Stáit freisin airgead a chuireann taisceoirí i mBanc Taisce an Phoist nach bhfuil ina chuid sainráite den Fhiachas Náisiúnta. Tugtar na cistí sin ar iasacht don Státchiste go príomha mar airleacain ghearrthéarmacha agus trí Bhannaí Rialtas na hÉireann a cheannach. Nuair a chuirtear Taiscí i mBanc Taisce an Phoist san áireamh, bhí €20.1bn de Choigilteas Stáit iomlán le híoc ag deireadh 2016.

Foinse: GBCN agus an Phríomh-Oifig Staidrimh

Bhí Fiachas Rialtais Ghinearálta (FRG) na hÉireann díreach os cionn €200bn nó 75% de OTI ag deireadh 2016. Cé go bhfuil an leibhéal dearbhfhiachais fós ard, tá an cóimheas FRG/OTI tite go suntasach ó bhuaic beagnach 120% ag deireadh na bliana 2012/2013, agus tharla sé sin go príomha mar gheall ar ardú géar ar OTI. Bhí tionchar mór ag gníomhaíochtaí na gcuideachtaí ilnáisiúnta ag fhigiúr OTI na hÉireann in 2015 go háirithe. Ina ainneoin sin, tá an ghníomhaíocht gheilleagrach is bonn leis fós láidir.

Is olltomhas é Fiachas Rialtais Ghinearálta agus ní féidir iarmhéideanna airgid na sócmhainní eile airgeadais a ghlanluacháil. Mar sin féin, cruthaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh meastachán ar Ghlanfhiachas Rialtais Ghinearálta agus ag deireadh 2016 ba €175bn nó 66% de OTI a bhí ann. I measc luach €25bn de shócmhainní airgeadais a ndearnadh glanluacháil orthu chun na críche sin bhí airgead CISÉ agus infheistíochtaí gnáthscaireanna mar aon le sócmhainní airgid agus airgeadais an Státchiste. Ní áirítear leo scaireanna cothromais an Rialtais in earnáil bhaincéireachta na hÉireann, AIB go háirithe.

Ní féidir brath chomh mór ar an gcóimheas d'fhiachas le OTI mar tháscaire inbhuanaitheachta mar gheall ar na hathruithe móra a rinneadh ar fhigiúirí OTI na hÉireann mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuideachtaí ilnáisiúnta. D'fhonn inbhuanaitheacht fiachais a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an tomhas a dhéanfaí ar an gcumas seirbhísithe fiachais ag cobhsú nó ag feabhsú.

Sa chomhthéacs sin, is fiú díriú ar mhéadracht bhreise chun léiriú níos soiléire a fháil ar ualach fiachais na hÉireann. Ina measc sin bhí Fiachas Rialtais Ghinearálta (comhlán agus glan) agus Ús, mar chéatadán d'Ioncam Rialtais Ghinearálta. Cé go bhfuil cúrsaí fiachais ag feabhsú, fulaingíonn Éire i gcónaí ó oidhreacht na géarchéime airgeadais, agus na leibhéil dearbhfhiachais agus an mhéadracht mhalartach seo fós ag leibhéil arda.

Tá feabhas suntasach curtha ag GBCN le blianta beaga anuas ar phróifíl aibíochta fiachais an Státchiste. Ó lár mhí na Samhna 2014 tá céimeanna glactha aici chun an riosca athmhaoinithe a bhain leis an lear suntasach aibíochtaí fiachais a bhí ag teacht chun cinn thar an tréimhse 2017-2020 a laghdú. I measc na n-oibríochtaí sin bhí aisíocaíocht luath mhórchuid saoráid iasachta CAI agus ceannacháin agus malartuithe bannaí, ag glasáil fiachais aibíochta níos faide ag rátaí ísle. Laghdaigh na gníomhartha sin go léir fuascailtí 2017-2020 de bheagnach €17bn.

Meastar meánaibíocht ualaithe fhiachas fadtéarmach indíolta agus oifigiúil na hÉireann ag deireadh 2016 a bheith cothrom le 11.7 bliain.

Táirgeacht Fónaimh d’Fhiachas

Is iad bunchuspóirí GBCN i leith bainistiú fiach ná leachtacht leordhóthanach a chinntiú don Státchiste agus costais fónaimh d’fhiachas a bharrfheabhsú thar an meántéarma.

