Bainistíocht Riosca

Maoirseacht agus Rialachas

Tá cur chuige GBCN maidir le bainistíocht riosca bunaithe ar an tsamhail "trí líne chosanta" agus é ceaptha chun tacú lena sainorduithe a chur i gcrích trí rioscaí, a thagann chun cinn nuair atá GBCN ag baint amach a cuspóirí straitéiseacha, a bhainistiú go réamhghníomhach. Le linn 2016, lean GBCN ag forbairt a cláir bainistíochta riosca, lena n-áirítear a feidhm bainistíochta riosca i dtaca le hinfheistíocht dara líne agus leathnaigh sí agus d'fheabhsaigh sí a monatóireacht agus tuairisciú riosca.

Leagann an Ghníomhaireacht síos an Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca agus an Creat Fonn Riosca. Cuidíonn an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca leis an nGníomhaireacht maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear monatóireacht ar mar atáthar ag cloí le rialachas rioscaí agus a chinntiú go sainaithnítear, go measúnaítear, go mbainistítear agus go dtuairiscítear rioscaí go cuí.

Déanann Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair feidhmiúcháin maoirseacht ar fheidhmiú fonn riosca foriomlán GBCN agus ar bhunú córas cuí ag lucht ardbhainistíochta lena chinntiú go ndéantar aon rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a mhonatóiriú, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach. Tá an Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair freagrach as a chinntiú go ndéantar rioscaí ábhartha ar fud GBCN a thuairisciú ar bhealach comhleanúnach agus comhtháite don Choiste Iniúchóireachta agus Riosca.

Beartas agus Creat

Sainíonn an Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca na caighdeáin le haghaidh bainistíocht riosca ar fud na heagraíochta agus leagann sé amach na socruithe trína mbaintear sin amach. Áirítear leo sin cuspóir, beartas, creat, freagrachtaí agus próisis a thacaíonn le bainistíocht éifeachtach agus chomhtháite riosca, ag teacht le fonn riosca comhaontaithe na Gníomhaireachta. Tá a fonn riosca sainithe ag GBCN maidir le gach ceann dá catagóirí riosca agus tomhaiseann sí neamhchosaintí riosca trí phríomhtháscairí riosca a úsáid.

Déantar athbhreithniú bliantúil ar an mBeartas agus Creat um Bainistíocht Riosca agus ar an gCreat Fonn Riosca lena chinntiú go bhfuil siad fós ábhartha agus cothrom le dáta.

Measúnú Riosca

Ceapadh na próisis measúnaithe riosca lena chinntiú go mbainistíonn GBCN a rioscaí laistigh dá fonn riosca comhaontaithe, go sainaithnítear rioscaí ábhartha agus go ndéantar monatóireacht ar bhainistíocht riosca laistigh de róil agus freagrachtaí atá sainmhínithe agus léirithe go soiléir.

Éilítear ar gach aonad gnó faoi leith a rioscaí a fhéinmheasúnú agus a athbhreithniú agus iad a thaifeadadh i gcláir riosca. Déanann an t-athbhreithniú na nithe seo a leanas:

  • Na rioscaí don ghnó a shainaithint nó a athdhearbhú agus a aicmiú.
  • Tionchar agus dóchúlacht riosca nádúrtha a mheasúnú.
  • Cóirithe agus rialuithe molta a shainaithint; úinéirí a shannadh le haghaidh aon phleananna gníomhaíochta comhaontaithe.
  • Tuairisciú ar fheidhmiú beart agus rialuithe le tabhairt faoi na rioscaí iarmharacha.

Cuireann gach aonad gnó a gcláir riosca i láthair an Choiste Bainistíochta Riosca Fiontair agus an Choiste Iniúchóireachta agus Riosca uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Príomhrioscaí

Déanann an Coiste Bainistíochta Riosca Fiontair measúnú riosca straitéisigh faoi dhó sa bhliain, ag a bhfuil de chuspóir na príomhrioscaí ó thaobh GBCN de ar fad a shainaithint. Déanann an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus an Ghníomhaireacht measúnú ansin ar na príomhrioscaí.

