Soláthar Foirne agus Luach Saothair

Cuireann GBCN a sainorduithe i gcrích trí chúig aonad gnó: an tAonad um Maoiniú agus Bainistiú Fiach, Aonad an Chiste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, RÉnua agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Faigheann aonaid ghnó GBCN tacaíocht óna feidhmeanna corparáideacha a thugann seirbhísí ar fud na réimsí seo a leanas: Airgeadas, Oibríochtaí, Teicneolaíocht Faisnéise, Riosca, Acmhainní Daonna, Gnóthaí Dlí, Comhlíonadh, Cumarsáid agus Iniúchadh Inmheánach.

Tá roinnt ball foirne de chuid GBCN ar iasacht leis an Roinn Airgeadais tar éis aisghairm tharmligean fheidhmeanna córais bhaincéireachta an Aire Airgeadais chuig GBCN ó mhí Lúnasa 2011.

Sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) agus soláthraíonn sí seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta di. Déanann GNBS agus CBSÉ aisíocaíocht do GBCN as costas na seirbhísí sin (costais bhall foirne san áireamh). Is aonáin neamhspleácha iad GNBS agus CBSÉ agus tá a mboird féin acu.

Seachas baill foirne atá sannta do GNBS agus CBSÉ, bhí 464 fostaí ag GBCN ag deireadh 2016. Bhí 302 fostaí sannta do GNBS agus bhí 16 fhostaí sannta do CBSÉ.

Tá múnla luach saothair GBCN bunaithe ar chonarthaí fostaíochta a idirbheartaítear ina n-aonair faoi rún, le luach saothair iomaíoch, ailínithe don mhargadh. Is é atá sa ghnáthphacáiste luach saothair buntuarastal seasta, teidlíocht pinsin agus soláthar le haghaidh pá lánroghnach maidir le feidhmíocht. I líon teoranta cásanna íoctar liúntais nó sochair eile.

Is é cuspóir GBCN a chinntiú go n-éascaíonn a socruithe luach saothair í ag mealladh, ag forbairt, agus ag coinneáil fostaithe ardfheidhmíochta agus spreagtha, le scileanna agus taithí iomchuí, lena chinntiú gur féidir le GBCN a feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ag comhlíonadh ag an am céanna an dlí infheidhmithe. Tá sé d’aidhm aici córas luach saothair a fheidhmiú:

  • a ligeann do GBCN a bheith iomaíoch go héifeachtach sa mhargadh oibre agus fostaithe ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil.
  • a léiríonn cuspóirí GBCN le haghaidh dea-rialachas corparáideach.
  • a bhainistíonn luach saothair ar bhealach iomchuí agus a spreagann leibhéal ard feidhmíochta.
  • atá comhsheasmhach le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach agus a chuireann sin chun cinn.

Tá íocaíochtaí lánroghnacha maidir le feidhmíocht ceaptha le feidhmíocht eisceachtúil a chúiteamh, le haird ar fheidhmíocht an fhostaí féin, feidhmíocht réimse freagrachta an fhostaí, agus feidhmíocht fhoriomlán GBCN. Déantar íocaíochtaí maidir le feidhmíocht de réir paraiméadar atá faofa ag Coiste Luach Saothair neamhfheidhmiúcháin na Gníomhaireachta. Déantar an méid foriomlán íocaíochtaí maidir le feidhmíocht i leith aon bhliain faoi réir fhaomhadh an Choiste Luach Saothair freisin.

Rinne GBCN íocaíochtaí a bhain le feidhmíocht le 115 ball foirne in 2017 i leith 2016. B’ionann na híocaíochtaí agus €1,175,050 san iomlán. Le linn 2016 rinne GBCN íocaíochtaí maidir le feidhmíocht le 60 ball foirne arbh ionann san iomlán iad agus €492,500 i leith 2015.

Luach Saothair GBCN ag Deireadh 2016
Buntuarastal


Luach
Saothair
Iomlán
suas go €50,000 129 128
€50,001 go €75,000 150 138
€75,001 go €100,000 86 84
€100,001 go €125,000 39 49
€125,001 go €150,000 21 20
€150,001 go €175,000 17 19
€175,001 go €200,000 12 9
€200,001 go €225,000 1 4
€225,001 go €250,000 1 3
€250,001 go €275,000 3 0
€275,001 go €300,000 2 3
€300,001 go €325,000 1 5
€325,001 go €350,000 1 0
€350,001 go €375,000 0 1
€375,001 go €400,000 0 0
€400,001 go €425,000 0 0
€425,001 go €450,000 0 0
€450,001 go €475,000 0 0
€475,001 go €500,000 1 1
Iomlán 464 464

Tabhair faoi deara: Leagtar amach buntuarastal ar bhonn pro-rata. Mar chuid de luach saothair iomlán tá buntuarastal agus aon sochar incháinithe eile a íoctar le fostaithe (lena n-áirítear íocaíochtaí maidir le feidhmíocht a íocadh in 2016 i leith 2015). Níl ranníocaíochta pinsin fostóra san áireamh. Cuirtear asbhaint phinsin na seirbhíse poiblí i bhfeidhm d’fhostaithe GBCN.

Tuairisc ar Éifeachtúlacht Fuinnimh

Oibríonn GBCN i bhFoirgneamh an Státchiste ar Shráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2. In 2016, d’úsáid GBCN 2,057,410 kWh de leictreachas, arb ionann é agus 2,707 kWh a úsáid ar an meán in aghaidh an fhostaí. Cuirtear é sin i gcomparáid le 2,585 kWh a úsáid ar an meán in aghaidh an fhostaí in 2015 – méadú 5% in aghaidh an fhostaí i gcomparáid le figiúr 2015. Tharla an méadú sin ar an úsáid ar an meán in aghaidh an fhostaí in 2016 mar gheall ar laghdú ar mheánlíon na bhfostaithe i rith na bliana.

Tá Foirgneamh an Státchiste os cionn 25 bliain d'aois agus rátáil BER de “F” ar an meán aige. Cuireann sé sin le caillteanas fuinnimh trí dhéanamh an fhoirgnimh. Is é an tiarna talún a chuireann an t-aerchóiriú ar fáil san fhoirgneamh agus tá sé á chumhachtaí ag gás nádúrtha.

D'fheistigh an tiarna talún tras-seoltaí athraitheacha atá tíosach ar fhuinneamh ar na haonaid láimhseála aeir i bhFoirgneamh an Státchiste i rith 2016.

Tá sé aontaithe ag GBCN spás a léasú sna Duga Thuaidh i mBaile Átha Cliath ó dheireadh na bliana 2018. Tá an foirgneamh nua á thógáil agus é deartha chun rátáil Platanaim LEED 2009 agus caighdeáin rátála fuinnimh BER A3 a bhaint amach.