Ba é €6,741m costas úis airgid an Fhiachais Náisiúnta in 2016, 3.4% níos lú ná an tsuim chomhfhreagrach le haghaidh 2015 agus 9.8% níos ísle ná buaic 2014. Toisc shuntasach sa laghdú ab ea aisíocaíocht luath mhórchuid shaoráid iasachta CAI thar an tréimhse ó mhí na Nollag 2014 go mí an Mhárta 2015 agus maoiniú fadtéarmach, níos saoire, bunaithe ar an margadh a chur ina háit. Bhí bille úis 2016 3.5% níos ísle ná mar a measadh i mBuiséad 2016 a léirigh an ráta úis fabhrach agus an timpeallacht mhaoinithe a bhí le feiceáil ar feadh fhormhór na bliana.

B’ionann agus 14.1% d’ioncam cánach an Státchiste an Fiachas Náisiúnta in 2016 i gcomparáid le 15.3% in 2015 agus 18.1% in 2014.

Margadh Bannaí Rialtais na hÉireann

Tá réimse aibíochtaí, a fhad le 2045, ag cuar bhannaí tagarmharcála na hÉireann.

Bannaí Státchiste Ráta Sheasta Rialtas na hÉireann
Banna



An Dáta Aibíochta



Gan Íoc ag
Deireadh
2016
€m*
Banna Státchiste 5.5% 2017 18 Deireadh Fómhair 2017 6,227
Banna Státchiste 4.5% 2018 18 Meitheamh 2019 9,104
Banna Státchiste 4.4% 2019 18 June 2019 7,683
Banna Státchiste 5.9% 2019 18 Deireadh Fómhair 2019 6,540
Banna Státchiste 4.5% 2020 18 Aibreán 2020 11,269
Banna Státchiste 5.0% 2020 18 Deireadh Fómhair 2020 8,082
Banna Státchiste 0.8% 2022 15 Márta 2022 5,728
Banna Státchiste 3.9% 2023 20 Márta 2023 5,570
Banna Státchiste 3.4% 2024 18 Márta 2024 7,994
Banna Státchiste 5.4% 2025 13 Márta 2025 11,390
Banna Státchiste 1.0% 2026 15 Bealtaine 2026 6,790
Banna Státchiste 2.4% 2030 15 Bealtaine 2030 8,882
Banna Státchiste 2.0% 2045 18 Feabhra 2045 6,099

* gan comhaontuithe athcheannaigh san áireamh

Tharla roinnt forbairtí dearfacha maidir le rátáil chreidmheasa na hÉireann i rith 2016. Rinne Fitch uasghrádú ar an rátáil go dtí A i mí Feabhra, agus rinne Moody’s uasghrádú air go dtí A3 agus ionchas dearfach ann i mí na Bealtaine. Tá a rátáil chreidmheasa mar chatagóir A faighte ar ais ag Éirinn anois le gach ceann de na mór-ghníomhaireachtaí rátála.

Rátálacha Chreidmheas Flaithiúnais na hÉireann ag Deireadh 2016
Gníomhaireacht Rátála


Rátáil fhad-
téarmach

Rátáil
ghearr-
théarmach
Ionchas


Standard & Poor’s A+ A-1 Cobhsaí
Moody’s A3 P-2 Dearfach
Fitch Ratings A F1 Cobhsaí

Caidreamh le hInfheisteoirí

Lean GBCN lena clár forleathan caidrimh le hinfheisteoirí i rith 2016. Bhí seónna bóthair aici ar fud na hEorpa, san Áise, sna Stáit Aontaithe agus sa Mheánoirthear.

Bhí an Fhoireann Gheilleagrach rannpháirteach in os cionn 20 comhdháil nó imeacht i rith na bliana ar fad. Anuas air sin, táirgeann sí agus nuashonraíonn sí go rialta an pacáiste cur i láthair d'infheisteoirí GBCN. Cumhdaítear ansin topaicí idir shonraí geilleagracha agus nuashonruithe ar mhaoiniú an Rialtais agus ar an earnáil bhaincéireachta.

Tá an clár caidrimh sin le hinfheisteoirí tábhachtach chun caidrimh fhadtéarmacha a fhorbairt agus a chothú le hinfheisteoirí. Tugann sé trédhearcacht freisin don mhargadh maidir le cás maicreacnamaíoch na hÉireann agus pleananna maoinithe GBCN agus coinníonn sé infheisteoirí ar an eolas faoi stádas creidmheasa na hÉireann.

  • Ní áirítear anseo aon bhannaí Rialtas na hÉireann eile i seilbh phunann Chomhaontú an Eurochórais maidir le Glansócmhainní Airgeadais.