Príomhrioscaí
Riosca Cur Síos ar Riosca
Riosca Geilleagrach, Geopholaitiúil agus Margaidh D’fhéadfadh dálaí foircneacha geilleagracha, tírdhreach polaitiúil corrach agus luaineacht margaidh drochthionchar a imirt ar GBCN. I measc iarmhairtí féideartha tá fadhbanna le rochtain ar mhaoiniú nó deiseanna infheistíochta, meath ar inbhuanaitheacht fiachais, costais ardaithe as fónamh d’fhiachas nó torthaí infheistíochta mífhabhracha.
Riosca Infheistíochta Tá GBCN freagrach as infheistíochtaí a dhéanamh mar chuid dá sainordú. Ina measc seo tá infheistíochtaí díreacha agus ceanglais do bhainisteoirí infheistíochta tríú páirtí. Mar gheall ar dhroch-chinntí infheistíochta nó drochbhainistíocht ar réamh-phróisis nó iar-phróisis infheistíochta d’fhéadfaí damáiste airgeadais a dhéanamh nó droch-chlú a tharraingt uirthi.
Riosca Páirtithe Leasmhara Tá grúpa scairshealbhóirí leathan agus éagsúil ag GBCN, lena n-áirítear Airí agus Ranna Rialtais, contrapháirtithe sa mhargadh agus comhpháirtithe infheistíochta. Toisc go bhfuil a príomhchuspóirí gnó á rialú go príomha ag reachtaíocht agus ag treoirlínte aireachta, má theiptear oibriú le scairshealbhóirí, agus/nó a n-ionchais a bhainistiú i gcomhthéacs tosaíochtaí iomaíocha, d'fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar a cumas a cuid cuspóirí a bhaint amach.
Riosca Iompraíochta D'fhéadfadh tionchar a bheith ag iompair mhí-eiticiúla, easpa trédhearcachta nó cuntasachta ar shainorduithe GBCN a chur i gcrích, rud a tharraingeodh droch-cháil uirthi.
Riosca Oibríochtúil Tá riosca oibríochtúil nádúrtha i ngníomhaíochtaí GBCN go léir. Feictear do GBCN go bhfuil próiseáil idirbheart, teicneolaíocht faisnéise, slándáil sonraí, cibear-ionsaí, calaois, agus leanúnachas gnó ar a príomhrioscaí oibriúcháin.
Riosca Tríú Páirtí Braitheann GBCN ar roinnt soláthróirí tríú páirtí le bheith in ann a sainorduithe a chur i gcrích. Má theipeann ar GBCN maoirseacht agus bainistíocht a dhéanamh ar thríú páirtithe, nó má theipeann ar an tríú páirtí soláthar a dhéanamh nó gníomhú ar bhealach atá comhsheasmhach le riachtanais GBCN, féadfaidh damáiste airgeadais agus/nó clú bheith ann.
Riosca Athraithe Tá athrú mór ar bun ar GBCN le roinnt blianta anuas, ina measc áitreabh nua agus mórchórais nua TF a chur i bhfeidhm. Mura mbíonn cur chuige straitéiseach, comhordaithe agus cuimsitheach ann maidir leis an athrú a bhainistiú féadfaidh sé sin cur isteach go mór ar an ngnó, beidh sé in ann caillteanas airgeadais a chruthú nó damáiste a dhéanamh do chlú na heagraíochta.
Daoine agus Riosca Cultúir Daoine
Cuireann GBCN raon gníomhaíochtaí speisialaithe i gcrích thar ceann an Stáit. Má theipeann uirthi lucht oibre sách oilte a bhfuil dóthain taithí acu a earcú, a choinneáil agus a fhorbairt féadfaidh seo drochthionchar a imirt ar a cumas a sainorduithe a chur i gcrích.

Cultúr
Tá cultúr ina gceadaítear do na daoine in GBCN plé oscailte a bheith acu agus gníomhú maidir le rioscaí na heagraíochta anois agus sa todhchaí thar a bheith tábhachtach. Má chuirtear isteach ar aon bhealach ar an gcultúr sin, féadfaidh sé tionchar diúltach a imirt ar na daoine sa GBCN agus ar a cumas a cuid spriocanna straitéiseacha a chur i gcrích.

Féadfaidh rioscaí agus neamhchinnteachtaí eile bheith ann nach meastar a bheith ábhartha fós nó nach eol don Ghníomhaireacht fós iad agus féadfaidh na príomhrioscaí athrú chun forbairtí mar seo a chur san áireamh.